Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label feabhas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label feabhas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2008-06-28

Cruach cheisteanna

Luaigh mé an chruach cheana.
Réimse cuimhne atá ann a mbíonn athróga sealadacha le fáil ann.
Tá buntáiste ag baint leis - bíonn níos lú cuimhne de dhíth san iomlán do chlár toisc go roinneann na hathróga sealadacha an réimse céanna - sé sin, is féidir le hathróg nua an seoladh céanna a bheith aige ar an gcruach agus atá ag athróg eile - má tá siad i gcodanna neamhspleácha den clár.

"Fásann" an chruach síos san cuimhne ón mbarr de ghnáth. Tá baol amháin ansin - d'fheadfadh an cruach fás níos mó ná mar a bhí ceaptha ag an dearthóir - agus eolas riachtanach sna sonraí nó san téacs a scrios. Bheadh iarmhairtí tromchúiseacha aige sin do bhogearra.

Bíonn baol ar leith ag baint le gnáis nó feidhmeanna atá athchúrsach. 'Sé sin, feidhm a ghlaonn ar féin. Tá tábhacht ar leith le feidhmeanna mar seo in algartaim airithe, i gcuardach mar shampla.
Ach bíonn a réimse féin ar an gcruach de dhíth ar gach glao - agus má theipeann ar an athchúrsaí stop, is féidir tubaiste a bheith ann.

Ach seachas sin, ní mór a bheith cúramach le hathróga ar an gcruach. Ní féidir brath air go mbeidh luach ar leith ag athróg nuair a thosaíonn feidhm. Ní mór dá bhrí sin túsú cúramach a dhéanamh ar na hathróga.

Is minic fabht atá deacair a fháil de bharr easpa túsú. Agus nuair a chuirtear cód breise isteach, athraíonn an fabht - rud is cúis frustrachas go minic do foirne promhadh agus cothabhála.

Is fearr liom féin go mbeadh athróga, fiú athróga sealadacha, san cuimhne seachas ar an gcruach, mura bhfuil cúis ar leith é bheith ar an gcruach.

Má bhíonn siad sa chuimhne, is féidir scrúdú a dhéanamh ar na luachanna nuair a bhíonn an feidhm réidh. Is mór an chabhair sin san dífhabhtú.

Níor phléigh mé an charn - bíonn cosc ar úsáid an chairn agus leithdháileadh dinimiciúil de bharr an baol sceitheadh cuimhne, sé sin, nuair a tógtar réimse cuimhne ón gcruach, ach nach scaoiltear é nuair atáthar réidh leis. Uair éigin teipfidh ar an gclár de bharr an charn a bheith ídithe.





2008-06-13

Dearadh chun críche promhadh

I bhforbairt bogearraí, tá prionsabail thábhachtacha ann, ar nós "ceilt eolais" agus "imchochlú".
Is é atá i gceist leo sin, nach mbeidh d'eolas ar fáil faoi feidhm nó modúl ach an méid atá riachtanach chun feidhm a bhaint as. Rud a chiallaíonn gur féidir, agus gur cheart, codanna ar léith den bhogearra a fhorbairt go hiomlán neamhspleách ar a chéile, agus a sheachnaíonn fabhtanna a eascraíonn as ríomhchláraitheoir amháin a bheith ag bunadh an méid a dhearann sé ar ghnéithe inmheánacha d'obair dhuine eile (nó dá chuid féin fiú, i modúl eile). Tá cúpláil dá leithéid baolach; is deacair bheith cinnte nuair a athraítear modúl amháin cén toradh a bheidh ag an athrú ar mhodúl eile.

Prionsabail fónta is ea iad, mar sin.

Ach go minic tagann siad salach ar riachtanais an fhoireann promhaidh. A mbíonn gá acu le léargas ar obair inmheánach modúil chun a bheith cinnte go bhfuil gach gné de clúdaithe acu, nó chun iarmhairtí nach raibh súil leo a thuiscint.

