Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label caighdeán werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label caighdeán werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2014-09-18

Aighneacht maidir le hAthbhreithniú an Chaighdeáin

Seo leanas an aighneacht atá seolta isteach agam:

Is ar bhonn pearsanta atá an aighneacht seo á dhéanamh agam.

Cainteoir athdhúchais Gaeilge atá ionam, sé sin le rá, tógadh le Gaeilge mé ach ag tuismitheoirí nach ón nGaeltacht iad. Níl aon oiliúint foirmiúil sa Ghaeilge agam seachas an méid a bhain mé amach i bhfad ó shin don Ardteist. Agus is eol dom nach mbeidh gach rud a scríobhaim anseo ceart de réir an Chaighdeáin Oifigiúil, fiú an chinn athbhreithnithe. Ach ormsa seachas ar an gcaighdeán an locht faoi sin.

Creidim gur feidhm tuairisciúil atá ag aon Ghraiméir agus go gcloíonn an ChO leis sin don gcuid is mó. Ainneoin go raibh sé ráite san gcéad eagrán go
“[d]Tugann an caighdeán seo aitheantas ar leith d’fhoirmeacha agus do rialacha áirithe ach ní chuireann sé ceartfhoirmeacha eile ó bhail ná teir ná toirmeasc ar a n-úsáid.”

baineadh mí úsáid as an gCO le dearbhú go raibh leaganacha áirithe Gaeltachta  “mícheart”. Feictear dom go dtéann an leagan athbhreithnithe go sásúil i ngleic leis an tosca sin. Ainneoin mo leithéidí de chainteoir Athbheochana agus an scaipeadh atá ar nuachainteoirí lasmuigh de na ceantair traidisiúnta Gaeltachta feictear dom fós gur ar scoth na cainteoirí agus scríbhneoirí Gaeltachta ba cheart aon chaighdeán a bhunú.

Cloisim caint go minic ar an ngá an teanga a “shimpliú” ar mhaithe le cainteoirí neamhthraidisiúnta agus foghlaimeoirí. Ní dóigh liom go mba beartas stuama a bheadh ansin. Ní chreidim go gcuirfí dáiríre le líon na gcainteoirí líofa, agus feictear dom go leathnófaí an bhearna suntasach atá ann cheana féin idir chainteoirí Gaeltachta agus foghlaimeoirí agus nuachainteoirí áirithe uirbeacha. Tá áiseanna iomadúla ar fáil chun cabhrú le daoine snas a chuir ar a gcuid Gaeilge scríofa; faoi láthair tá Gramadóir á fhorbairt do LibreOffice, mar shampla http://www.scriobh.ie/Page.aspx?id=78&l=1.
Chomh maith leis sin tá na háiseanna http://acmhainn.ie/, https://www.aistear.ie/ agus http://www.gaois.ie/ga/paradocs/ ar fáil, gan trácht ar an corpas a forbraíodh don foclóir nua http://corpas.focloir.ie/ .

Baineann sciar eile de na deacrachtaí leis an borradh faoi aistriúchán a tháinig de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla. Feictear dom áfach nach gá gur bearnaí sa Chaighdeán Oifigiúil bunús na ndeacrachtaí seo, ach an deacracht a bhaineann le meamraiméis tur a thiontú faoi bhrú ama a fhágann aistritheoirí i ngleic le carn mór ainmfhocail sa Bhéarla agus iad éiginnte conas córas gramadaí na Gaeilge a chuir i bhfeidhm ar an gcnap. Creidim go mba mhaith an rud treoir stíle do na leithéid a fhoilsiú, ach nach athrú ar an ngramadach atá de dhíth ach bealach le teacht timpeall ar an bhfadhb seo a eascraíonn as nósmhaireacht an Bhéarla. Baineann mórán an cheist céanna leis na holl-uimhreacha nach bhfuil sa ghnáthchaint ach a mbíonn trácht orthu i gcúrsaí airgeadais agus polaitíochta. Is féidir go bhfuil gá le gníomh anseo, ó tharla uimhreacha na Gaeilge sách casta. (Tá léargas maith tugtha anseo ag Michal Boleslav Měchura http://lexiconista.com/Uimhreacha.pdf )

