Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label ginmhilleadh werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label ginmhilleadh werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2016-10-17

Ní lia dlíodóir, aguisín

Argóint a déantar go minic ar son an chosc ar ginmhilleadh a aisghairm ná go bhfuil sé ag tarlú cibé. Go háirithe anois agus piollaí ginmhillte ar fáil.
Ní ghéillim do sin. Ní tomhais ar ceart nó mícheart ruda an líon daoine a déanann é.

Ach tá rud amháin ar mithid aghaidh a thabhairt air. Bhí clinicí áirid ag comhairliú do mhná bréaga a insint dá dochtúirí, rá leo go raibh breith anabaí nádúrtha acu. Comhairle baolach, mífhreagrach  atá ansin. Cé go maítear na piollaí seo a bheith slán, níl aon leigheas nach bhféadadh iarmhairtí gan choinne a bheith aige, go minic tar éis blianta. Tá sé tábhachtach go mbeadh eolas cruinn ag lia chun fáthmheas ceart a dhéanamh.

An t-imní atá ar na mná ná go sceithfí orthu agus go mbeadh iarmhairtí dlí dóibh.

Creidim go mba cheart go mbeadh macasamhail séala na faoistine i gceist le dochtúir i gcás mar é; go mbeadh dualgas gan aon eolas a nochtadh seachas dá mbeadh sé práinneach ar mhaithe le sláinte na mnaoi.

B'fhiú machnamh ar modh éigin tuairiscithe anaithnid chun sonraí faoi méid na húsáide a mheas. Ach go háirithe cionn is go m'bhféidir go mbeidh iarmhairtí sláinte amach anseo.

Tuigtear anois nasc a bheith idir an piolla frithghiniúna agus an galar dubhach- agus manglam eile hormóin atá i gceist leis na piollaí ginmhillte.

Arís seo cás arbh fhearr i lámha lucht leighis ná lucht dlí.

Ní lia dlíodóir

Airteagal 40.3.3 an cnámh spairne:

Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.

Soiléir go leor, shilfeá. Ach de bharr meatacht rialtais le triocha bliain anuas, ní raibh go dtí 2013 aon reachtaíocht dearfach. Tá an píosa reachtaíochta sin féin amscaí, brúite le deifir tríd an oireachtas. Fágann sin gur i lámha na cúirteanna agus dlíodóirí a bhí an cheist. Is iontach na castachtaí ar féidir le dlíodóir baint as nath simplí fearacht 'sa mhéid gur féidir é'. Ní mór a rá freisin gurbh iad na cásanna is castaí agus is truamhéalaí a thagann ós comhair na cúirteanna.

Maíonn roinnt cnáimhseoirí go bhfuil an cosaint ar an mbeo gan breith ina chosc ar deá chleachtas leigheas. Tá frídín amhrais orm. Ní hamháin go bhfuil na dochtúir céanna chun tosaigh ag éileamh eascú ar ghinmhilleadh, ach is iad freisin a bhíonn ag iarraidh neamhspleáchas mná glúine a mhúchadh, agus a bhíonn ag maíomh as a 'mbainistíocht gníomhach ar luí seoil' a chuireann an máthair agus leanbh faoi chúng clár ama agus oibre monarchanúil an oispidéal, seachas a ceann a ligeann leis an nádúr, mar ba cheart i mórchuid na cásanna.

Luaitear tragóid Savita mar fhianaise don dearcadh seo. Tá an tuiscint seo bunaithe ar nath fánach le banaltra a dúirt gurbh tír caitliceach í seo. Léirigh trí iniúchadh áfach gur faillí lucht leighis, a scaoil ocht deis gníomhú tharstu, ba cúis lena bás. Más rud é go raibh siad srianta ag an dlí, ba dheacair tuiscint cad chuige go dtáinig FSS ar shocrú lena nuachar. Mura raibh faic mícheart déanta acu faoin dlí, ní bheadh cúis le freagairt acu.

Mar sin féin ní cheart a leithéidí seo a bheith i lámha dlíodóirí seachas dochtúirí.