Cuireann roinnt de na teicnicí a bhaintear feidhm astu san cód baic ar an obair seo.

Úsáid athróga ar an gcruach mar shampla - athróga nach bhfuil de shaolré acu ach an t-am a bhfuil na modúl á rith. Nó úsáid an eochairfhocail "static" san ríomhtheanga C, mar shampla: a bhfuil de fóchiall aige go bhfuil na athróg sin folaithe lasmuigh den modúl ina bhfuil sé lonnaithe. Rud a cheadaíonn feidhm a bhaint as an t-ainm chéanna i modúl eile. An iarmhairt ar sin ná go mbeadh deacracht ag an innealtóir promhadh bheith cinnte go bhfuil an seoladh ceart á úsáid aige chun an athróg sin a scrúdú.

Ní mór na nithe sin a chuir san áireamh.

Mar sin:
Bíodh ainmneacha d'athróga sainiúil.
Bíodh fáil ar na hathróga a rialaíonn cosán an chód tríd an fheidhm.
Bíodh fáil ar staid an modúl ar bhealach éasca - athróg stáid, mar shampla.

Má tá tairiseach in úsáid sa chód, is mór an chabhair é beith mar athróg sa chuimhne san slí gur féidir leis an innealtóir promhadh é athrú, seachas ina oibreann litriúil.
Is fusa i bhfad sárú teorainn nó a mhacasamhail a phromhadh san cás sin, agus go minic is feidir an tréimhse ama is gá chun scrúdú a chuir i gcrích a laghdú go mór.

Tá riachtanais breise i gceist nuair a bhíonn mionphromhadh modúl i gceist - tá sé ciallmhar macra a úsáid in ionad an eochairfhocail static - rud a cheadaíonn leagan ar léith den mhodúl a bheith ann don promhadh - ina bhfuil na hathróga inmheánacha nochtaithe san slí is gur féidir iad a athrú chun an clár a chuir síos cosáin neamhghnácha chun an "ríomhchlárú chosanta" a phromhadh.

(I é atá i gceist le ríomhchlárú cosanta ná píosa cód a dhéanann rud éigin ciallmhar nuair atá rud tarlaithe nár cheart é bheith intarlaithe. Mar a dúirt an té a dúirt, is ríomhchláraitheoir maith é an té a fhéachann gach treo sula trasnaíonn sé bóthar aon threo).

2008-01-29

Athrógseanchas: Mír a Ceathair. Ní leor N don E!

Mar a luaigh Michal i dtráchtaireacht thíos, tá sé de nós ag roinnt ríomhchláraitheoirí ainmneacha thar a bheith gairid a úsáid. "uc" abair, in áit "uimhirCait".

Drochnós.

Tá cúinsí stairiúla leis. Bhí srianta ar na seaninneall, agus ar comhréir na dteangacha luath.

FORTRAN an ceann is soiléire. Thosaigh líne FORTAN ag poll a 7 i bpollchárta. Nós atá fós ann, cé nach bhfaca mise riamh pollchárta in úsáid, agus mé sa ghairm le fiche éigin bliain.

Bhíodh srian ar C go gcaithfí ainmneacha athróga a bheith leithleach san gcéad 6 litir. (Féach Aithne a IX)

Bhíodh scáileáin 80 carachtar ar leithéid, agus ní raibh cead líne a bhriseadh.

Bhíodh an cumarsáid ó teirminéal go dtí an ríomhaire mall, agus srian ar an luas go bhfeadfaí litreacha a sheoladh dá réir.

Ach is leis an sean stair a bhaineann na gnéithe sin go léir anois.

saé! (Scríobh amach é!).

Athrógseanchas, Mír a Trí. Scéalta ón bhFronta


Is i réimse na rialaitheoirí is mó atáimse gníomhach. Tá nodaireacht fadbhunaithe ann don na cainníochtaí a bhíonn idir chamán agam - sruth leictreach i, voltais u, luas v agus rl.