Ceal foras eile teangain, is dócha gurbh ar chrann Rannóg an Aistriúcháin a thiteann sé a leithéidí de threoir stíle a fhoilsiú. Ainneoin gur i réimse cinnte agus sách cúng na reachtaíocht a luíonn bhur obair, agus ceangal oraibh fasaigh a leanadh feictear dom gur dócha go bhfuil modhanna forbartha agaibh le ceisteanna gnáis mar seo a réiteach agus go mb'fhiú a leithéid a fhoilsiú.

2009-05-04

Is maith an scáthán súil carad

Tá "léirmheas ag comhchéimithe" lárnach in aon saothar innealtóireachta nó eolaíochta.

Tá sé thar a bheith luachmhar in innealtóireacht bhogearraí. Tugtar "Cigireacht Fagan" ar an gcur chuige chórasach scrúdú a dhéanamh air cáipéisí, samhail nó an cód féin a bhaineann le saothar bogearra. Nuair a bhí Michael Fagan ag obair le IBM sna 1970í rinne sé cuir síos cuimsitheach ar an modh cheart leis an tairbhe is fearr a bhaint as cigireacht mar seo. (Tá a pháipéir ar fáil anseo).

Modh thar a bheith luachmhar atá ann. Is eol d'aoinne a scríobhann go minic go bhfuil botúin ann nach bhfeiceann siad féin. Tá "spotaí caocha" againn ar fad, agus is mór an chabhair é súil chomhghleacaí a theacht i gcabhair orainn. (Tá sé d'ádh ormsa maidir le scríobh theicniúil ghairmiúil go bhfuil riarthóir againn a níonn iniúchadh ghéar ar aon cháipéis a chuireann muid ar aghaidh. Ceistíonn sí rud ar bith nach dtuigeann sí, agus is minic barr feabhais ar cháipéis dá bharr).

Go deimhin, tá modhanna oibre ann ina bhfuil cigireacht mar seo lárnach - "Ríomhchlárú Beirte" a tugtar ar an gcur chuige nuair a bhíonn duine amháin ag clóscríobh, agus duine eile ag faire air. Foghlaimíonn an bheirt as seo, agus seachnaítear botúin.

Tá deacrachtaí ann freisin. Ní mian l'aoinne admháil go níonn siad botúin! Agus tá sé rí thábhachtach nach bhfeicfí cigireacht (agus lochtú) saothar mar fogha phearsanta faoin údar. Nó, níos measa fós, go mbainfí feidhm as an eolas a bhaintear as cigireacht chun measúnú a dhéanamh ar dul chun cinn nó tuarastal oibrí. Bheadh a leithéidí baolach d'ionracas agus fiúntas an chórais.

Tá sé ag dul rite orm anois tagairt a fháil, ach tá prionsabal ann a léiríonn go n-athraíonn iompar daoine de réir mar a thomhaistear é, agus bíonn tionchar ag an feidhm a bhaintear as an eolas an an athrú sin. Ní mór súil a choimeád ar an ngné sin freisin.

Tá ceachtanna anseo don bhlagadóireacht freisin, gan amhras....

2008-07-30

Amharcann fear an chasúir ar gach fhadhb mar tháirne

Ceird is ea innealtóireacht bogearraí.

Tá réimse leathan uirlisí agus modhanna ar fáil don cheardaí oilte - ach é bheith ar an eolas fúthu.

Ach má tá réimse eolais an cheardaí ró chúng, ní hamháin nach mbeidh an leigheas is fearr ar an fadhb aige, ach seans go gcinnfidh air leigheas ar bith a aimsiú!