Fágann córas achrannach an dlí coiteann go mbíonn brú ar dhochtúirí a gcuid botúin a cheilt- a shéanadh fiú- agus a bheith iontach cúramach má tá aon amhras ann. Daoine is ea dochtúirí, ag obair faoi ardbhrú ag teorainn bás agus beatha. Neacha iontach casta othair, agus níl cinnteacht ann maidir le cén éifeacht a bheadh ag íocshláinte.

Tá gá, ar mhaithe linn ar fad, le córas dlí a thugann cosaint do dhochtúir coinsiasach. A thugann spreagadh botúin a admháil go luath, chun go mbeadh deis na hiarmhairtí a mhaolú agus chun foghlaim agus cleachtais a leasú dá réir. Is gá gan amhras dochtúirí bradacha a aithint, ach níl barántas sa chóras reatha go ndéanfar amhlaidh.

Mar chuid de sin tá gá le córas a chuidíonn leo siúd atá thíos le míthapa leigheas- chun plé leis na hiarmhairtí nuair a fhágtar duine faoi míchumas, agus chun tuiscint a thabhairt do theaghlaigh faoi bhrón. Ní ceart go mbeadh ar a leithéidí achrann is costas cás cúirte a tharraingt orthu féin agus iad cheana féin buailte is brónach.

Sin leasú a bheadh mé in ann lán tacaíocht ó chroí a thabhairt dó.

2016-10-13

Na réamhdhaoine

Roinnt blianta ó shin bhí mé gafa le scríbhneoireacht Phillip K Dick. Samhlaíocht sách dhorcha atá aige, faoi anáil an chogaidh fhuar. Buanchogaidh síoraí ábhar cuid mhór dá scéalta; sciar mór eile ag plé leis an gcogadh ar dhrugaí. Scagadh ar leith déanta aige ar dhaoine saorga, as ar eascair an scannán Blade Runner. (Ar ghearrscéal dá chuid atá an scannán Total Recall bunaithe freisin).

Tá scéal ar leith dá chuid tráthúil. I 'The Prepersons' samhlaíonn sé domhain nach nglactar le daonnacht linbh go dtí go mbíonn smacht aige ar ailgéabar. Bíonn ar leanaí roimh an aois sin teastas inmhianaithe óna dtuismitheoirí a bheith acu de shíor chun iad a choinneáil slán ó na maoir a bhíonn ag lorg leanaí nach bhfuil de dhíth ar a muintir níos mó, le fáil réidh leo trí plúchadh i monarcha.

Cíoradh spéisiúil ar an gceist eitice, cad is duine ann. Ní haon rún mo sheasamh, ar ndóigh. Tá duine ann ón dtuisme dar liom, agus tá sé baolach daonnacht neach a bheith spleách ar mhianta daoine eile. Ní cheart bás nádúrtha duine a bhrostú, ná ní ceart fad saoil saorga a bhrú ar dhuine. Aithním gur cás ar leith an leanbh sa bhroinn agus gur minic cásanna casta le réiteach ag lucht leighis, cásanna nach aon chabhair ladar aos dlí bheith iontu. Ach seasaim leis na prionsabal mar threoir.

Tá gné amháin de scéal Dick a bhfuil col agam leis. Tá mná imeallaithe ina scéal. Na mná atá ann tá siad aontoiseach leithleasach cruálach gránna.

Ainneoin an chaint ar fad fé rogha na mban feictear dom gur faoi bhrú óna gcomhluadar  - muintir, oidí, fostóirí a shamhlaítear do mhná nach bhfuil de rogha acu ach fáil réidh leis an 'bhfadhb'. Ar ndóigh bíonn fear i gceist i gcónaí le coimpeart. Is minic áfach gur fir foinse an bhrú ar mná an 'fhadhb' a réiteach, iarracht a dhéanamh an clog a chasadh siar.

Ní sin an ghné atá i dtreis i scéal Dick. Fuaireas fuascailt na ceiste ar na mallaibh. Is cosúil gur scríobh sé an scéal faoi anáil colscaradh achrannach lena bhean, tréimhse ina ndearna sí ginmhilleadh ar a leanbh. A fraoch léi siúd a chuir ainriocht ar na mná sa scéal.

2013-05-16

Céard is duine ann?

