Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label An Cléireach werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label An Cléireach werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2014-08-10

Athchuairt ar an gCléireach



Tá sé roinnt blianta anois ó chéad léigh mé An Cléireach. Bhí allagar faoi ar na mallaibh ar Twitter agus luaigh Marcas gur mheas sé é a bheith ró dhlúth, rud nár thuig mé go hiomlán. Anois agus an leabhar athléite agam, tuigim níos fearr an rud a bhí á mhaíomh aige.
Cé gurbh é Cléireach an teidil an snáth a choinníonn bréidín an scéil le chéile tá scéalta eile na linne fite fuaite lena scéal; agus cuid mhór acu léirithe in eachtraí a a insítear dó féin le linn oíche scéalaíochta nó ar ball mar thuairisc. Tá roinnt gearradh obann ama san scéal, siar agus aniar i saol an Chléirigh, agus roimhe fiú.
Scéal a thosaigh roimh a ré, agus a theagmháil leis, i measc na scéalta, scéal faoi lámhscríbhinn ársa agus an te ar thit mar oidhreacht air cúram a thabhairt dó, agus na castaí ina chinniúint a tharla dá bharr.
Ré an tAthrú Creidimh atá i gceist, agus bhí torthaí thar athrú creideamh amháin i gceist leis sin. Buille mharfach ag ea Imeacht na nIarlaí don aos dána Gaelach, agus don gcóras iomlán a bhí ina mheascán idir feodachas na Normannach agus córas aicmeach léinn is gairm na nGael.
Tá Cléireach an teideal idir na sean uaisle agus a n-aos dána agus an dream atá anois ag teacht faoi bhláth beag beann ar an sean reacht, ach a bhfuil ómós acu don sean reacht go pointe.
Tá Darach Ó Scolaí ina mháistir paiteanta ar an riail gan insint dúinn cad atá ag tarlú, ach é a léiriú dúinn. Tá an teannas agus na fórsaí a d'imir ar na daoine a mhair tríd an ré fhuilteach cogaíoch sin, cogadh a d'fhág an Eoraip ar fad ina bhlár chatha, le mothú anseo. Léiriú arís eile go bhfuil dán agus stair na hÉireann fite fuaite le dán na Mór Roinne, léargas atá caillte cuid mhaith abhus.
An teist ar leabhar atá ann gur féidir é a athléamh, agus mór sásamh a bhaint as. Rud atá fíor faoin leabhar seo.

An Cléireach
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac
ISBN 978-0-898332-33-9

2007-12-31

An Cléireach

Tá sár úrscéal Darach Uí Scolaí (a fuair mé ó Shan Nioclás) díreach críochnaithe agam.

Seo leabhar iontach. Scéal cléirigh in arm na hÉireann aimsir Cromail - ach toisc é a bheith ag seanchas le hAos Léinn, agus an úrscéal a bheith tógtha thart ar an seanchas chéanna, is fuinneog isteach san ré sin san Eoraip atá ann - nuair a bhí an Roinn ar fad corraithe ag na cogaí a lean an tAthleasú creidimh.

Bhí Éireannaigh ar gach machaire an áir ó Bíla Hora na Boihéime go Luimneach.

Tugann an scéal spléachadh ar an dteannas a bhí ann ag an sean ord ag titim as a chéile - cumhacht sliocht na dtaoisigh ag meath; claochlú an aos dána ó ord daingean na scoileanna éigse go filíocht an phobail; ceisteanna faoi dualgas, dílseacht, freagracht, creideamh.

Tá úsáid chliste bainte as litrithe éagsúla; ach tá an leabahr ar fad thar a bheith soléite, aoibhinn.

Beidh mé an súil nach é an duais iarracht seo aon úrscéal an Scolaigh!



An Cléireach
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac 2007