Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-27

Gluaiseacht

Bhí an leabhar seo le bheith faoi chaibidil ag Club Leabhar Chlub an Chonartha. Bhí sé léite fadó ó shin agam, cóip ceannaithe nuair a bhí an mac is sine ina dhéagóir. Ach nuair a bhí ar an déagóir reatha é a "dhéanamh" don teastas sóisearach, theip orainn é aimsiú san L-spás, agus b'éigean cóip nua a cheannach. Ní raibh an déagóir reatha tógtha leis. Ach bhí cúis spéisiúil acu leis sin. "Rinneadh" ar scoil é mar staidéar ar an scéal, agus le hoide nach raibh ró thógtha leis an leabhar ná leis an Titlíoch. (Cuireann a chleasaíocht focail daoine áirithe ó dhoras, ar ndóigh. Bhí mé féin patuar faoi ag tús.). B'fhearr go mór dar leis an déagóir an leabhar a scagadh trí lionsa an "chomhrá", eadhon, an comhrá atá an Titlíoch ag iarraidh spreagadh faoi teifigh. Tá gaois ansin dar liom, agus má tá sé le "déanamh" ar scoil, ba cheart don rang OSSP a bheith gafa leis seachas nó sa bhreis ar an rang Gaeilge. 

Tá an reacaire gan ainm sa scéal ag síor ghluaiseacht, á thiomáint ag fórsaí nach bhfuil smacht ná tuiscint orthu. Cuirtear, ag tús an scéil, ar triail ar uisce é chun an tobar atá achar maith ón sráidbhaile. Obair míchuí, dar leis, do bhuachaill, ach níl neart air. Ní castar na cailíní air ag an tobar - bhí eagla orthu faoina magadh siúd. Ní castar éinne air. Nuair a filleann sé, tá an sráidbhaile bánaithe roimhe, diomaite de chorp roinnt madra. A gcloigne pollta ag urchair.... 

Teitheann sé. Ach níl tearmann i ndán dó. Céim ar chéim, tríd lámha daoine, seoltar ar aghaidh chun na hEorpa é. An bás gar dó i dtólamh. Tógann cailín faoina cúram é, agus scuabtar an dís ar aghaidh. Scartar sa deireadh iad - níl an t-ádh riachtanach ag an reacaire. 

Is cinnte go bhfuil ábhar "comhrá" sa leabhar. Ní luaitear áit ar bith ann. Ní luaitear ainm le mórán gníomhaí ach oiread. Ní gá, mar is scéal uilíoch teifigh atá ann. Tá na heachtraí uilig tarlaithe, arís is arís - cé nach dócha gur tharla chuile ceann acu do dhuine aonair ar leith. 

Fágann Titley an cleasaíocht focail ar lár san leabhar seo, atá dírithe ar dhéagóirí. Tá an scéal soléite (ach gruama, rud a chuireann as an áireamh é mar scíthléitheoireacht, go pointe). Níl Titley i mbun seanmóireachta áfach. Taispeánann sé dúinn cad a tharlaíonn dá reacaire. Fúinne an bhreith agus an tuiscint. 

Mar a tharlaíonn, bhí mé ar thuras gnó agus dá réir ní raibh deis agam plé a dhéanamh ar an leabhar ag an gclub. Bheinn fiosrach faoi tuairimí daoine eile. 

Dúshlán mór ár linne san Eoraip plé ceart le teifigh. Atá ag gluaiseacht de dheasca iarmhairtí ár ngníomhartha, stairiúil - coilíneachas agus reatha - athrú aeráide agus tionscadail na hairm. 

Tá dualgas orainn. 
 



Alan Titley
An Gúm 
ISBN 13: 9781857917550