Bhíodh smaointeoirí sna meánaoiseanna faoi gheis ag pisreog nárbh fhéidir smaoineamh gan canúint. Is mar toradh ar sin a d'athraigh ciall an fhocail "dumb" [sa Sacs Bhéarla] ó "gan urlabhra" go "dúr". Le teacht na ríomhairí, tá claochlú tagtha ar chiall "Canúint" agus "Smaoineamh", agus tá fírinne áirithe san sean phisreog anois: Sa mhéid agus go gcuireann teanga ríomhaireachta srianta ar an méid is féidir a chuir in iúl, cuireann siad srian ar an méid gur féidir le ríomhchláraitheoir a mharana a dhéanamh air, ach amháin má tá sé corraithe ag taithí searbh nó saortha ag samhlaíocht bhríomhar.


Prof. W. Kahan, Lecture Notes on the Status of IEEE Standard 754 for Binary Floating-Point Arithmetic


Tá an dá rud de dhíth - taithí, agus samhlaíocht. Is féidir, mar a rinne na ceannródaithe ariamh, tógáil ar thaithí dhaoine eile - más eol duit an taithí sin a bheith ann.

An conclúid as sin ná gur gá don "saor síorbhuailteach" a mhaíonn an tseanfhocail a bheith níos fearr ná an "tsaoir sárbhuailteach" a bheith ina "shaor síorfoghlaimeach" chomh maith.

Tosach feasa fiafraitheacht


Ná bíodh ró ómós agat don saineolaí a deir "A chara, is mar sin atáim á dhéanamh le scór bliain". Is féidir rud a dhéanamh mícheart ar feadh scór bliain!
Kurt Tucholsky


I mo chás fhéin táim tar éis plé éigin a bheith agam le dosaen nó mar sin teangacha ríomhaireachta - ó cód innill go teangacha scriopta.
Taithí luachmhar dhom é seo, a chuireann ar mo chumas an uirlis cuí a roghnú - nó uaireanta malairt leighis a mholadh. Ní rogha teicniúil an rogha ceart i gcónaí. Ní mór an fhadhb a scrúdú ina iomláine, agus féachaint chuige gurbh é an fréamh atáthar ag dul i ngleic leis seachas na comharthaí sóirt.

Mar shampla, luaigh mé cheana na geataí uathoibreacha atáthar a cuir isteach sna stáisiúin DART - i stáisiún na bPiarsach faoi láthair. Feictear domhsa gur cur amú airgid agus ama atá anseo. Glacaim leis gurbh é an fhadhb ná féachaint chuige go n-íocann gach paisinéir an táille cuí, agus breith orthu siúd atá ag caimiléireacht. Ag an am céanna, ní ceart aon ró bhac a chuir ar sruth na ndaoine tríd an stáisiún.

I mBeirlín, mar a chónaigh mé, agus mar a bhfuil ticéid amháin ar fáil do gach córas taistil sa chathair, tá leigheas eile acu ar an scéal.
Níl bac ar bith sna stáisiúin. Tá innill simplí chun ticéid a chuir i feidhm i gcás ticéid aon turais. Déantar cigireacht rialta - ach is ins na traenacha nó busanna a déantar sin - mar sin ní chuirtear moill ar aoinne.

Ní mór don innealtóir a bheith ina mhachnamhóir chomh maith! Agus féachaint chuige go bhfuil lón cuí machnamh aige, a théann níos leithne ná gnó an lae amháin.

2008-06-28

Cruach cheisteanna

Luaigh mé an chruach cheana.
Réimse cuimhne atá ann a mbíonn athróga sealadacha le fáil ann.
Tá buntáiste ag baint leis - bíonn níos lú cuimhne de dhíth san iomlán do chlár toisc go roinneann na hathróga sealadacha an réimse céanna - sé sin, is féidir le hathróg nua an seoladh céanna a bheith aige ar an gcruach agus atá ag athróg eile - má tá siad i gcodanna neamhspleácha den clár.

"Fásann" an chruach síos san cuimhne ón mbarr de ghnáth. Tá baol amháin ansin - d'fheadfadh an cruach fás níos mó ná mar a bhí ceaptha ag an dearthóir - agus eolas riachtanach sna sonraí nó san téacs a scrios. Bheadh iarmhairtí tromchúiseacha aige sin do bhogearra.

