Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label eitic werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label eitic werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2016-10-13

Na réamhdhaoine

Roinnt blianta ó shin bhí mé gafa le scríbhneoireacht Phillip K Dick. Samhlaíocht sách dhorcha atá aige, faoi anáil an chogaidh fhuar. Buanchogaidh síoraí ábhar cuid mhór dá scéalta; sciar mór eile ag plé leis an gcogadh ar dhrugaí. Scagadh ar leith déanta aige ar dhaoine saorga, as ar eascair an scannán Blade Runner. (Ar ghearrscéal dá chuid atá an scannán Total Recall bunaithe freisin).

Tá scéal ar leith dá chuid tráthúil. I 'The Prepersons' samhlaíonn sé domhain nach nglactar le daonnacht linbh go dtí go mbíonn smacht aige ar ailgéabar. Bíonn ar leanaí roimh an aois sin teastas inmhianaithe óna dtuismitheoirí a bheith acu de shíor chun iad a choinneáil slán ó na maoir a bhíonn ag lorg leanaí nach bhfuil de dhíth ar a muintir níos mó, le fáil réidh leo trí plúchadh i monarcha.

Cíoradh spéisiúil ar an gceist eitice, cad is duine ann. Ní haon rún mo sheasamh, ar ndóigh. Tá duine ann ón dtuisme dar liom, agus tá sé baolach daonnacht neach a bheith spleách ar mhianta daoine eile. Ní cheart bás nádúrtha duine a bhrostú, ná ní ceart fad saoil saorga a bhrú ar dhuine. Aithním gur cás ar leith an leanbh sa bhroinn agus gur minic cásanna casta le réiteach ag lucht leighis, cásanna nach aon chabhair ladar aos dlí bheith iontu. Ach seasaim leis na prionsabal mar threoir.

Tá gné amháin de scéal Dick a bhfuil col agam leis. Tá mná imeallaithe ina scéal. Na mná atá ann tá siad aontoiseach leithleasach cruálach gránna.

Ainneoin an chaint ar fad fé rogha na mban feictear dom gur faoi bhrú óna gcomhluadar  - muintir, oidí, fostóirí a shamhlaítear do mhná nach bhfuil de rogha acu ach fáil réidh leis an 'bhfadhb'. Ar ndóigh bíonn fear i gceist i gcónaí le coimpeart. Is minic áfach gur fir foinse an bhrú ar mná an 'fhadhb' a réiteach, iarracht a dhéanamh an clog a chasadh siar.

Ní sin an ghné atá i dtreis i scéal Dick. Fuaireas fuascailt na ceiste ar na mallaibh. Is cosúil gur scríobh sé an scéal faoi anáil colscaradh achrannach lena bhean, tréimhse ina ndearna sí ginmhilleadh ar a leanbh. A fraoch léi siúd a chuir ainriocht ar na mná sa scéal.

2010-08-24

Blúirín: Priméar taighde gaschealla

Ó First Things.

Cor eile i scéal ar airgeadaithe do thaighde ar shuthanna thall a spreag é.

 Níltear imithe i ngleic i gceart leis an gceist abhus fós.

2010-01-25

Bothanna Báis



Sin atá á éileamh ag Martin Amis in agallamh leis an Sunday Times. Tá imní air faoi "tonn liath" seanóirí, agus cogadh dhearg idir óg agus aosta. Anois, fuair mo sheanmháthair féin bás agus Alzheimers uirthi, mar sin tuigim an sceon agus an briseadh croí is féidir theacht ar dhaoine agus go hairithe ar a ngaolta nuair a thagann an corr uafásach sin ina saoil.

Ach cén saghas leigheas é féin mharú a bhrú orthu? Conair baolach é a bheith ag fógairt beatha airithe mar "Neamh fiúntach". Ach an conair sin a bheith tosaithe, cá bhfios cén críoch a bheidh leis. Domhan "Logan's Run"? An stáit ag bronnadh agus ag baint an bheatha?

