Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-09

Leabharlanna, cinsireacht agus déagóirí

Naitsíthe i Berlin ag dó leabhair, Bealtaine 1933

Das war ein Vorspiel nur, dort wo man Bücher
Verbrennt, verbrennt man auch am Ende Menschen.

Heinrich Heine
Almansor

Ní raibh ansin ach réamhrá, san áit a dóitear leabhair
Dóitear daoine faoi dheireadh. 

Spreagtha ag alt Alex Hijmans i Tuairisc.ie. 

Is creidmheach mé. Táim caomhach i gcúrsaí collaíochta. Is tuismitheoir mé. Tuigim imní tuismitheora. Bhí mé ag iarraidh súil a choimeád ar an méid a léigh mo chlann. Tuigim go mbeadh tuismitheoirí áirithe imníoch go mbeadh a gclann ag léamh ábhar nach dtaitneodh leo. 

Ach ní hé an bealach ceart póilíní a dhéanamh as leabharlannaithe. Tuigim do leabharlannaí a éilíonn síniú tuismitheora chun iad féin a chosaint ar lucht agóide eagraithe. 

Tá amhras domhain orm faoin lucht agóide céanna. Ní le lámh láidir a chuirtear síol an chreideamh, go rathúil. Is fíor gur déanadh a leithéid go minic go stairiúil, agus go ndéantar inniu féin. Ach ní chun leasa éinne sin. 

Qui in nomine Ecclesiae caritatem exercitat, numquam conabitur aliis fidem Ecclesiae iniungere. 
Benedict XVI 

Ní déanfaidh siadsan atá i mbun carthanais ar son na hEaglaise riamh iarracht creideamh na hEaglaise a bhrú ar dhaoine. 

Admhaím, go háirithe in Éirinn, nár cloíodh leis an teagasc "Mol, ná brúigh". Ach tá sé follasach anois gur teip ar ghach bealach a d'eascair as sin. Pobal a bhí "caiticéisithe seachas soiscéalaithe" mar a dúirt Ard-Easpag Átha Cliath Diarmuid Martin. Ag leanúint rialacha gan tuiscint. Rud a d'fhág gur thit an tóin as cúrsaí nuair a chaill an chléir údarás de dheasca gníomhartha fill cuid dá mbaill agus an tsúil caoch nó níos measa an sciath chosanta a thug an cliarlathas do na fealltóirí. 

Ní i bhfolús a chuirtear tuiscint Críostaí ar chollaíocht agus atáirgeadh i gcrích. Baineann sé leis an Chríostaíocht mar chaidreamh seirce idir an duine agus pearsan - Dia. Iarmhairt ar sin tuiscint ar nádúr daonna, ar ghné de an chollaíocht agus an cineál. 

Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin, ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é. Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad.

Tá an dioscúrsa reatha binbeach toisc nach bhfuil talamh coiteann ann idir an dá thaobh. Tá dhá thuiscint an éagsúil ar nádúr an duine i gceist, agus gan comhthuiscint ní féidir teacht ar chomhréiteach. 

Feictear dom freisin go bhfuil dreamanna éagsúla ag saighdeadh faoi na cogaí cultúir, ba da gcuid féin á chur thar abhainn acu. Muid in adharca a chéile agus daoine leochaileacha ag fulaingt. Ach rotha Mór an rachmais fós ag casadh, ag saibhriú an bheagán agus ag daibhriú an mórán. Agus an domhan trí thine. 

Tá tuismitheoirí agus déagóirí araon á scuabadh ag na gaoithe feanntacha seo. A clann a chosaint chun go mbainfidh siad sonas amach mian tuismitheora. Tá líne tanaí le siúl idir cosaint agus plúchadh. Uair éigin caithfear an scafall a scaoileadh nó is aimhleas an páiste a dhéanfar. Caithfidh an duine teacht in inmhe. 

Maidir le seachadadh luachanna agus an chreideamh, bhíodh iar shagart paróiste Bhré, John O Connell, beannacht Dé lena anam, ceanúil ar nath a luaigh sé féin le San Proinsias - "Teagasc Dia i gcónaí. Úsáid briathra nuair is gá". 

Sampla atá de dhíth. Ní síolteagasc agus rialacha gan comhthéacs. Oscailteacht. Meas ar an nduine óg. Léiriú don duine óg gur cás leat a leas. Do sheasamh a mhíniú. É seo i gcoibhneas le haois an linbh agus forbairt a thuisceana, gan amhras. Rud a déantar céim ar chéim. 

Táim imithe ar strae ó alt Alex cuid mhaith. Aontaím leis go bhfuil leabhair agus leabharlanna tábhachtach i forbairt an duine, a fhéiniúlacht agus a thuiscint. Tá na smaointe in iomaíocht le chéile. B'fhearr liom mo leanbh a bheith ag léamh leabhair atá, ar a laghad, imithe tríd lámha eagarthóra, foilsitheora agus roghnaithe ag leabharlannaí - seachas a bheith taobh le leaththuiscint ráflaí clós scoile agus idirlín. 

Tá an saol dúshlánach. Ach ní féidir balla cosanta a thógáil thart ar do chlann. Caithfear iad a chumasú chun dul i ngleic leis an saol, muinín agus féin tuiscint a spreagadh iontu. 

Agus is comhghuaillí sa chás sin leabharlannaí tuisceanach.