Artikel 1 GG. (1) Die Würde des Menschen ist unantastbar. Sie zu achten und zu schützen ist Verpflichtung aller staatlichen Gewalt.
Ní ceadmhach baint le dínit an duine. Is dualgas gach cumhacht de chuid an Stáit ómós a bheith acu uirthi agus í a chosaint. 

Is mar sin, faoi anáil uafáis an Tríú Reich, a chuirtear tús le Bunreacht Phoblacht Cónaidhmeach na Gearmáine. Is beag duine a easaontódh leis sin.

Ach cad is duine ann? Cathain a bhfuil tús agus deireadh leis? Cad as a nádúr? Cad iad a bhuan-tréithe; cad atá athraitheach? Ansin atá an achrann!

Is beag cabhair dúinn an eolaíocht nuair atá dínit faoi chaibidil. Tá neach nua daonna ann ag coimpeart - foireann géine dá chuid féin. Sin, dar liomsa, tús na beatha daonna. Uaidh sin mo dhiúltú do ghinmhilleadh. Ach tuigim nach féidir leis na heolaíochtaí nádúrtha ceisteanna morálta a fhreagairt, cé gur féidir leo  bunús a thabhairt dóibh.

Maítear go minic gur athraigh an Eaglais CR - nó ar a laghad diagaithe dá chuid - a seasamh ar tús na beatha. Níl sin cruinn. Buan-phrionsabal atá ann, nach ceadmhach beatha saonta a thógáil. An rud a athraigh ná an eolaíocht - an tuiscint ar choimpeart.
Sin gné eile den scéal. Is furasta prionsabal dubh agus bán a leagan amach. Níl an saol dubh agus bán. Faraor, is minic fuilteach é.
Seasaim leis an bprionsabal nach ceadmhach deireadh a chuir d'aon-ghnó le beatha duine - ó coimpeart go bás nádúrtha.

Tuigim go bhfuil pian, strus agus trioblóid ag baint le toirchis agus breith, fiú nuair atá an bhean nó lánúin ag thnúth le leanbh. Tá taithí phearsanta agam ar an fhulaingt a bhaineann le breith anabaí.

Glacaim leis nach mbíonn ginmhilleadh ag bean mura mhothaíonn sí sáinnithe. Ach feictear dom, sna tíortha go bhfuil ginmhilleadh ar fáil, go gcruthaíonn sé brú breise ar mhná fáil réidh leis an "bhfadhb". Agus baineann sé den mbrú ar an bpobal dul i ngleic leis na tosca a fhágann gur míbhuntáiste do bhean leanbh.

Tá rudaí sách bunoscionn san saol san Iarthar faoi láthair - lánúin ag cur coimpeart pháistí ar an méar fhada, agus ansin nuair a mhothaíonn siad "réidh" is minic fadhbanna ann de bharr na blianta is folláine do thoirchis agus coimpeart bheith imithe  (gan trácht ar an stró bhreise a bhaineann le tógáil clainne agus tú níos sine). Fágtar ansin iad le crá agus briseadh croí, agus uaireanta costas mór do míochaine torthúlachta. (Agus cuid na na míochaine sin atá iad féin dochrach don dínit daonna, ag déanamh earra tráchtála as duine)

Ní ceart go mbeadh páiste ina bhac ar oideachas ná dul chun cinn sa ghairm. Go deimhin, sílim go bhfuil gá le hathstruchtúrú ar an saol gairmiúil chun go mbeadh deis ag daoine clann a thosú ag aois feiliúnach ach fós saol fiúntach a bheith acu agus ag a dteaghlach.
 
Aithním go mbíonn ndochtúirí faoi bhrú, agus go ndéanann siad botúin. Is gá don dlí sin a chuir san áireamh - ba mhaith liom córas reachtaíochta a fheiceáil a spreagann lucht leighis chun botún a admháil go luath, ar mhaithe leis an dochar a laghdú agus é a sheachaint amach anseo.
Tá gá a aithint freisin go bhfaigheann mná ginmhilleadh - lasmuigh den dlínse, nó ag baint feidhm as drugaí ó lasmuigh den dlínse. Tá gá cosaint san dlí chun go mbeadh na mná seo in ann teacht ar aon cúram míochaine nó meabhairshláinte gan bheith imníoch faoi iomlán an fhírinne a insint dá dochtúir. (Léirigh iniúchadh abhus go raibh clinicí áirithe atá ar son ginmhilleadh níos forleathana ag moladh dó mhná gan rá le dochtúir go raibh ginmhilleadh acu).

