Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label beatha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label beatha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2010-08-24

Blúirín: Priméar taighde gaschealla

Ó First Things.

Cor eile i scéal ar airgeadaithe do thaighde ar shuthanna thall a spreag é.

 Níltear imithe i ngleic i gceart leis an gceist abhus fós.

2009-06-16

bith- (agus fata) éagsúlacht

(Íomhá ó wikimedia)
Bhí alt san IT inniu maidir le prátaí Pheiriú (theip orm teacht air san eagrán ar líne).

Tá na mílte cineál práta acu thall, agus táthar anois ag tabhairt cúnamh d'fheirmeoirí ann leis an ilchinéalachas seo a chothú, agus a fhorbairt. Mar mhalairt ar sin, tá na feirmeoirí ag cuir an t-ábhar ar fáil d'eolaithe d'fhonn iniúchadh a dhéanamh ar na géinte.

Tráthúil, agus muid ag plé na ceisteanna a bhaineann lena leithéid thall agus abhus!

Is dóigh liom go bhfuil baint ag an dream seo leis - Lár ionad na bPrátaí

Más buan mo chuimhne, an creimeadh atá á dhéanamh don bhithéagsúlacht1 ceann de na gnéithe a bhí ag déanamh tinneas do Sheán Mac Donagh. Seo céim fónta, ar gach slí, mar sin.


Bíonn na fataí nite, bruite `gus ite ag na Connachtaigh
faoin am go bhfuil prátaí ráite ag na Muimhnigh


1Is fearr liom an focal Gearmánach - Artenvielfalt.

2008-05-22

Ocras

Alt suimiúil agus scanrúil in El Pais, nuachtán Spáinneach.

Níl easpa bídh san Domhan; ach tá ocras. Tuige? De bharr foirceadal an margadh saoir, a fhágann gurb iad na comhlachtaí ilnáisiúnta atá ag rialú an tsoláthair bídh.

Muide san Iarthar, is mian linn bia saor a bheith againn, cuma cad as a dtagann sé, agus más an séasúr don bhia é nó nach ea.

Mar sin, ceannaíonn na hollcomhlachtaí talamh sna tíortha i mbéal forbartha, agus onnmhairítear an beatha astu. Fágtar an dream ann thíos leis; ní hacmhainn dóibh an bia a cheannach.

Ach is ár mbeatha féin atá a chuir i mbaol againn - níltear ag tairgeadh an méid bia abhus agus a d'fheadfaí, toisc nach bhfuil an brabach céanna le baint as.

An moladh san alt: ar mhaithe le hísliú praghsanna, agus fóirithint ar an ocras domhanda, ceannaímis bia áitiúil, san séasúr cuí.

2008-04-22

Beatha, breosla, agus bróicéirí

Tá praghas an bheatha ar ardú ar fud an Domhain.

Tá círéib bídh in áiteanna san Aifric. Luaigh Alex Hijmans (ina alt i bhFoinse) an tseachtain seo praghas bun earraí sa Bhrasaíl a bheith ag ardú as cuimse. Tá na scéil ag carnadh faoi seo.

Tá cuid den locht, mórchuid b'fhéidir , ar ár gcraos fuinnimh; tá barraí á fhás le bithbhreosla a dhéanamh - ainneoin go bhfuil beatha bliana do dhuine san méid eorna is gá chun tanc SUV a líonadh le heatánól.

Ach de réir na scéalta seo san Tagesspiegel tá an féidearthacht ann go bhfuil lucht gaimbín ag teacht i dtír ar an nganntanas bídh, agus ag carnadh stoic de earraí talmhaíochta.

Sin feall.

Cuimhnigh le linn an drochshaol in Éirinn go raibh muid ag onnmhairiú cruithneacht. Agus murach teip na bhfataí, go raibh an tír in acmhainn a dhá oiread daoine agus atá anois inti a bheathú.

Bhí Mary Coughlan buartha agus í ag caint ar an deireadh seachtaine faoi "slándáil beatha" - i gcomhthéacs na gcainteanna trádála domhanda.

Ceist casta is ea an cheist seo; ach is léir go mbeidh orainne san chuid seo den domhan ár mianta a shrianadh má tá leigheas le bheith air. Agus gur peaca agus feall atá ann bheith ag dó beatha, nó ag fágáil goirt torthúla ina mbranair gan cur.