Bíonn baol ar leith ag baint le gnáis nó feidhmeanna atá athchúrsach. 'Sé sin, feidhm a ghlaonn ar féin. Tá tábhacht ar leith le feidhmeanna mar seo in algartaim airithe, i gcuardach mar shampla.
Ach bíonn a réimse féin ar an gcruach de dhíth ar gach glao - agus má theipeann ar an athchúrsaí stop, is féidir tubaiste a bheith ann.

Ach seachas sin, ní mór a bheith cúramach le hathróga ar an gcruach. Ní féidir brath air go mbeidh luach ar leith ag athróg nuair a thosaíonn feidhm. Ní mór dá bhrí sin túsú cúramach a dhéanamh ar na hathróga.

Is minic fabht atá deacair a fháil de bharr easpa túsú. Agus nuair a chuirtear cód breise isteach, athraíonn an fabht - rud is cúis frustrachas go minic do foirne promhadh agus cothabhála.

Is fearr liom féin go mbeadh athróga, fiú athróga sealadacha, san cuimhne seachas ar an gcruach, mura bhfuil cúis ar leith é bheith ar an gcruach.

Má bhíonn siad sa chuimhne, is féidir scrúdú a dhéanamh ar na luachanna nuair a bhíonn an feidhm réidh. Is mór an chabhair sin san dífhabhtú.

Níor phléigh mé an charn - bíonn cosc ar úsáid an chairn agus leithdháileadh dinimiciúil de bharr an baol sceitheadh cuimhne, sé sin, nuair a tógtar réimse cuimhne ón gcruach, ach nach scaoiltear é nuair atáthar réidh leis. Uair éigin teipfidh ar an gclár de bharr an charn a bheith ídithe.





2008-06-13

Dearadh chun críche promhadh

I bhforbairt bogearraí, tá prionsabail thábhachtacha ann, ar nós "ceilt eolais" agus "imchochlú".
Is é atá i gceist leo sin, nach mbeidh d'eolas ar fáil faoi feidhm nó modúl ach an méid atá riachtanach chun feidhm a bhaint as. Rud a chiallaíonn gur féidir, agus gur cheart, codanna ar léith den bhogearra a fhorbairt go hiomlán neamhspleách ar a chéile, agus a sheachnaíonn fabhtanna a eascraíonn as ríomhchláraitheoir amháin a bheith ag bunadh an méid a dhearann sé ar ghnéithe inmheánacha d'obair dhuine eile (nó dá chuid féin fiú, i modúl eile). Tá cúpláil dá leithéid baolach; is deacair bheith cinnte nuair a athraítear modúl amháin cén toradh a bheidh ag an athrú ar mhodúl eile.

Prionsabail fónta is ea iad, mar sin.

Ach go minic tagann siad salach ar riachtanais an fhoireann promhaidh. A mbíonn gá acu le léargas ar obair inmheánach modúil chun a bheith cinnte go bhfuil gach gné de clúdaithe acu, nó chun iarmhairtí nach raibh súil leo a thuiscint.

Cuireann roinnt de na teicnicí a bhaintear feidhm astu san cód baic ar an obair seo.

Úsáid athróga ar an gcruach mar shampla - athróga nach bhfuil de shaolré acu ach an t-am a bhfuil na modúl á rith. Nó úsáid an eochairfhocail "static" san ríomhtheanga C, mar shampla: a bhfuil de fóchiall aige go bhfuil na athróg sin folaithe lasmuigh den modúl ina bhfuil sé lonnaithe. Rud a cheadaíonn feidhm a bhaint as an t-ainm chéanna i modúl eile. An iarmhairt ar sin ná go mbeadh deacracht ag an innealtóir promhadh bheith cinnte go bhfuil an seoladh ceart á úsáid aige chun an athróg sin a scrúdú.

Ní mór na nithe sin a chuir san áireamh.

Mar sin:
Bíodh ainmneacha d'athróga sainiúil.
Bíodh fáil ar na hathróga a rialaíonn cosán an chód tríd an fheidhm.
Bíodh fáil ar staid an modúl ar bhealach éasca - athróg stáid, mar shampla.

