Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-21

Fógraíocht dhátheangach eiseamlárach



Mar is eol dóibh siúd a bhfuil aithne acu orm, tá an donas ormsa ag tabhairt fógraí ciotacha faoi ndeara, ag fonóid fúthu ar na meáin shóisialta, agus ag coinneáil na comhlachtaí poiblí agus foireann an Choimisinéara Teanga gnóthach le ríomhphoist gearáin.

Níl neart agam air. Galar gairme atá ann. Baineann m'obair lae le bheith ag scagadh cáipéisí agus cód ríomhaireachta, ag lorg agus ag díothú fabhtanna. Agus scór bliain caite agam leis an chineáil sin oibre, tá faobhar ar na húirnéis cuí. Dealg sa mbeo dom an leagan amscaí, nó go bhfóire Dia orm, an phraistriúchán. Geall le masla orm sin!

Ach le sé mhí anuas tá post nua agam. Tá na scileanna céanna fós in úsáid agam, ach táim ag freastal ar an oifig i nDún Laoghaire trí lá in aghaidh na seachtaine. Fágann sin gur minic mé ag fálróid sa cheantar, go háirithe os rud é go bhfuil mé anois, ar mhaithe le mo shláinte, ag siúl cuid den mbealach abhaile. Go hiondúil, bíonn deabhadh orm. 

Mar sin féin, beagnach ón gcéad lá, thug mé suntas do chruinneas agus cuannacht na fógra dhátheangacha a chonaic mé ar mo shiúlta. Mhol mé cúpla sampla ar na meáin shóisialta fiú! 

Roinnt seachtainí ó shin áfach, tháinig an barraíocht caife a d'ól mé (comhartha eile aoise) idir mé agus codladh go headra. Bhí mé i mo shuí roimh an ngrian. Bhí socrú déanta agam freastal ar Aifreann agus faoistin um a deich i mBóthar Mhuirfean. Seachas suí thart sa mbaile go dtí am bus, bheartaigh mé imeacht níos luaithe agus sciar den mbealach a shiúl. Thóg mé bus go dtí Na Clocha Liatha agus Dart chomh fada le Cill Iníon Léinín. Uaidh sin shiúl mé ag cois cósta chomh fada le Dún Laoghaire, níos réidhe ná mar a shiúlaim ar lá oibre. Ní raibh deabhadh orm, neart ama le stop is amharc, agus cuid den Ché Thoir a shiúl roimh Dart eile a fháil. 

Fán mbealach thug mé suntas don iliomad fógra rabhaidh agus eolais. An Ghaeilge orthu soiléir soléite, sa dóigh is go raibh mé in ann neamhaird a dhéanamh ar an mBéarla toisc go raibh an téacs Gaeilge chomh mór céanna agus dath ar leith air. Agus ansin ar an Ché Thoir bhí fógraí galánta miotail agus na tréithe céanna bainteach leo. Pléisiúr! 

Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin atá freagrach as cuir i bhfeidhm an Achta, agus fuair mé amach, de bharr comhrá ar Twitter, gur Conchúr Ó Sé an t-oifigeach Gaeilge. 

Obair foirne agus tacaíocht na bainistíochta atá ina leithéid, ar ndóigh. Ach molann an obair an fear. 

Obair fhóinteach. Ar ndóigh, bhí Dún Laoghaire i dtús cadhnaíochta ag athsealbhú a n-ainm dúchasach. Is maith go bhfuil an meon fós beo!