Tá nodaireacht ann do na príomhchineál athróg chomh maith. San léaráid thuas, tá an gnath leagan amach ar chóras den cineál a bhíonn plé agam leis.

Úsáidtear "W" don luach tagartha - an luach an mian linn a bheith ag an luach thomhaiste "X". Cuirtear an earráid "E" arbh ionann é agus W lúide X isteach san rialaitheoir ar mhaith leis an luach ar "Y", an t-athróg ionramháilte a ríomh. Má bhíonn an córas deartha i gceart, beidh tionchar ag "Y" ar an gléasra a fhágann go laghdófar "E".

Is ar ghnás ina bhfuil trí chuid is mó atá cleachtadh agamsa air:
Réimír a chuireann an cineál in iúl, cur síos ar an athróg, agus iarmhír roghnach a chuireann cáilíocht breise a bhaineann leis an athróg in iúl.

Mar shampla; XU_Motor_Avg : an meán voltais san inneall; WI_Motor: an sruth atá de dhíth san inneall, agus mar sin de.



Scéilín: Bhí gnás dá leithéid leagtha síos againn, agus cúram ar dhuine áirithe é chuir i feidhm.
Mhol muid na ceannlitreacha "I" agus "O" a sheachaint in ainmneacha, de bharr an baol a bheith ann go léifí mar "1" agus "0" iad. Bhí muid aontaithe air 3 litir don iarmhír cáilíochta.

Anois, bhí cailíocht de dhíth d'uimhreacha choimpléascacha, nó le bheith beacht don gcuid fíor agus samhaileatch den uimhir (a + jb) nuair is ionann "j" agus fréamh cearnach -1.

Anois, tá nodaireacht fadbhunaithe sa Mhatamaitic don a léithéid: "Re" agus "Im".

Ach ba Ghearmánach a bhí ag obair san Eilvéis mo dhuine. Chuir sé na rialacha a mhol muid i bhfeidhm go docht, agus mhol "Rea" agus "Mgn" (toisc cosc a bheith a "I" agus 3 litir a bheith de dhíth).

Sin sampla de cuir i bhfeidhm místuama. Ar amharaí an tsaoil d'éirigh linn cuir ina luí air go raibh éisceacht ciallmhar sa chás seo. Ach ní raibh sé simplí!



Notá Teangain: Is sa Ghearmáin a chuir mise tús le mo slí gairme. Tá gearmáinís beacht ar W (Sollwert), X (Istwert) agus Y (Stellwert).

2008-01-26

Athrógseanchas, Mír a Dó.

Maith go leor. Tá Gluais againn. Tá an sonraíocht déanta, agus na riachtanais soiléir agus scagtha.
Tá tús á chuir leis an ndearadh. Táimid ag casadh ón cumarsáid le daoine amháin i dtreo cumarsáid le daoine, feidhmchláranna agus ríomhairí. Beidh rialacha níos doichte de dhíth; is féidir le daoine débhríocht a shárú; cliseann ar ríomhairí.

Is minic gnáis i réim cheana féin san réimse nó bainteach leis na huirlisí. Ba cheart iad a chuir san áireamh, agus feidhm a bhaint astu mura bhfuil cúis tromchúiseach gan é dhéanamh.

An cloch is mó ar mo phaidrínse sa chás seo ná go mbeadh leanúnachas san bhfriotail a mbaintear feidhm as - go mbeadh sonraíochtaí, dearadh, cód agus lámhleabhar ag tabhairt na hainmneacha céanna ar na nithe céanna.

Agus gur faoin sprioc seachas faoin dturas a thabharfaidh na hainmneacha sin cúntas.

Tá cúraimí eile do ghnáis: Seo alt suimiúil ag plé le húsáid gnáis chun botúin a dhéanamh soiléir.