Má tá tairiseach in úsáid sa chód, is mór an chabhair é beith mar athróg sa chuimhne san slí gur féidir leis an innealtóir promhadh é athrú, seachas ina oibreann litriúil.
Is fusa i bhfad sárú teorainn nó a mhacasamhail a phromhadh san cás sin, agus go minic is feidir an tréimhse ama is gá chun scrúdú a chuir i gcrích a laghdú go mór.

Tá riachtanais breise i gceist nuair a bhíonn mionphromhadh modúl i gceist - tá sé ciallmhar macra a úsáid in ionad an eochairfhocail static - rud a cheadaíonn leagan ar léith den mhodúl a bheith ann don promhadh - ina bhfuil na hathróga inmheánacha nochtaithe san slí is gur féidir iad a athrú chun an clár a chuir síos cosáin neamhghnácha chun an "ríomhchlárú chosanta" a phromhadh.

(I é atá i gceist le ríomhchlárú cosanta ná píosa cód a dhéanann rud éigin ciallmhar nuair atá rud tarlaithe nár cheart é bheith intarlaithe. Mar a dúirt an té a dúirt, is ríomhchláraitheoir maith é an té a fhéachann gach treo sula trasnaíonn sé bóthar aon threo).

2008-04-10

Seacht mhíle sé chéad fiche seacht ponc a trí móide haon ponc a dó cúig sin...

Seacht mhíle sé chéad fiche seacht ponc a trí, uaireanta.

Sé sin, má tá uimhríocht snámhphointe ar ríomhaire i gceist.

An chúis atá leis seo ná go bhfuil líon na ngiotán in úsáid teoranta - mar sin, tá tacar teoranta d'uimhreacha snámhphointe ar féidir iad a léiriú.

Is é IEEE 754 an chaighdeán is coitianta in úsáid.

De réir mar a éiríonn na huimhreacha níos mó, éiríonn an bearnaí idir na huimhreacha inléirithe níos mó freisin, agus bíonn earráidí slánúcháin ann.

Is féidir le hiarmhairtí tubaisteacha a bheith ann dá bharr.

Mar a rianaítear san alt seo, ba siocair báis de 28 saighdiúir fabht dá leithéid i ngéarchéim na murascaille i 1991.

De bharr go raibh an córas stiúrtha do diúracáin den déanamh Patriot ag léiriú am le uimhir simplí snámhphointe, mhéadaigh an míchruinneas le himeacht ama.

In imeacht ocht n-uaire ó bheith lasta, bhí earráid 0.0275 s san t-am. Ní mór sin, ach is leor é chun earráid 55 m a bheith is stiúradh an diúracáin. I ndiaidh 100 uair, bhí earráid 687 m i gceist. Agus b'shin an earráid a raibh mar iarmhairt air gur theip ar an diúracán diúracán eile d'aimsiú - agus mharaigh an Scud sin na saighdiúirí.

Tá bealaí thart ar seo. Ach caithfear cúram a dhéanamh de réimse na luachanna a bheith ag aon athróg in aon chóras ríomhaireachta, agus airí an léiriúcháin a chuir san áireamh go cúramach.

2008-01-29

Athrógseanchas: Mír a Ceathair. Ní leor N don E!

Mar a luaigh Michal i dtráchtaireacht thíos, tá sé de nós ag roinnt ríomhchláraitheoirí ainmneacha thar a bheith gairid a úsáid. "uc" abair, in áit "uimhirCait".

Drochnós.

Tá cúinsí stairiúla leis. Bhí srianta ar na seaninneall, agus ar comhréir na dteangacha luath.

FORTRAN an ceann is soiléire. Thosaigh líne FORTAN ag poll a 7 i bpollchárta. Nós atá fós ann, cé nach bhfaca mise riamh pollchárta in úsáid, agus mé sa ghairm le fiche éigin bliain.

Bhíodh srian ar C go gcaithfí ainmneacha athróga a bheith leithleach san gcéad 6 litir. (Féach Aithne a IX)

Bhíodh scáileáin 80 carachtar ar leithéid, agus ní raibh cead líne a bhriseadh.

