Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Dún Laoghaire werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Dún Laoghaire werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-04-21

Fógraíocht dhátheangach eiseamlárach



Mar is eol dóibh siúd a bhfuil aithne acu orm, tá an donas ormsa ag tabhairt fógraí ciotacha faoi ndeara, ag fonóid fúthu ar na meáin shóisialta, agus ag coinneáil na comhlachtaí poiblí agus foireann an Choimisinéara Teanga gnóthach le ríomhphoist gearáin.

Níl neart agam air. Galar gairme atá ann. Baineann m'obair lae le bheith ag scagadh cáipéisí agus cód ríomhaireachta, ag lorg agus ag díothú fabhtanna. Agus scór bliain caite agam leis an chineáil sin oibre, tá faobhar ar na húirnéis cuí. Dealg sa mbeo dom an leagan amscaí, nó go bhfóire Dia orm, an phraistriúchán. Geall le masla orm sin!

Ach le sé mhí anuas tá post nua agam. Tá na scileanna céanna fós in úsáid agam, ach táim ag freastal ar an oifig i nDún Laoghaire trí lá in aghaidh na seachtaine. Fágann sin gur minic mé ag fálróid sa cheantar, go háirithe os rud é go bhfuil mé anois, ar mhaithe le mo shláinte, ag siúl cuid den mbealach abhaile. Go hiondúil, bíonn deabhadh orm. 

Mar sin féin, beagnach ón gcéad lá, thug mé suntas do chruinneas agus cuannacht na fógra dhátheangacha a chonaic mé ar mo shiúlta. Mhol mé cúpla sampla ar na meáin shóisialta fiú! 

Roinnt seachtainí ó shin áfach, tháinig an barraíocht caife a d'ól mé (comhartha eile aoise) idir mé agus codladh go headra. Bhí mé i mo shuí roimh an ngrian. Bhí socrú déanta agam freastal ar Aifreann agus faoistin um a deich i mBóthar Mhuirfean. Seachas suí thart sa mbaile go dtí am bus, bheartaigh mé imeacht níos luaithe agus sciar den mbealach a shiúl. Thóg mé bus go dtí Na Clocha Liatha agus Dart chomh fada le Cill Iníon Léinín. Uaidh sin shiúl mé ag cois cósta chomh fada le Dún Laoghaire, níos réidhe ná mar a shiúlaim ar lá oibre. Ní raibh deabhadh orm, neart ama le stop is amharc, agus cuid den Ché Thoir a shiúl roimh Dart eile a fháil. 

Fán mbealach thug mé suntas don iliomad fógra rabhaidh agus eolais. An Ghaeilge orthu soiléir soléite, sa dóigh is go raibh mé in ann neamhaird a dhéanamh ar an mBéarla toisc go raibh an téacs Gaeilge chomh mór céanna agus dath ar leith air. Agus ansin ar an Ché Thoir bhí fógraí galánta miotail agus na tréithe céanna bainteach leo. Pléisiúr! 

Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin atá freagrach as cuir i bhfeidhm an Achta, agus fuair mé amach, de bharr comhrá ar Twitter, gur Conchúr Ó Sé an t-oifigeach Gaeilge. 

Obair foirne agus tacaíocht na bainistíochta atá ina leithéid, ar ndóigh. Ach molann an obair an fear. 

Obair fhóinteach. Ar ndóigh, bhí Dún Laoghaire i dtús cadhnaíochta ag athsealbhú a n-ainm dúchasach. Is maith go bhfuil an meon fós beo! 

2013-09-07

Ó Chuan go Sliabh

Bhí mé ag ócáid de chuid IMRAM mar pháirt d'Fhéile Litríochta Dún Laoghaire ar an gCéadaoin.  In san Iarsmalann Muirí atá lonnaithe in sean Eaglais a bhí an ócáid- suíomh thar a bheith feiliúnach don bhféasta filíochta agus ceoil a cuireadh romhainn. 

Is é Liam Ó Muirthile a chun tús leis an ócáid, ag léamh as a chnuasach An Fuíoll Feá.  Bhí rogha na bhfilí ar fad bainteach leis an téama "Cuan agus Sliabh", a d'eascair as ainm an fhéile (meas sibh an bhfuil teachtaireacht sa mhéid is go raibh an teideal Gaeilge droim ar ais leis an dteideal Béarla?) Bhí tionlacan ceoil Colm Mhic Con Iomaire agus íomhánna teilgthe Margaret Lonergan ag na filí ar fad freisin.

