Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-14

Cín lae fánaí naofa

 
 
Idir dhá Nollaig a léigh mé an athinsint seo ag Diarmuid Johnson ar shaol Ceallach, compánach Columbán a d'fhan taobh abhus de na hAlpa agus a bhunaigh an mainistir ar a dtugtar Sankt Gallen anois, ainm eile ar Ceallach is ea Gall, is cosúil. 

Dialann atá ann, aistir Cholumbáin agus a chompánaigh ó Éirinn, ar an bhóchna go dtí an Fhrainc le headarlúid i gCymry. A misean thall agus mar ar éirigh idir Columbán is Rí Theuderic. Díbirt agus anró, filleadh ar bhealach eile, aistir ó dheas arís tríd críocha págánacha. Tearmann seal cois Alp. Uafás a thugann ar Cholumbán na hAlp a thrasnú. Achrann idir é agus Ceallach nach mian leis dul ar aghaidh. Ceangal dian dá bharr gearrtha ag Columbán ar Cheallach - gan Aifreann a rá fad ba bheo dó Cholumbán. (Ní thuigim an raic eatarthu - bhí Ceallach tinn. Ach bhí na Céilí Dé thar a bheith dian ar an gcolainn). 

An rud ar fad inste trí shúile Ceallaigh ag Diarmuid Johnson i bhfriotal ceolmhar fileata. (Ábhar closleabhar den scoth na leabhair de chuid Diarmuid atá foilsithe ag Leabhar Breac. Tuigtear dom go bhfuil a leithéid ar na bacáin acu.). 

Leabhar snasta cuanna freisin, mar is dual do Leabhar Breac. Seoid eile i mo L-spás. 


Diarmuid Johnson
ISBN 978-1-913814-25-0