2007-10-31

Döner Kebap

Bhí muid san Dún Mhór Thoir ag an deire seachtaine, agus de bharr leisce, fuair mé bia ón ngreim gasta. Bhí feicthe ag Tiernan go raibh kebap acu, agus dúirt sé gur theastaigh ceann uaidh; ach faraor, míthuiscint a bhí ann. Ciallaíonn Kebap bior san Tuircis, agus tháinig sé isteach sa Ghearmáinis: mar sin cheap sé gurb béile a dhéanann a mháthair ó am go ham a bhí i gceist - feoil agus glasraí friochta ar bhior. Tugtar Schaschlik air freisin. Ós rud é gur fuath liom beatha a chaitheamh sa bhruscar, bhí ormsa an diabhal rud a ithe. Ach níl a leithéid de rud ann in Éirinn agus Döner Kebap ar fiú é ithe. Feoil righin, leitís tuirseach, anlann leamh. Ach an t-arán - is ansan a cailltear Eachdroim. Arán ar mhó a chosúlacht le páipéar ná le beatha.

Ní aon chomparáid idir sin agus an saghas Döner a raibh cleachtadh agam air i mBeirlín. Sí Beirlín an tríú cathair is mó daonra Turcach - i ndiaidh Istanbul agus Ankara, agus rachairt dá réir ar dea-Döner.

An t-arán ar dtús. Ceathrú de bhuilín cruinn atá orlach ar túis, agus breá aerach. Feoil úr rósta. Glasraí úra. Anlann gairleoige. Agus mar sméar mullaigh, píosa breá feta.

Bhíodh na cinn is fearr (agus is dócha go bhfuil fós) ar fáil in aice le Stáisiún fo-thalún Yorckstrasse, i gcroílár Kreuzberg. Tig liom é bhlaiseadh anois...

2007-05-07

Cás D agus a leanbh

De bharr faillí ár bpolaiteoirí, tá ar breitheamh Ardchúirte ceist bás is beatha linbh a shocrú arís.

Cás thar a bheith truamhéalach atá ann; bean óg seacht mbliana déag d'aois atá torrach. Fuair sí amach go bhfuil máchail trom intinne ar a paiste, agus go bhfaigheadh sé bás laistigh de cúpla lá den breith.

Theastaigh uaithi ginmhilleadh a fháil, rud nach gceadaítear in Éirinn. Tá casadh sa scéal de bhrí go bhfuil sí faoi láthair faoi chúram na Feidhmeannachta Seirbhíse Sláinte, de bhrí nach bhfuil a máthair féin in inmhe cúram ceart a dhéanamh di.

Chreid an oibrí sóisialta a bhí ag plé lena cás go raibh sé de dhualgas air cosc a chuir uirthi, toisc gur gníomh mídhleathach a bheadh sa ghinmhilleadh in Éirinn. (Tá athrú tagtha ar an dearcadh sin ó shin).

Anois, táimse fhéin scun scan i gcoinne ginmhilleadh - sé sin, aon gníomh atá mar sprioc aige an leanbh sa bhroinn a mharú. Ní ginmhilleadh atá ann má chuirtear cóir leigheas ar an máthair chun a beatha a shábháil, a bhíonn bás an linbh mar toradh air. I gcás mar sin, tá dualgas trom ar dhochtúirí tréan iarracht a dhéanamh beatha na beirte a thabhairt slán; ach tá sé de cheart ag an máthair an cinneadh a ghlacadh - glacadh leis an cóir leighis, nó gan amhras, diúltú do ar mhaithe lena leanbh.

Sá chás seo, ní fheicim go bhfuil aon trácht ar chearta an linbh. Tá briseadh croí i ndán don máthair, cuma cad a tharlaíonn. Ach abair go mbeadh an scéal rud beag difriúil; abair dá saolófaí leanbh di, nach raibh ach cúpla mí saoil i ndán dó. Ní bheadh glacadh ar bith le instealladh nimhe a thabhairt don leanbh , i dtreo is nach mbeadh ar an máthair faire air ag fail bháis.

Ní fheicim go bhfuil an cás seo éagsúil; creidim go mb'fhearr di a leanbh a thabhairt ar an saol go nádúrtha, agus é a chaoineadh. Beidh cabhair óna chorp chuige sin, a bheidh in easnamh má déantar foréigean air an leanbh agus uirthi trí ginmhilleadh.

Thar aon rud eile, tá sé thar am againn an dlí a chuir in cheart chun nach mbeidh ar dlíodóirí seachas dochtúirí, ceisteanna seo beatha agus bás a shocrú.

Níl aon deireadh sona i ndán sa chás seo; ach ní dóigh liom go feabhsóidh ginmhilleadh an cheist. Tá muid ar fána sleamhain nuair a socraítear leanbh a chuir chun bás toisc "nach fiú do bheith beo" nó "bheadh sé ró chrua ar an máthair dul ar aghaidh leis an toirchis, nuair nach mbeidh saol sona i ndán don leanbh"