Feictear dom nach bhfuil aon bhealach cóir ann seachas ómós don bheatha óna thús nádúrtha go dtí an deireadh. Agus sílim na scéalta uafáis seo faoin "tonn liath" a bheith chomh háiféiseach - agus mí cheart chéanna - leis na fáithe Malthusacha a bhagair cogadh agus áir de bharr ró dhaonrú orainn. Ba cheart an Domhan a bheith scriosta faoi seo, más fíor an méid a bhí á fhógairt faoi na 1970í.

Sórt frith Cassandra iad - d'inis sise an fhírinne faoi todhchaí, ach níor creideadh í. A mhalairt atá fíor faoi drong seo an eagla agus an imní.

Is fíor go bhfuil an daonra níos sine ag méadú - ach is fíor freisin go bhfuil ár gcumas a bheith sláintiúil agus tairbheach amach san aois ag méadú freisin. Is cliste an chine an chine daonna!

Aguisín: Alt ar First Things spreagtha aige seo, agus an t-agallamh iomlán ag nochtadh féin fhuath Amis.

2008-10-09

Níl me ciníoch, ach...

Alt san Irish Times ag David Adams: an ghéarchéim eacnamaíochta ag nochtadh frith eachtrannachas.

Bainimise leis an glúin a d'fhás aníos agus muid cinnte gurbh é an bád bán a bhí i ndán dúinn. As an ochtó duine i mo rang céime innealtóireachta, chuaigh níos mó ná seachtó ar imirce. (Níl ach thart ar ochtar san rang úd anois, ach sin scéal do lá eile).

Bhí mise ina measc. Chaith mé leath scór bliain sa Ghearmáin.

Is cuimhin liom dornán eachtraí ina mhothaigh mé frith eachtrannachas go pearsanta. Uair amháin bhíos ag taisteal ar an S-Bahn nuair a tháinig fear ólta isteach agus thosaigh ag maslú eachtrannaigh agus ag clamhsán. Chuir sé ceist ormsa faoi - ag glacadh leis nárbh eachtrannach mé - agus ní dúirt mé ach gurbh eachtrannach mé. Bhraitheas sách míshuaimhneach. Ba faoiseamh mhór dom go ndeachaigh fear Gearmánach i ngleic leis, ag cuir stuaim i gcoinne a bhaoth thuairimí. Ghlac me buíochas le mo dhuine agus mé ag imeacht liom.

Uair eile bhí mé ar thuras gnó san Oir tuaisceart, agus thosaigh duine d'fhoireann an chustaiméara ag clamhsán faoi "na heachtrannaigh". Nuair a dúirt mé gurbh eachtrannach mise, dúirt sé go bunúsach go raibh mise ceart go leor, toisc mé a bheith geal agus Iartharach.

Táim an dá rud, gan amhras, agus Gearmáinís líofa agam, rud a d'fhág nach raibh mo choimhthíos ann feiceálach. Táim buíoch as sin.

Ach mothaím an frith eachtrannachas baoth abhus, ar shlite eile. Is Gearmánach í mo bhean, agus daoine breaca mo leanaí dá réir. Agus faraor, is beag forbairt atá tagtha ar thuiscint an daoscarshlua ó bhíodh mhuintir Uí Urmholtaigh á gcuir faoi bhréag thriail ag cóip na sráide mar Naitsithe.

Tá taithí ag Gaeilgeoirí na hArdchathrach ar an ionnanú simplíoch seo - nach eol don saol Fodhlach - nó an cuid sin dé nach labhraíonn ach Béarla pé scéal é - gur Sealadaigh uilig muid.

Is mithid dúinne a thuigeann an scéal seo cur ina choinne.

Agus sin mo racht go n-uige seo.

2008-10-01

Ar na mná atá an locht, fós.