Beidh botúin ann. Níonn daoine botúin. Beidh ort iad a lorg. Cabhraíonn gnás maith iad a sheachaint; agus iad a dhéanamh so-aimsithe. Cigireacht cód an bealach is fearr le fabhtanna a aimsiú.

De bharr botúin, beidh leasaithe sa chód. Cuir sin san áireamh.

San nasc a thug mé thuas, tá plé ar an nodaireacht Ungárach; smaoineamh maith (eile) a bhfuil droch-chlú air de bharr míthuiscint agus cur i gcrích mícheart.

I’m using the word kind on purpose, there, because Simonyi mistakenly used the word type in his paper, and generations of programmers misunderstood what he meant.

(Nóta: feicim go bhfuil an botún a rinne sé buanaithe i bhfoclóir Fiontar ag focal.ie. Theastaigh uaim "kind" a aistriú mar "cineál", ach feicim gur sin a mholann focal ar type: ar mhaithe le míthuiscint a sheachaint, brisfidh mé le mo nós, agus ní haistreoidh mé an tagairt.)

Ba cheart d'ainm athróg ceisteanna bunúsacha a fhreagairt:
  1. Cén cineál ruda é seo?

  2. Cad leis a bhaineann sé san réimse?

  3. Cad iad na rudaí atá déanta leis?
Ar lean...

2008-01-21

Athrógseanchas, Mír a hAon.

Mar a scríobh mé cheana, cumarsáid is ea cód bogearra.

Mar sin, is cuid tábhachtach de an foclóir a bhaintear feidhm as. Ainmneacha na hathróga, na feidhmeanna, agus na gnáis a mbaintear feidhm astu.

Is féidir go mbeadh rós faoi ainm éigin eile chomh cumhra céanna - ach praiseach an toradh a bheadh ann ach rós a bhaisteadh ar athróg ar neantóg i bhfírinne é!

Dar ndóigh, i dtús na haicíde is fusa í a leigheas. Agus is tábhachtaí. I ré seo an domhandú, tá an Béarla in uachtar ní hamháin sna teangacha ríomhaireachta ach sna sonraíochtaí riachtanais. Agus is minic daoine, nach é an Béarla a gcéad teanga, i ngleic leis na nithe seo; bíonn an scéal níos casta fós ach Béarlóirí agus daoine le teanga eile a bheith ag obair le chéile . Teanga thar a bheith mí oiriúnach é an Béarla. Lán de débhríocht, agus téarmaí chomhchiallacha, nó leath chomhchiallacha.
Táid siúd ó na teangacha rómánsacha buailte go dona ag cairde bréaga; focail arbh ionann cruth dóibh agus san máthairtheanga - ach is minic casadh tábhachtach sa bhrí i mBéarla, a fhágann fabht san rud a scríobhadh. Toradh atá anseo ar an líon mór focail ón Laidin a shú an Béarla isteach - friotail atá thar a bheith fairsing san réimse teicneolaíocht.

Cén leigheas atá air seo? Ní hansa. Gluais. Ní mór do gach meitheal a théann i mbun togra, chomh luath agus is féidir, gluais a dhréachtú, agus a chothabháil le linn an togra. Ní mór srianta a chuir an an bhfoclóir a úsáidtear, an chiall atá le gach téarma a chinntiú go cúramach, agus an foclóir sin a úsáid i ngach foinse. Má tá teacht ar chaighdeán idirnáisiúnta, de chuid ISO, abair, is amhlaidh is fearr - seachnaítear argóintí. Beidh sé fós riachtanach scagadh a dhéanamh ar an gcaighdeán ar mhaithe le srian a chuir le ró-fhairsinge.

Buntáiste atá ann na téarmaí a bheachtú sna teangacha dúchais atá ag na baill foirne, más féidir.

Is bunchloch riachtanach Gluais maith. Is féidir tógáil air. Ach sin gnó d'oíche eile!