Bhíodh an cumarsáid ó teirminéal go dtí an ríomhaire mall, agus srian ar an luas go bhfeadfaí litreacha a sheoladh dá réir.

Ach is leis an sean stair a bhaineann na gnéithe sin go léir anois.

saé! (Scríobh amach é!).

Athrógseanchas, Mír a Trí. Scéalta ón bhFronta


Is i réimse na rialaitheoirí is mó atáimse gníomhach. Tá nodaireacht fadbhunaithe ann don na cainníochtaí a bhíonn idir chamán agam - sruth leictreach i, voltais u, luas v agus rl.

Tá nodaireacht ann do na príomhchineál athróg chomh maith. San léaráid thuas, tá an gnath leagan amach ar chóras den cineál a bhíonn plé agam leis.

Úsáidtear "W" don luach tagartha - an luach an mian linn a bheith ag an luach thomhaiste "X". Cuirtear an earráid "E" arbh ionann é agus W lúide X isteach san rialaitheoir ar mhaith leis an luach ar "Y", an t-athróg ionramháilte a ríomh. Má bhíonn an córas deartha i gceart, beidh tionchar ag "Y" ar an gléasra a fhágann go laghdófar "E".

Is ar ghnás ina bhfuil trí chuid is mó atá cleachtadh agamsa air:
Réimír a chuireann an cineál in iúl, cur síos ar an athróg, agus iarmhír roghnach a chuireann cáilíocht breise a bhaineann leis an athróg in iúl.

Mar shampla; XU_Motor_Avg : an meán voltais san inneall; WI_Motor: an sruth atá de dhíth san inneall, agus mar sin de.



Scéilín: Bhí gnás dá leithéid leagtha síos againn, agus cúram ar dhuine áirithe é chuir i feidhm.
Mhol muid na ceannlitreacha "I" agus "O" a sheachaint in ainmneacha, de bharr an baol a bheith ann go léifí mar "1" agus "0" iad. Bhí muid aontaithe air 3 litir don iarmhír cáilíochta.

Anois, bhí cailíocht de dhíth d'uimhreacha choimpléascacha, nó le bheith beacht don gcuid fíor agus samhaileatch den uimhir (a + jb) nuair is ionann "j" agus fréamh cearnach -1.

Anois, tá nodaireacht fadbhunaithe sa Mhatamaitic don a léithéid: "Re" agus "Im".

Ach ba Ghearmánach a bhí ag obair san Eilvéis mo dhuine. Chuir sé na rialacha a mhol muid i bhfeidhm go docht, agus mhol "Rea" agus "Mgn" (toisc cosc a bheith a "I" agus 3 litir a bheith de dhíth).

Sin sampla de cuir i bhfeidhm místuama. Ar amharaí an tsaoil d'éirigh linn cuir ina luí air go raibh éisceacht ciallmhar sa chás seo. Ach ní raibh sé simplí!



Notá Teangain: Is sa Ghearmáin a chuir mise tús le mo slí gairme. Tá gearmáinís beacht ar W (Sollwert), X (Istwert) agus Y (Stellwert).

2008-01-26

Athrógseanchas, Mír a Dó.

Maith go leor. Tá Gluais againn. Tá an sonraíocht déanta, agus na riachtanais soiléir agus scagtha.
Tá tús á chuir leis an ndearadh. Táimid ag casadh ón cumarsáid le daoine amháin i dtreo cumarsáid le daoine, feidhmchláranna agus ríomhairí. Beidh rialacha níos doichte de dhíth; is féidir le daoine débhríocht a shárú; cliseann ar ríomhairí.

Is minic gnáis i réim cheana féin san réimse nó bainteach leis na huirlisí. Ba cheart iad a chuir san áireamh, agus feidhm a bhaint astu mura bhfuil cúis tromchúiseach gan é dhéanamh.

An cloch is mó ar mo phaidrínse sa chás seo ná go mbeadh leanúnachas san bhfriotail a mbaintear feidhm as - go mbeadh sonraíochtaí, dearadh, cód agus lámhleabhar ag tabhairt na hainmneacha céanna ar na nithe céanna.