Dhá alt san Times inné a chuir idir mhúisc agus déistin orm.

Píosa "nuachta" - go gcreideann sciar suntasach de mhic léinn ó thuaidh go bhfuil cuid den locht a bhean a éignítear má bhíonn eadach "foilsitheach" uirthi, nó má bhí sí ólta.
Agus alt ag Kate Holmquist maidir le "Damhsaí Aithreacha agus Iníonacha" i SAM - damhsaí Salomé geanmnaí a chríochníonn le móid fanacht glan ar fir go dtí go roghnaíonn Daidí an fear ceart dhuit. Agus an móid seo á ghlacadh ó cailiní thar a bheith óg.

Anois, is Críostaí caomhach mise, agus creidim go bhfuil gairm chun geanmnaíochta ag cách. Ach tá saoirse agus freagracht phearsanta ag cách freisin.

Tá an chraic seo thar a bheith maslach d'idir mná agus fir.

An é gur neacha leanbaí iad fir nach bhfuil smacht acu orthu féin ach iad píosa de throigh dea chumtha nó iarracht de bhrollach ar leis a fheiscint? An striapach gach bean nach mór a choiméad ar iall ghairid?

Níl baint ag éigniú le collaíocht. Smacht agus foréigean atá i gceist, agus is cuir leis an mhasla é an locht a chuir ar an íobairteach.

Cinnte, is ceart do dhaoine a bheith stuama, agus gan a bheith ar meisce sa chaoi agus nach bhfuil smacht acu ar a dtarlaíonn dóibh. Ach níl léithscéal dá laghad ansin ag éigneoirí. Ná ar fear a bhrúann é fhéin ar dhuine eile, ainneoin drogall an duine sin. Ní grá atá ansin, ach mí-úsáid.

Agus maidir leis an chraic úd leis an mód gheanmnaíochta - aontaíom le Kate go bhfuil blas den chiorrú coil i gceist le ansmacht dá léithéid, agus an taispeántas a ghabhann leis.

De réir mo thuiscint (agus teagasc na hEaglaise) tá na fir úd ag sarú an ceathrú aithne: ag sarú saoirse a n-iníonacha.

Ach tá an fiminteacht seo go doimhin sa sochaí. Is cuimhin liom freastal ar Aifreann inár léigh an sagart dán in áit aitheasc a thabhairt - dán faoin Iníon Drabhlasach. Ag léiriú go bhfailtítear ar ais roimh an mac drabhlasach san sochaí, ach nach mbíonn an fáilte céanna don iníon atá tar éis "titim". Ní sin a d'ordaigh Críost.

2008-09-12

Tá cearta ag leanaí. Ní ceart é leanbh a bheith agat!

Dhá alt i mercator.net:

  1. An dlí á chuir ar dochtuirí nach bhfuil sásta toirchiú in vitro a chuir ar fáil do mná nach bhfuil pósta.


Feictear dom go bhfuil bréag chearta - an "cheart" leanbh a bheith agat, is cuma cad a deir an nádúr, ag teacht salach ar fhíor chearta leanaí - an ceart fhios a bheith acu cé hiad a dtuistí, agus nasc a bheith acu leis na daoine sin.

Tá na chéad pháistí a saolaíodh de bharr IVF fásta anois - agus ábálta labhairt ar an dtionchar a bhí aige orthu. Caithfear éisteacht!

Is ceart cinnte gach cabhair a thabhairt do dhaoine atá buailte ag aimride. Ach ní ceart atá ann leanbh a bheith agat. Ní sealúchas do leanbh. Tabhartas atá ann, agus eascraíonn dualgais throma as leanbh a thabhairt ar an saol.


2008-08-25

"Status Quo" an Laidin ar "an bpraiseach ina bhfuilimid"

Níor shíl mé go mbeadh mé riamh ag athchúrsáil nath de chuid Ronald Reagan, ach nuair a léigh mé ag deireadh an ailt spéisiúil seo an nath thuas, rinne mé miongháire - agus phioc mar teideal ar an mblagmhír seo é.