Bhí Colm ag seinm ar an ngiotár agus an veidhlín - agus bhí tacaíocht aige a chuid cleasa teicneolaíochtaí - an Recession Quartet - aige freisin. Chruthaigh sé muir siansach a d'iompar agus a d'ardaigh reacaireacht an bhfilí, ag treisiú a bhfocail. 

Mar chuid dá chuir i láthair, rinne Liam Carson cuir síos ar Margaret Lonergan mar fhile físe agus m'anam is fíor dó. Bhí rogha iontach íomhánna mara agus sléibhe roghnaithe aici mar chúlra teilgthe don reacaireacht - agus focail an méid a bhí a rá le léamh orthu. 

Is cuimhin liom gur oscail Liam Ó Muirthile leis an ndán Eitilt - dán a mhúscail cumha ionam mar gurbh i gcuimhne Nuala Nic Con Iomaire a scríobhadh é. Bhí scata dán bhreá eile aige, macallaí sliabh is cuan iontu. Is cuimhin liom go háirithe an dán Úsc a mhúscail cuimhní láidre sléibhe ionam agus é ag cur síos ar an dóigh a chuaigh siúlóirí i bhfostú sa bhogach sléibhe, bogach atá coitianta i gCill Mhantáin agus gurbh dlúthchuid de thaithí siúlóirí ann é. 

Lean an file Béarla Gerard Fanning Liam. Ní mór dom admháil nach ndeachaigh sé i bhfeidhm chomh mór sin orm - is annamh mé ag léamh ná ag éisteacht le filíocht Béarla agus níor mhúscail a chuid reacaireachta aon mhacallaí ionam.

Seal Lorcán S. Ó Treasaigh a bhí ann ansin. Admhaím go raibh amhras orm faoin rogha sin - tá Céard é English? léite agam agus níor bhain mé an oiread sin taitneamh as. Ach is rud eile ar fad é éisteacht le údar ag léamh sleachta as a shaothar, ceol a ghutha ag leagann béim ar na mothúcháin, ag léiriú an scéil ar dhóigh nua. Tá fonn anois orm Cnoc na Lobhar a léamh! Mhúscail na sleachta a roghnaigh sé bá lena chuid charachtair, iontas, fiosracht ... Agus, is friotail fileata a bhí sa phrós aige, ar a laghad sna sleachta roghnaithe. Is dócha go raibh mé dall ar sin agus mé ag léamh scéil seachas ag éisteacht le reacaire agus mé i ngleic lena úrscéalta. 

B'í Katie Donovan an file deireanach don oíche. Filíocht Béarla arís, ach an uair seo theagmhaigh sí liom. Colainn agus áit láidir ina cuid filíochta. Píosa álainn aici faoi bheith amuigh lena hiníon óg, iníon óg a bhí díbeartha seal de bharr naíonán nuabheirthe, agus an pléisiúr simplí ionraic a bhain sí as a Mamaí a bheith aici di féin arís seal, eachtraí simplí siúlóide, barróg agus croí istigh. Dán eile ar gheal le hiomann molta é ar a áit cónaithe - Deilginis, nó gar dó sílim - áit chaoin idir Chuan is Sliabh. Dán faoi oilithreacht a rinne sí go Cnoc na Riabh áit a bhfuil uaigh Méabha más fíor. Thagair sí don traidisiúin (nach raibh cloiste agam) go raibh mún láidir ag Méabh, agus é ar a cumas abhainn a chruthú. Cíos múin a d'fhág sí dá réir ar an gcnoc. (Dúirt sí nach raibh sí a mholadh áfach!). Colainn, log, seanchas - agus filíocht fuinte astu.

Idir na filí, chan Máire Ní Choilm amhráin sean nóis. Líon a guth an spás gan stró, agus arís bhí comhcheoil de chineál idir íomhánna Margaret agus na hamhráin a bhí a cheoil ag Máire. Bhí Gaeilge ag mórchuid dá raibh is láthair, agus ceoil ag scata - mar sin bhí tionlacan aici do na curfánna, tionlacan a spreag agus a mheall sí. Chuir sí clabhsúr leis an oíche le Trasna na dTonnta, agus aoinne a  raibh ceol acu ag tacú léi. (Níl agamsa)

Ócáid den scoth atá ann, agus tréaslaím le lucht an bhféile agus le Liam Carson as IMRAM as óiad thaitneamhach eile a sholáthar. Gura fada buan iad, agus na filí!