Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-20

Inis Eoghain: subhach, síoch, sách.


Thug an mac is sine an déagóir leis chun na Cróite thar deireadh seachtaine na Cásca. Thug sé sin scóip do mo nuachar agus dom féin roinnt só agus sómais a bhlaiseadh. Cineál de thaisme chuir mise áit in Rinn Uí Choigligh in áirithint. Sé an chaoi go mbímid araon inár ndúiseacht i lár na hoíche, ag amanta éagsúla. Bíonn an fóin le hais na leapain aici, ní bhíonn agamsa. Ach uaireanta nuair a bhím i mo lán dhúiseacht sleamhnaím go ciúin fáilí síos staighre chun gan bheith ag cur as di agus casadh siar is aniar sa leaba. Babhta léitheoireachta agus ar ais a luí, go hiondúil. Cibé, oíche amháin bhí sí tar éis nasc Air BnB a sheoladh chugam. Le plé. Shíl mise go raibh sé le cuir in áirithint, agus rinne! (Toisc go bhfuil mo ghuthán as Gaeilge - Samsung - labhraíonn Airbnb Gaeilge liom. Níor thuig mé go raibh teachtaireachtaí an óstaigh a aistriú, bhí cuma maith orthu. Shíl mé Gaeilge a bheith acu. Ní raibh, agus chlis ar an aip Béarla a chuir ar Míle Buíochas. Rud éigin faoi monthly a léigh sé. Lean mearbhall...)

Bhí Aoine an Chéasta saor againn, agus thugamar an bóthar ó thuaidh orainn féin. Murab ionann agus mise, tá tiomáint ag mo nuachar, agus baineann sí sult as. Ó tharla taithí a bheith aici ar cheantar an teorainn - de barr go seinneann sí le Ceolfhoireann Traidisiúnta Oirialla - bíonn sí ann go minic agus taithí aici ar bhialanna maithe. Mhol sí cumann gailf gar do Bhaile na Lorgain don lón.

An Radharc is ainm dó, agus tá radharc iontach thar loch i measc na droimlíní uaidh. Bhí an béile blasta - agus cé gur lá troscadh agus tréanas a bhí ann, bhain mé pléisiúr as curaí glasraí Meánmhara, agus Uta as iasc agus sceallóga. An t-aon locht a bhí agam air ná gur mhothaigh mé go raibh barraíocht oinniúin dearga ann, agus an rud is fíor annamh dom a dhéanamh, bhog mé sciar acu go imeall mo phláta. (Tá an col is dual do leanbh as muirir mhór agam le bia a fhágáil gan ithe!).

Toisc gurb Aoine an Chéasta a bhí ann, bhí mé ag iarraidh freastal ar an searmanas eaglasta don lá, a bhíonn go hiondúil um a trí. 

Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair. Agus timpeall an naoú huair, d'éigh Íosa de ghlór ard: “Élí, Élí, lamá sabachtání?” is é sin le rá: “A Dhia, a Dhia, cén fáth ar thréig tú mé?”

Ba léir nach mbeadh ceann scríbe bainte amach againn faoi sin, mar sin chuaigh mé i gcomhairle le Google agus shocraigh aghaidh a thabhairt ar Ardeaglais Macartan i Muineachán. Bhíomar ann tamall maith roimh an trí ach bhí na céadta ag tarraingt ar an Ardeaglais agus cé go raibh sé mór, bhí sé nach mór chomh lán agus is cuimhin liom eaglaisí a bheith le linn m'óige. Ní raibh sé chomh lán leis an Eaglais sa Pholainn ina raibh mé Aoine an Chéasta 1996 — ansiúd bhí ar gach duine a bhí ag seasamh, agus bhí neart, dul ar na glúine le chéile agus éirí le chéile! (Bíonn go leor de sin le linn searmanas Aoine an Chéasta). 

Bhain muid ceann scríbe amach faoi dheireadh - bhí trácht trom ar an A5 i Tír Eoghain agus Doire, agus tar éis comhairle Google a leanacht uair amháin agus dul síos cúlbhóthar cúng ag iarraidh an trácht a sheachaint, mheas muid gurb den críonnacht é cloí leis an mbóthar mór. Chuir Trish agus Gary fáilte croíúil romhainn chun a dteach aíochta. Bhí ocras bóthair orainn agus (monuar, ar lá troscadh) ghlacamar le fonn lena moladh proinn a chaitheamh san Point Inn a bhí nach mór béal dorais. Bia deas simplí folláin. Bhí bradán agam féin. Ní cuimhin liom go baileach cad a bhí aici féin, ach bhí sí sásta leis.

Bhí an seomra breá fairsing agus an seomra folctha beagnach chomh mór leis! Chuamar a luí sách luath chun tuirse an bhóthair a chuir dínn. 

