Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-16

An tír Moslamach í Éire?

Samhradh 1988. Osnabrück na Gearmáine. Monarcha Kromschröder. Déantóirí méadar gáis. Post samhraidh agam ann. Teagmhálacha an tseanleaid.

Briseadh. Comhrá fánach. Ceist ó fear beag feosaí ón Iúgslav. An tír Moslamach í Éire? Baineadh siar asam. Dubhiontas orm faoin aineolas, a shíl mé bheith sa cheist. Gan tuiscint agam fós ar a bhfad i gcéin agus imeallaí mo dhúchas ó lár na hEorpa.

An raibh aithne agam an uair úd ar Mhoslamach? N'fheadar. Bhí beirt (triúr b'fhéidir) ón Iaráin ar aon chúrsa ollscoile liom. Monuar, ní cuimhin liom a n-ainmneacha. Tá cuimhne agam ar aghaidh dhuine acu. Séimh. Glanbhearrtha. Cúthail. Ní dóigh liom gur phléigh muid cúrsaí creidimh riamh.

Ba sa mhonarcha in Osnabrück a casadh Selim orm. Teifeach ón Iaráic. Mac léinn, agus i measc na mic léinn eile a raibh post samhradh acu. Cairdiúil, gealgháireach. Rud beag níos sine ná an chuid eile againn. Mhúin eolas úsáideach dom - gur fearrde tae te chun tart a mhúchadh i mbrothall monarcha i lár an tsamhraidh. Ach níorbh Moslamach eisean, ach jezidi. Tá cuimhne fánach agam ar phlé éigin faoi sin. 

Dornán poist ó shin bhí cúpla comhghleacaí ón Ind agam, mo shaoiste ina measc. Moslamaigh. Lucht labhartha gujarati. Chleacht siad troscadh Ramadan. Dian go maith nuair a bhí an troscadh sin, ó fáir go fuin, le déanamh sa Mheitheamh. Dream gealgháireach séimh mar sin féin. Saoránacht Éireannach bainte amach acu, agus ag a gclann a rugadh abhus cibé. Ainneoin reifreann ghránna 2004. Ní dóigh liom gur phléamar cúrsaí creidimh mar sin féin. Agus tá an conair Éireannach leanta ag MustaAli ó shin. Dul go Meiriceá nuair a tháinig deireadh leis an bpost abhus! 

Ansin clár TG4 an na mallaibh. Céad míle fáilte. Bean óg de bhunadh na hIaráine. Gaeilgeoir líofa. Cainteoir muiníneach. Compordach ag caitheamh a caille. Theith a muintir. A leagan amach siadsan bun os cionn le creideamh an móraimh. (A seicteachas féin ag Ioslam mar atá ag Críostaíocht). Bás ag bagairt orthu. Tearmann Éire. 

An tír Moslamach í Éire? Ní hea. Le daoine agus pobail a bhaineann creideamh, ní le tír. Agus is fearrde Stát gan a bheith ró fite fuaite le hEaglais ná idé-eolaíocht. (Agus is fearrde eaglais san freisin). 

Ach an bhfuil Éireannaigh Moslamacha ann? Tá, gan amhras. Agus is fearrde muid iad inár measc. 

Insha' alla

Nó, mar a deireadh
muintir an Oileáin
'le cúnamh Dé'.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh