Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-11

Introibo ad altare Behani


Tá marbhna fuaime agus físe cruthaithe ag Patrick Mc Cabe do MoLI i gcuimhne ar Breandán Ó Beacháin. Na focail roghnaithe as saothair Behan, eachtraí a shaol agus as saothair le Patrick Kavanagh - go háirithe an dán Fr Mat. Tá mar a bheadh agallamh achrannach beirte idir Kavanagh agus Behan faoin mBé agus an tinfeadh - mar a bhí acu i dtábhairní na cathrach sách minic más fíor. Tugann liotúirge Laidine na hEaglaise fráma don rud ar fad, agus baintear úsáid éifeachtach freisin as an (sean) Chaiticiosma agus teidil roinnt de phaimfléad bladhmannacha an CTS. Glacaim leis go raibh neart tagairtí idirtéacsúla eile ann a chuaigh amú ormsa. Bhí a nuachar Beatrice, cairde leis agus lucht agallamh le clos. Tá sé luaite sa bhileog go bhfuil ábhar cartlainne fite tríd an aisteoireacht ghutha - bhí sé déanta chomh maith sin nárbh léir domsa céard a tháinig as cén fhoinse. 

Bhí mír amháin, mar shampla, tógtha thart ar líníocht Rembrandt - Na trí Cros. 
B'údar sásamh dom é go bhfuair filíocht Ghaeilge Behan a cheart, maille amhrán sean nóis a mheabhraigh a sheal thiar i gConamara. 
Tá lón machnaimh ann ar bhladhm an tinfeadh ann, agus an céasadh a bhain le luaithreach fuar a bheith déanta as. 

Admhaím, mar phápaire, nach raibh mé iomlán compordach le húsáid urnaí shollúnta na hEaglaise ar bhealach a tháinig gar don diamhasla uair nó dhó - ach ní mór a rá go ndearna Behan a chion féin de sin, freisin. Agus tá dhá chiall le Holy Hour an teidil - rud a mínítear sa réamhrá. Liotúirge eaglasta, agus tréimhse ina raibh sé d'fhiacha ar thábhairní dúnadh sa tráthnóna, rud a chuir as do phótairí - a raibh Behan ina measc ró mhinic. 

Tá an taispeántas ar bun i seomra san iarsmalann, atá tumtha i solas corcra don ócáid. Ar bhinsí eaglaise atá an lucht féachana ina suí. Mar a bheadh altóir rompu le busta den mBeachánach air idir dhá choinnleoir. Triptic de scáileán thart ar ar a teilgtear íomhánna agus focail (leaganacha Béarla dá dhánta Gaeilge ina measc, Gaeilge ar thaobh amháin, Béarla ar an dtaobh eile. An Ghaeilge in uachtar san fhuaim.) 

Tá an taispeántas le feiceáil go dtí deireadh Mhí Dheireadh Fómhair. Is fiú é a fheiceáil. Seans go rachaidh mé féin arís - leis an t-saibhreas ann, táim cinnte go mbainfinn níos mó as ar an athchlos. 

Patrick Mc Cabe 
MoLI 
Faiche Stiabhna