Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-14

Ceist na gCalarméin


Spreagtha ag leabharmheas Eoin Ó Murchú ar an Capall agus a Ghiolla.

Is maith liom C. S. Lewis. Ach is fear dá aicme, dá ré agus dá threibh é, agus níl sé saor ó chlaonta. Is fabhalscéalta Críostaí iad scéalta Narnia, cé nach gá iad a léamh mar sin. (Agus ní sin léamh Antain Mhic Lochlainn orthu, gan amhras).

Tá go leor plé déanta ar Cheist Susan - an ceathrú duine de Chlann Pensenvie. Sa leabhar deireanach, An Chath Deireadh, deirtear nach "cara le Narnia feasta í", é le tuiscint go bhfuil sí meallta ag miangas an tsaoil. Is iomaí léamh ar a scéal, agus is cosúil go ndúirt Lewis féin nach raibh ar a chumas a scéal a scríobh i gceart - le tuiscint nach raibh sí damnaithe go hiomlán aige. (Rinne Neil Gaiman scéal dorcha as nach raibh mé in ann meabhair a bhaint as).

Mura bhfuil dul amú orm, tá ceist na gCalarméin luaite ina réamhrá ag Antain (níl an leabhar le lámh anois agam). Is i dtír na gCalarméin atá insint An Capall agus a Ghiolla lonnaithe don gcuid is mó. Tarlaíonn an scéal le linn do na ceathrar Pensevie a bheith i gcoróin i Narnia i ndiaidh dóibh an Bandraoi a chloí. Tá cosúlachtaí go leor idir na Calarméin agus na hArabaigh feodacha. Ríocht mór fairsing. Codarsnacht idir é agus tír bheag saor Narnia agus an tír beag eile sa scéal (nach bhfuil a ainm ag teacht liom agus é seo a bhreacadh ar bhus.)

Narnia tír na saoirse agus laochra an scéil ag iarraidh éalú chuige. Rí dhamhna na Calarméine ag iarraidh seilbh ar ais nó ar éigin a fháil ar na tíortha beaga. 

Cruálach sotalach atá uasaicme na Calarméine san insint, agus sleamhain glic fealltach an chosmhuintir. An eile naimhdeach. Tá na cosúlachtaí le dearcadh na nEorpach ar impireacht na Tuirce follasach.

Luaitear na Calarméin go tánaisteach i Turas siúlóir na camhaoire, agus tá siad lárnach sa Chath Deireadh. Tá pearsa uasal Calarméineach sa scéal sin, ach shílfeá go bhfuil sé sin féin ag treisiú na claontuairimí.

Níl fhios agam cad é an dóigh ceart plé lena leithéid sa litríocht. Is dócha nach bhfuil éalú uaidh, mar tá namhad de dhíth ar aon laoch, agus más ar thaobh na saoirse agus na gile atá an laoch ní mór don namhaid bheith ar thaobh na daoirse agus an dorchadais. 

Is dócha áfach gur comhartha maith é go mothaím míchompord. 

Agus sin mo racht go n-uige seo.