2007-09-01

Éire daor, geal agus saolta?

Bhíodh mana ann roinnt blianta ó shin "Éire saor, Críostaí agus gaelach".Is cosúil go bhfuil mana eile anois ann, "Éire daor, geal agus saolta"

An Chéad Bheart:
Conor "Kebab" Lenihan, (an tAire Stáit um Imeascadh, murar mhiste leat), ag fógairt go raibh an lán-cheart ag cúl taca na nGardaí cead a cheannbheart a chaitheamh a dhiúltú do Síc. Beart ar aon dul le muiceoil a bhrú ar Ghiúdach, nó Aifreann Domhnaigh a chosc ar Chaitliceach, sé sin, iachall a chuir air bun riail dá chreideamh a shárú. Ní raibh de rogha ag an fear ach tarraingt siar.

An Dara Beart:
An Roinn Dlí agus Cirt ag cur litreacha chuig thart ar míle lánúin, arbh as an AE (seachas Éire) duine acu, agus as lasmuigh den AE don duine eile, ag bagairt an duine nárbh as an AE dóibh a dhíbirt toisc gan tréimhse a bheith caite go dleathach i dtír eile de chuid an Aontais acu agus iad pósta. Má tá an lánúin a luadh san Irish Times dé hAoine ionadaíoch ar fiú cuid bheag den dream a fuair litreacha, scannal is ea é. Polannach ise, ón Ind eisean. Bhuail siad le chéile anseo, agus phós siad anseo, agus anois tá gasúr ar an mbealach agus eisean i mbaol a dhíbeartha.

An Treas Beart:
Siad altraí Fhilipíneacha féitheoga an chóráis sláinte, cuid mór. Ach léigh mé (san Irish Catholic) go mbíonn roinnt deacrachtaí acu. Bíonn sé deacair orthu an teaghlach a thabhairt leo. Fiú má éiríonn leo, agus má fásann a gclann aníos anseo, bíonn siad ina n-eachtrannaigh neamh AE chomh fada a bhaineann sé le hOideachas tríú leibhéal; agus táillí arda le n-íoc acu dá bharr, sin, nó an dtír a fhágáil. Bíonn cásanna ann freisin nuair nach n-éiríonn le altra socrú síos in san ospidéal a d'earcaigh í ar chúis amháin nó cúis eile. Díbrítear abhaile iad gan an dara a deis a thabhairt dóibh in ospidéal eile. Is minic post mhaith tugtha suas acu sa bhaile le teacht anseo, ach bíonn an post sin imithe dar ndóigh nuair a fhilleann siad.

Tá bearta eile nach iad ann. Feictear i dtíortha eile gurbh iad an tríú glúin d'imircigh (nó, níos cirte, sliocht sleachta na n-imirceach) a éiríonn amach i gcoinne aon drochmheas nó masla a tugadh dá sean mhuintir. Tá bunchloch sochaí ár garchlann a leagan againn anois.

Ba cheart dúinn na deá prionsabail atá inár mbunreacht a chur i gcrích go stuama. Cumasc a bhí sa phobal anseo riamh, ó tháinig na Fir Bolg anoir, nó Clann Mhíle aneas. Shlog muid Breatnaigh, Lochlannaigh, Normannaigh, Pléimeannaigh, Palaitínigh agus dreamanna nach iad, agus ba shaibhre sin dá bharr.

Ach ní inniu na inné a bhí an Roinn Dlí agus Cirt1 caolaigeanta, teicniúil ina gcur chuige maidir le heachtrannaigh a chuir ó dhoras. D'ainneoin gur aithin Bunreacht 1937 an chine Giúdach mar dream a raibh cosaint le dul dóibh (rud dúshlánach in Eoraip na 1930í) chuir an Roinn Dlí agus Cirt baic ina mbealach siúd a bhí ag teitheadh ón Uileloisceadh: rud a d'fhág nach ndearna an dlínse seo fiú an méid suarach a rinne mórán gach stát eile chun daoine a thabhairt slán.

1Féach saíocht na Gaeilge. Ní ionann Dlí agus Ceart! Ba cheart sin a mheabhrú dó Brian Lenihan