Agus gur faoin sprioc seachas faoin dturas a thabharfaidh na hainmneacha sin cúntas.

Tá cúraimí eile do ghnáis: Seo alt suimiúil ag plé le húsáid gnáis chun botúin a dhéanamh soiléir.

Beidh botúin ann. Níonn daoine botúin. Beidh ort iad a lorg. Cabhraíonn gnás maith iad a sheachaint; agus iad a dhéanamh so-aimsithe. Cigireacht cód an bealach is fearr le fabhtanna a aimsiú.

De bharr botúin, beidh leasaithe sa chód. Cuir sin san áireamh.

San nasc a thug mé thuas, tá plé ar an nodaireacht Ungárach; smaoineamh maith (eile) a bhfuil droch-chlú air de bharr míthuiscint agus cur i gcrích mícheart.

I’m using the word kind on purpose, there, because Simonyi mistakenly used the word type in his paper, and generations of programmers misunderstood what he meant.

(Nóta: feicim go bhfuil an botún a rinne sé buanaithe i bhfoclóir Fiontar ag focal.ie. Theastaigh uaim "kind" a aistriú mar "cineál", ach feicim gur sin a mholann focal ar type: ar mhaithe le míthuiscint a sheachaint, brisfidh mé le mo nós, agus ní haistreoidh mé an tagairt.)

Ba cheart d'ainm athróg ceisteanna bunúsacha a fhreagairt:
  1. Cén cineál ruda é seo?

  2. Cad leis a bhaineann sé san réimse?

  3. Cad iad na rudaí atá déanta leis?
Ar lean...

Athrógseanchas: eadarlúid

Is mithid cúpla focal a rá maidir le caighdeáin agus gnáis.

Tá sé ráite níos fearr ná mar b'fhéidir liomsa ag Steve McConnell i "Code Complete"

Creatlach cabhrach is ea gnás maith. Saorann sé tú chun an machnamh a dhíriú ar an sprioc seachas an turas.

Is féidir é chuir i gcomparáid le feabhsú bruacha abhainn. Déanta i gceart, ritheann an abhann le fuinneamh, agus is féidir innealra a thiomáint leis; ní scaiptear fuinneamh an uisce gan tairbhe ag déanamh riasc de na bruacha. Ach má leagtar srianta ró dhaingin ar an abhann, réabfar na bruacha, agus beidh an praiseach atá mar iarmhairt ar sin seacht n-uaire níos measa ná mar a bhí an lá is measa roimhe.

Ní mór smaoineamh gur daoine machnamhacha saoir cláir; an chuid is fearr acu pé scéal é. Machnamh a gceird.

Caithfear idirdhealú cúramach a dhéanamh idir rialacha ar cheart iad a bheith docht; treoracha agus moltaí. Sa Bhéarla, úsáidtear eochairfhocail len iad seo a chuir in iúl "shall", "should" agus "may". D'fheilfeadh Modh Ordaitheach an Bhriathair, "Ní mór", nó "Is ceart" agus "Moltar" as Gaeilge.

Agus ní mór riail a náid a bheith soiléir do chách:

Riail 0: Ná sáraigh riail gan an bhonn a bhí leis an sárú a thaifead.


Is fusa go mór amhlaidh a dhéanamh má bhíonn taifead soiléir an an mbonn a bhí leis an riail ar an gcéad dul síos.

2008-01-21

Athrógseanchas, Mír a hAon.

Mar a scríobh mé cheana, cumarsáid is ea cód bogearra.

Mar sin, is cuid tábhachtach de an foclóir a bhaintear feidhm as. Ainmneacha na hathróga, na feidhmeanna, agus na gnáis a mbaintear feidhm astu.

Is féidir go mbeadh rós faoi ainm éigin eile chomh cumhra céanna - ach praiseach an toradh a bheadh ann ach rós a bhaisteadh ar athróg ar neantóg i bhfírinne é!