Táimid ag brú ár dtruailliú soir - tríd earraí saora a cheannach ón tSín agus tíortha nach é. Tá mórán an rud céanna ag tarlú d'ár talmhaíocht.

Dlíthe daingne abhus, srianta agus maorlathas ar ár dream féin. Ach ag allmhairiú earraí táirgthe faoi choinníollacha nach nglacfaí leo scun scan abhus.

Ní chun ár leasa é nach mbeadh ar ár gcumas bia nó earraí a chuir ar fáil abhus. Agus cinnte ní chun ár leasa é go mbeadh an domhan i mbéal forbartha á nimhiú. Ní aithníonn nimh agus truailliú teorainn!

2008-08-15

Íocfaidh muid as do bhás, ach ní as do bheatha!

Alt a chuireann sceon orm i Mercator.net.

Tá sé dleathach in Oregon lámh a chuir i'd bhás féin le cabhair ó lia. Ar mhaithe le "saoirse an duine".

Agus tá an Rialtas ann sásta íoc as. Ach níl siad sásta íoc as cóireáil a chuirfidh an bás ar atráth (seachas an galar a leigheas go hiomlán).

Thuigfeá as sin go bhfuilid den tuairim gur dualgas ort lámh a chuir i'd bhás fhéin ar mhaithe le costais a laghdú don tsochaí.

Saoirse?

2008-08-06

Focail, Croí, Cloigeann

Alt spéisiúil ag Mercator.net maidir le conas cuir in a luí ar dhaoine cén cúrsa atá eiticiúil; tábhacht an réimse teangain a úsáidtear, agus bealaí seachas réasún amháin chun fios a bheith ag duine.

Tá tábhacht le réimse focail caoi in aon phlé, agus ní féidir plé a bheith ann d'uireasa comhthuiscint ar brí na bhfocail.

Le fada, tá sofhriotal ag cuir argóint poiblí as a riocht; ní mór bheith ar an airdeall faoi.

Suimiúil freisin gur féidir le daoine a bhfuil gortú inchinne de shórt áirithe ag cuir as dóibh cinntí mí-eiticiúla, ach réasúnta a ghlacadh.

Neach thar a bheith casta an cumasc úd as corp, toil, mian agus intleacht - an neach daonna.

2008-07-31

An iomarca againn sa chine daonna?

Dhá thuairim i gcodarsnacht san Irish Times inniu: David Adams ag éileamh bá don Aifric uainn agus John Gibbons ag éileamh srianta dochta ar phobal an Domhain.

Is cinnte nach bhfuil acmhainní ar fáil chun go n-ídeodh gach neach daonna ar méid céanna agus an ghnáth Iartharach.

Ach feictear dom go bhfuilimid ar cuir an t-uafás amú san Domhan Thiar. Agus go bhfuil na hacmhainní ann chun saol fiúntach a bheith ag gach neach daonna, ach maoirseacht stuama a bheith orthu. Agus, mar a deir David Adams, go mbeadh maolú ar fhás an daonra sna tíortha i mbéal forbartha ach saol níos fearr a bheith acu ann.

Scéal eile a bhaineann le hábhar ag MercatorNet: saoi de chuid ghluaiseacht an smachtú daonra ag clamhsán faoi neamh éifeacht an piolla frithghiniúna.

Bhí gné ciníoch agus an cuid is measa den dea-ghinic ag baint leis an dearcach sotalach sin nach mór don Domhan i mbéal forbartha srian a chuir ar fás a dhaonra - ar mhaithe linne san Iarthar nach mian linn srianta a leagan ar an gcur amú agus craos.

Mar a fheiceann muide faoi láthair [cé go bhfuil deireadh ag teacht leis], tá gá le fás san daonra chun dul chun cinn eacnamaíochta a bheith ann.