Maidin Sathairn bhí bricfeasta blasta againn, simplí úr. Ispíní, bagún ach seachas ubh friochta uibheagán le cúpla rud tríd - beacáin, agus araile. Iontach blasta. Arán úr agus caife maith. Comhairle leis an bproinn. Bhí fonn siúlóide ormsa agus roinnt oibre ar cheol le déanamh ag mo nuachar. Chuaigh mé ag siúl ar Srúibh Bhrain. Dlitear a bhlagmhír féin don siúlóid. Fad is a bhí mise ag siúil bhí Uta i mbun oibre i bproinnteach an Chumann gailf sa Chaisleán Nua. Baile fearainn leis an t-ainm iontach Baile bó déag. Táim cinnte go bhfuil scéal ansin... 
D'fhilleamar ar an lóistín ansin seachas gur thug mé féin cuairt ar eaglais Cholm Cille i nDrong. Bhí fúm siúl as sin chuig an lóistín. Bhí gualainn crua leathan ar an bpríomhbhóthar i dtosach agus siúl maith go leor air. Nuair a tháinig deireadh leis áfach thug mé na cúlbhóithre agus an cnoc orm féin. Bhí comharthaí an Earraigh flúirseach - sabhaircíní faoi bhláth agus méileach uain. Cothrom lae ár bpósta a bhí ann, agus meabhraíonn an dá rud sin ár mí na meala in iarthar Dhuibhneach dom i gcónaí. 
Bhí bord curtha in áirithe agam sa Point Inn, agus ba mhithid mar d'fhág an deireadh seachtaine fada go raibh siad gnóthach. Mairteoil blasta a bhí agam an uair seo, é mín blasta. Leiceann mairteola a bhí aici féin, ach beagán díomá uirthi - cé go raibh sé mín, bhí níos mó blonag tríd ná mar a shíl sí go mbeadh. Mar sin féin bhíomar sásta go maith. 

D'fhilleamar ar an lóistín agus só an tobán te lasmuigh... Dhíbir gaoth feanntach timpeall na cluasa muid faoi dheireadh, sula rabhamar seargtha go hiomlán ag teas agus sáile an uisce. 

Chuireamar clabhsúr leis an lá le fíon sú craoibhe Móinéir, measctha le Prosecco. 

Maidin Domhnaigh d'éist muid Aifreann i Maigh. Ansin thugamar cuairt ar chomhghleacaí le Uta. Chinn air lóistín iníoctha a aimsiú i mBaile Átha Cliath, agus ó tharla nach gá do bheith san oifig ach uair sa mhí, is acmhainn dó cianobair as Inis Eoghain. Tá cónaí air anois i dteach a bhí ina theach saoire tráth in áit bunaithe ag dream creidmheach. Ionad IOSAS i nDoire Mheathán

Tá gairdín machnaimh deas ann, macasamhail de foirgnimh ó ré na gcéilí Dé scaipthe thart. Bhí an séipéilín le gloine daite ag léiriú naomh ré órga Éirinn dúnta faraor.
B'ait liom gan focal de theanga na Naomh úd a fheiceáil...

Déanann an complacht cúram freisin de dhaoine atá ag teacht chucu féin ó andúil. Tá feirm orgánach agus proinnteach ar an láthair. Bhí lón curtha in áirithe ann ag comhghleacaí Uta. Béile ar leith don gCáisc á dháileadh. Rogha, ach uaineoil san áireamh. B'shin a d'itheamar. Glasraí úra leis. Meacan bán a leáigh ar an dteanga. Thar a bheith blasta. 

Ní raibh an aimsir ró iontach. Bhí fonn ormsa Ceann Mhálainn a fheiceáil. Ní raibh fonn ar Uta suí ar feadh an lae i gcarr, ach bhí fáilte roimh chomhluadar ag Sven. Mar sin chuaigh mise agus eisean ar camchuairt agus Uta ar ais don lóistín chun ceoil agus oibre. 

An timpeall a chuamar, cúlbhóithre agus dea radhairc. 
 

Trá na Cúig Méar. Ó thuaidh ar chaol bhóithre cama. Go sceirdiúlacht Chionn Mhálanna. Rinne mé píosa gairid siúl ann, ag glanadh na scamhóga le gaoth láidir mara. 
D'fhilleamar ansin chun Uta a bhailiú agus dul don dinnéar san Treehouse i Maigh. 
Béile blasta arís. Curaí a bhí agam féin. Agus chabhdar. 

Ansin ar ais son lóistín. Bhí roinnt den fhíon fágtha.... 

Lá arna mhárach bhí sé in am filleadh. Bhí achrann tuartha do Dhoire agus drogall ar Uta filleadh tríd na Sé Chontae. Bóthar Shligigh a thugamar orainn féin. Moladh lóin faighte againn ó Trish. Agus foláireamh glaoch chun boird a chuir in áirithint. Eithna's By the Sea sa Mhullach Mór. Bia mara den gcéad scoth. Chabhdar agus gratin iasc a bhí agam féin. Diúilicíní ag Uta. 

Athneartú don mbóthar abhaile. 


Deireadh seachtaine iontach pléisiúrtha. Neart bia den scoth. Só agus sómas. Déanfar arís é!