Níl éigniú luaite agam. Seo an toisc is deacra - coir táir foréigneach i gcoinne bean. Is uafásach an rud é go bhfeadfaí toirchis eascairt as gníomh táir mar sin - ach ní ar an ghin an locht, agus ó tá saol nua ann, tá ceart ag an saol sin.

Tuigim go maith go mbeidh daoine ann a easaontódh go fíochmhar liom, agus a chreidfidh gur barbartha an gníomh éileamh ar bhean leanbh a iompar go breith i gcoinne a tola. Tuigim dóibh go pointe - ach sáraíonn an cheart chun beatha gach ceart eile. Agus cuimsíonn an cheart chun beatha an dualgas gach beatha a chosaint san méid is féidir.

2009-07-23

Saoirse na Máthar an cosaint is fearr in aghaidh ginmhilleadh

Le líon na seachtaine seo chaite, bhí an íobartach i gcás C ag caint le Pat Kenny.
Deir sí nár thuig sí cad is ginmhilleadh ann, agus nach mbeadh sí tar éis toiliú dá dtuigfeadh. Chuir sí ainm ar a leanbh, agus chaoin sí í.

Feictear dom gur theip muid mar sochaí ar bheirt saonta sa chás seo; ar an dá leanbh.

Ceist í seo nach leor an dlí le dul i ngleic leis, cé gur léir go bhfuil gá le dlí láidir docht in aghaidh banéigin. Coir atá ar chomhchéim le dúnmharú dar liom, agus ar cheart caitheamh leis mar coir den troime sin.

Tá sé spéisiúil sa comhthéacs seo go bhfuil Rocco Buttiglione anois ag rá go bhfuil sé níos tábhachtaí féachaint chuige go bhfuil máithreacha saor go fíor ina cinntí seachas an dlí a chuir i feidhm orthu.

Is dóigh liom go bhfuil an ceart aige, ach is dóigh liom freisin go bhfuil ról ag an dlí i gcosaint máthair agus leanaí - ag leagan amach cad iad na gníomhartha atá inghlactha againn mar phobal.

Ceist íogair, ceist chasta. Tá gné spéisiúil ann sa Ghearmáin. Tá ginmhilleadh mí dhleathach - ach i gcásanna áirithe saor ó phionós.

Tá cás roimh an cúirt Eorpach um Chearta Daonna faoi láthair a chuirfidh corr eile sa scéal abhus.

Tá na cosúlachtaí idir cas C agus Cás Jane Roe sna Stáit spéisiúil. Tá Norma MacCorvey (fíor ainm Jane Roe) anois in aghaidh ginmhilleadh.

2008-09-05

An Gin agus a mhillte

De bharr chaint Nancy Pelosi, ag maíomh go raibh amhras ann faoi leanúnachas teagasc na hEaglaise Caitlicí maidir le ginmhilleadh, tá achoimre foilsithe ag na hEaspaig i SAM.

Léirítear ann, cé go raibh díospóireacht ag tarraingt ar na heolaíochtaí ann maidir le cathain a thagann ann don anam, go raibh an tuiscint ann ón tús gur gníomh tromchúiseach agus táir aon ginmhilleadh.

Agus go bhfuil an eolaíocht anois ag teacht leis an teagasc sin - go gintear neach nua nuair a thagann ubh agus síol le chéile.

Is maith ann an léiriú seo.



Aguisín 2008-09-09 Freagra an Easpaig Chaput ar bhladar Joe Biden ar an ábhár chéanna:
Ceist eolaíochta tús na beatha - tá inbhid nua ón ón dtuismeadh ar aghaidh. Ceist fealsúnachta/creidimh is ea caithin is féidir "pearsan" a thabhairt ar an neach sin. Ach níl ceist ar bith ann go bhfuil leanúnachas ag baint leis an inbhid sin ón tuismeadh go dtí an bás. Agus tá an túsphointe i bhfad níos léire dúinn ná an pointe deiridh!