Córas chasta, agus saol casta atá san Domhan s'againne. Ach is fúinne san Iarthar atá sé plé le hiarmhairtí ár mí iompar. Ní futhu siúd nach bhfuil ach an gannchuid acu - ach a choinníonn caife, tobac, ola, cocáin, rís,... linne.

2008-06-20

"qualités essentielles"

Tá sé ina raic sa bhFrainc de bharr go bhfuair fear Moslamach neamhniú dleathach ar a phósadh - toisc gur inis an bhean bréag mar gheall ar a ócht.

Ní raibh an chúirt ag maíomh go raibh sé de cheart aige deimhniú ócht a lorg ón mbean. Ach ghlac siad leis nár thoiligh sé go saor leis an bpósadh, toisc go raibh sé ag glacadh lena focal gurbh ógh í, agus go raibh sin riachtanach ina thuairim siúd.

De réir Dlí na Fraince, tá pósadh neamhní má tá fabht "i gcáilíochtaí eisintiúil an pearsan". Tá an Dlí mórán mar an gcéanna anseo.

Pé ní faoi ócht, ní haon bunchloch folláin é bréag do chaidreamh buan.

Agus is deacair aon athrú ar an Dlí a fheiscint nach bhfágfadh an scéal níos casta - mar atá á phlé i Le Monde, anseo.

Dála an scéil, thoiligh an bhean leis an neamhniú - agus an cheart aici, dar liom, tá sí níos fearr as gan fear mar sin nach bhfeiceann inti ach luach a hóchta.

2008-04-28

Grádú Daonnacht


(Íomhá le ekem ó Wikimedia Commons)

Tá Comhairle Bitheitice na hÉireann tar éis fógairt go gcreideann siad go bhfuil "luach morálta níos lú" ag na suthanna "breise" a bhíonn mar thoradh ar toirchiú in vitro, agus go bhfuil sé cuí mar sin feidhm a bhaint astu i dtaighde ar gaschealla shuthacha ar mhaithe le daoine tinne, atá, de réir an leagan amach seo, níos luachmhaire. (Scéal anseo)

Cén saghas eitic é "Cosnaíonn an sprioc an bheart"?

Is feall ann fhéin gur cruthaíodh suthanna breise ar mhaithe le "ceart" daoine fásta leanbh a bheith acu, nuair nach bhfuil an cumas nádúrtha iontu leanbh a bheith acu. Cinnte, is cinniúint thar a bheith crua an neamhthorthúileacht, agus is ceart gach cóir leighis a bheith ar fáil dóibh siúd atá buailte leis. Ach níl cearta ag aoinne leanbh a bheith acu. Tabhartas atá ann.

Agus is ró bhaolach an rud é línte a tharraingt agus a rá go bhfuil neacha daonna ar thaobh amháin den líne inúsáidte, más bás féin an toradh air, ar mhaithe le neacha daonna ar an taobh eile den líne.

Táim bréan bailithe den mantra úd gurb é taighde ar gaschealla shuthacha an "caighdeán órga". Glacaim go fonnmhar leis gurb iad gaschealla "uilechumasacha"1 an chaighdeán órga. Ach ní gá suthanna a scrios len iad a fháil. Ar an gcéad dul síos, tá gaschealla ar fáil ón srincne. Sa bhreis ar sin, tá dul chun cinn mór déanta ar thaighde gaschealla ó dhuine fásta. Aon cóir leigheas atá i promhadh cliniciúil is as gaschealla ó dhuine fásta a tháinig sé.

Agus tá bealaí ann anois chun gaschealla ó dhuine fásta a dhéanamh ilchumasach.

Níl gá le leathnú amach cultúir an bháis, agus moráltacht fhóntaíoch den tsórt seo.

Tá súil agam go ndéanfaidh an Rialtas neamhaird ar an ndrochchomhairle seo.