Dar ndóigh, i dtús na haicíde is fusa í a leigheas. Agus is tábhachtaí. I ré seo an domhandú, tá an Béarla in uachtar ní hamháin sna teangacha ríomhaireachta ach sna sonraíochtaí riachtanais. Agus is minic daoine, nach é an Béarla a gcéad teanga, i ngleic leis na nithe seo; bíonn an scéal níos casta fós ach Béarlóirí agus daoine le teanga eile a bheith ag obair le chéile . Teanga thar a bheith mí oiriúnach é an Béarla. Lán de débhríocht, agus téarmaí chomhchiallacha, nó leath chomhchiallacha.
Táid siúd ó na teangacha rómánsacha buailte go dona ag cairde bréaga; focail arbh ionann cruth dóibh agus san máthairtheanga - ach is minic casadh tábhachtach sa bhrí i mBéarla, a fhágann fabht san rud a scríobhadh. Toradh atá anseo ar an líon mór focail ón Laidin a shú an Béarla isteach - friotail atá thar a bheith fairsing san réimse teicneolaíocht.

Cén leigheas atá air seo? Ní hansa. Gluais. Ní mór do gach meitheal a théann i mbun togra, chomh luath agus is féidir, gluais a dhréachtú, agus a chothabháil le linn an togra. Ní mór srianta a chuir an an bhfoclóir a úsáidtear, an chiall atá le gach téarma a chinntiú go cúramach, agus an foclóir sin a úsáid i ngach foinse. Má tá teacht ar chaighdeán idirnáisiúnta, de chuid ISO, abair, is amhlaidh is fearr - seachnaítear argóintí. Beidh sé fós riachtanach scagadh a dhéanamh ar an gcaighdeán ar mhaithe le srian a chuir le ró-fhairsinge.

Buntáiste atá ann na téarmaí a bheachtú sna teangacha dúchais atá ag na baill foirne, más féidir.

Is bunchloch riachtanach Gluais maith. Is féidir tógáil air. Ach sin gnó d'oíche eile!

2007-10-11

Riachtanas an Spáis Bháin

Léitear foinse clár ríomhaireachta i bhfad níos minice ná má a scríobhtar an chód.

Go deimhin, níl i gcód ach cumarsáid. Ar an leibhéal simplí, leis an ríomhaire. Ach ní hé sin an gné is tábhachtaí. Ní bheidh aon doiléire san comhad dénártha a thiomáinfidh an ríomhaire. Ach ní gá go mbainfear amach aidhm an ríomhchláraitheora!

Mar sin, is gá go mbeadh an cód inléite; ag an ríomhchláraitheoir féin, ag an foireann profa, agus ach go hairithe ag an foireann cothabhála.

Mar is gnách, siad na mionrudaí is tábhachtaí:

Is féidir leithéidí
Másmóafábnácfáddéaneésinnódéanf
a scríobh agus beidh clár bhailí agat. Ach is féidir é scríobh ar bhealach i bhfad níos inléite le lúibíní agus spás bhán:

Más mó (a fá b) ná (c fá d)
dean e
é sin nó
déan f

Is é an gnáth nós ná
  1. Línte cód a bhfuil baint acu le chéile a scaradh ó línte eile le líne folamh. i. Altanna a úsáid, mar a bheadh in ábhar scríofa.
  2. Feidhm a bhaint as bearnú chun an leibhéal feidhme a chuir in iúl.
  3. Spás a fhágáil thart ar oibreoirí dénártha (*, /,+,- agus rl)
Ach fainic má bhaineann tú feidhm as táib chun bearnú a dhéanamh. (Comhartha ASCII 0x09 de réir an tsean reacht). Ní gá go mbeadh comhionann an líon spásanna i gceist le táb ar chóras dhuine eile. Mar sin, is fearr táb a sheachaint, nó ar a laghad, feidhm a bhaint as eagarthóir a thiontaíonn táib go líon airithe spásanna agus an comhad a shábháil.
Má déantar faillí i rud mar seo, beidh an clár a bhí leagtha amach go gleoite, dar leat, ina ghiobail doléite dar leis an té a thagann i do dhiaidh!

Níl i spás bán agus lúibíní ach cuid den scéal. Agus i leor sin de racht anocht.

Tá léargas chuimsitheach ar conas praiseach cheart a dhéanamh anseo