Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-19

Art Abú

Bhí an déagóir ar thaithí oibre leis an siopa leabhair, agus cuireadh an leabhar seo faoina mbráid lena mheas. Thapaigh mé féin an deis amharc air. Greannán. Scéal eachtrúil cineál áiféiseach - arrachtaí ag glacadh seilbh ar pháistí, ag baint feidhme as inneall iontach eolaí mire. Faigheann laoch an scéil an ceann is fearr orthu, áfach. 

Cuid de sraith ón Fhrainc a bhfuil Dalen Éireann i mbun Gaeilge a chuir air atá ann. An dream a bhfuil obair mhaith déanta acu roimhe ar Asterix agus Tintin.

Tá spraoi sa leabhar seo, agus taitníonn sé go mór liom go ndearna an t-aistritheoir Caitlín Nic Íomhair, ní hamháin aistriú ach logánú ar an scéal. Gaelscoil is ea Scoil na nArrachtaí, abair. Feictear dom gur aimsigh sí an réimse teanga cuí freisin, agus canúnachas nuair atá sé fóinteach. 

Bíonn sé dúshlánach Gaeilge a chuir ar ghreannán, toisc gur gá do na focail dul sna bearnaí sna bolgán cainte - gan a bheith ró fhada nó ró ghearr.

Trí leabhar atá foilsithe go dtí seo, dírithe measaim ar dhéagóirí óga (déagóirí sa chiall Gaeilge, eadhon 10+). Bheadh léitheoirí maithe níos óige in ann dul i ngleic leis freisin. Tá buntáiste sa ghreannán sa mhéad is go n-insíonn na pictiúir go leor den scéal.
 
 
 Tá súil agam go mbainfear pléisiúr astu! Tréaslaím le Dalen Éireann atá ag saothrú leo ag tabhairt a leithéid de seoda ní hamháin don nGaeilge ach do theanga mionlaithe eile in Iarthar Eorpa.
 
Art Abú – Scoil na nArrachtaí
Dalen Éireann
ISBN 13: 9781913573386