Scríobadh san Irish Times agus an scéal seo a phlé nár cheart riamh gan taighde a dhéanamh. Anois, ní mian liom teacht salach ar Dhlí Godwin, ach is deacair gan smaoineamh ar thaighde mharfach Mengele. D'eascair roinnt torthaí fónta as sin freisin.

Alt maidir le IVF anseo agus maidir le ghascealla anseo.



1Tá gaschealla uilechumasacha ann, a bhfuil ar a gcumas athrú in aon saghas ceall daonna, agus ilchumasacha nach bhfuil an raon fairsing céanna cumas iontu. Is den cineál deiridh an chuid is mó de na gaschealla ó dhaoine fásta.

2007-11-29

Cé tá ag faire orm?

Tá muid san saol poiblí anseo.
Rud a thuigim go maith. Agus ní deirim aon rud nach mbeinn sásta rá go poiblí.

Ach is iomaí duine nach dtuigeann é seo. Léigh mé an t-alt tráthúil seo:

Dar ndóigh, tá sciath chosanta áirithe ag Gaeilgeoirí!

Ach an rud is deacra smacht a choiméad air ná cé tá ag faire. Níl sé ionann agus a bheith i gcomhluadar san seomra mór gorm. Ní fheiceann tú do léitheoirí.

Fiú agus níthe cosúil le statcounter in úsaid ag duine, tá sé deacair daoine a aithint; bíonn móran gach teaghlach nasctha le dream éigin a bhfuil sciar mhór seoltaí IP acu, ach a dháileann go randamach iad.

Mar sin, bígí airdeallach agus sibh amuigh i ndufair na hidirlíne!

2007-10-07

Ól caife Starbucks, agus déan gníomh fónta?

Cheannaigh comhghleacaí de'm chuid cupán caife de chuid Starbucks ar na mallaibh. Chomh maith leis an bhfógra "Aire, leacht thé", bhí rá éigin ar an gcupán maidir leis an gníomh fónta a bhí ar bun aige, agus an caife úd a ól.

An bhfuil muid éirithe chomh sotalach sin i dtuaisceart an domhain? Cinnte, is fearr caife as trádáil cothrom ná caife dúshaothraithe. Ach níl ann ach é. Sé bun agus barr an scéil ná go bhfuil andúil an tuaiscirt do chaife, té, siúcra, agus go deimhin cóicín agus codlaidín ag goid talamh ar cheart bia fónta a bheith a fhás air. An cleas is déanaí againn ná bithbhreosla a chuir ag fás seachas bia, d'fhonn ár gcraos fuinnimh a choisc.

Is cuimhin liom cartún a fheiscint uair a amháin a chuir síos ar go beacht.

Dhá leath déanta den chruinne. Peasán amplóra ab ea an leath thuaidh. Babhla folamh an ghorta ab ea an leath theas.

Má tá muid uilig le teacht slán, beidh orainne déanamh gan roinnt rudaí ar mhaithe leis an gcine. Is dócha go mbeadh (ar a laghad) gearra siar ar chaife ina measc.

Ná bímis ag cuir dallamullóg orainn fhéin!

2007-05-30

Bás agus Beatha mar siamsaíocht

Anois, ón dream a bhronn "Big Bother" orainn, clár teilefíse ina shocródh bean atá ag saothrú an bháis cé do a dheonóidh sí a hae.

(Scéal anseo)

Seo Cultúr an Bháis agus "Iomráiteachas" imithe thar fóir ar fad.

Níl eitic ar bith nach reicfear ar son cúpla bomaite "cáile".

Teilifís réaltachta?



Aguisín. Bhí scéala ar ar nuacht anocht gur bob a bhí ann.

Fíor othair a bhí ag lorg duáin (seachas ae mar a scríobh mé thuas), ach aisteoir ab ea an deontóir.

Cleas margaíochta do Chumann Duán, is cosúil. Ach fós táim amhrasach faoi.