Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-10

Damnú air, bhí sé thar na bearta ar fad.


Seo chugainn arís laoch Kíor Tuathail, Fabio Montale. Droim láimhe tugtha aige leis an bpóilíneacht le teann col ar an éagóir agus - thar aon rud eile - an chiníochas. É ina chadhain aonair ceart. Lole, grá a óige, tar éis bailiú léi arís. Iad araon ró neamhspleách do teaghlachas. Ní banaí baileach é Montale, tá urraim aige dá leannáin, ach tá sé ró neamhspleách do saol teaghlaigh. 

Tarraingítear ar ais i saol na bleachtaireachta é nuair a thagann a chol ceathrar - bean eile dá dtug sé gean - chuige ag achainí air a mac a aimsiú, atá ar strae i Marseille. Leanann tóraíocht lán castacht agus foréigin. 

Sruth comhfheasa Montale a fhaighimid. Chomh maith lena smaointe ar atá ag tarlú agus a chúiseanna, faighimid léargas ar a rogha bia agus dí agus mná. Chuirfeadh an cuir síos ar oidis uisce le d'fhiacla! 

Machnamh, macnas, miangas, táid uilig anseo. Taitníonn Montale liom. Ionraic, frith chiníoch, ach dorchadas ann freisin - tig leis fuath a thabhairt chomh paiseanta céanna le searc. Blaisimid é seo uilig i scéinséir den scoth. Le deireadh sásúil. 

Abairt deiridh an leabhair teideal an mhír seo, agus mo mheas ar an leabhar. 

Tréaslaím a cuid oibre le Bernadette Nic an tSaoir. Níl fhios agam an rogha comhfhiosach canúint Muimhneach a chuir ar fear ó deisceart na Fraince, ach measaim go bhfuil sé fóirsteanach - ba dheacair caint chaighdeánach a shamhlú le Montale. 

Níl ag déanamh imní dom anois ach go mbeidh fanacht fada romhainn arís don dtríú gála. 


Siúrmó
Jean-Claude Izzo 
Aistrithe ag Bernadette Nic an tSaoir.