Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label foghlaim werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label foghlaim werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2017-04-28

Ag iomrascáil le Python

Blianta siar rinne mé iarracht dul i ngleic leis an dteanga ríomhaireachta Python. Ní raibh mé tógtha leis in aon chor. Tá spás bán riachtanach i gcomhréir Python - má tá an spás bán mícheart, tá an clár fabhtach. Ní raibh eagarthóir maith ar fáil dom. Shíl mé gur fabht sa dearadh an cinneadh braith ar spás bán le hais na lúibíní a bhí mé cleachtadh leo ó C agus Perl. Ní dhearna mé mórán leis.

Tá mé fillte ar le déanaí. Tá forbairtí déanta san teanga féin - leagan 3 ann anois, le hais leagan 2 an uair úd. Tá méadú mór ar na feidhmeanna atá ar fáil san teanga féin agus san leabharlann caighdeánach feidhmeanna.

Ach an éascaíocht is mó na go bhfuil teacht anois ar scata 'timpeallacht chomhtháite forbartha' - eagarthóirí ina bhfuil tiomsaitheoir don teanga neadaithe iontu, maraon le eolas faoina bhfuil sna leabharlanna. Baineann sin ualach mór oibre ón forbróir - fearacht litreoir agus gramadóir i bpróiseálaí focail, bíonn TCF ag scrúdú an méid a scríobhann an forbróir, ag fógairt botúin comhréire, ag moladh feidhmeanna as leabharlann.

Tá Python oiriúnach do roinnt modh oibre - dearadh bunaithe ar rudaí, nó clárú fheidhmeach, nó clárú de réir gnáis. Is féidir na paraidím seo a mheascadh agus an modh is fearr don fhadhb reatha a úsáid.

Tá tacaíocht fíor láidir san teanga chun a fheidhm céanna a chuir ag obair ar sraith sonraí - is féidir líne amháin a scríobh san áit go mbeadh sraith lúb neadaithe riachtanach i dteangacha eile.

Sa mhullach ar sin tá feabhas as cuimse tagtha ar na háiseanna foghlamtha ar líne, le leithéidí https://projecteuler.net/ http://exercism.io/ nó https://www.hackerrank.com/ - suíomhanna idirlíon a chuireann fadhbanna clárúcháin ar fáil, agus a déanann promhadh ar an bhfreagra. Tá bunachair eolais agus taithí ar fáil freisin - leithéidí  https://stackoverflow.com/ áit a bhfuil scata réiteach samplach ar gach cheist faoin spéir.

Bheadh fainic amháin agam faoina leithéidí. Is minic go bhfuil réiteach na faidhbe éasca má tá na sonraí cruinn ceart ar fáil mar ionchur. Ach go hiondúil is gá scagadh agus glanadh a dhéanamh air an ionchuir - go dtí seo is beag béim ar sin atá feicthe agam sna suíomhanna.

Baineann an réiteach aon líne cliste leis an Modh Pythonic a bhfuil lucht Python tugtha dó - ach is féidir leis an toradh bheith doiléir go maith.

Mar sin féin is éachtach a bhfuil bainte amach ag foireann saorálaithe san teanga seo, ar thogra foinse oscailte é faoi stiúr a nDeachtóir Dea-mhéineach Saol Guido van Rossum.

(Tagairt don sraith grinn Monty Python is ea an ainm dála an scéil, seachas don nathair).

Saighead eile i mo bholgán gairmiúil atá ann anois!

2016-12-20

Taibhsí an Locha

Go hiondúil cuireann an lipéad 'foghlaimeoirí fásta' ó dhoras mé nuair a fheicim ar leabhar. Ach mheall ainm an údair mé, Antain Mac Lochlainn. Tá roinnt dá shaothair agus colúin léite agam le fonn. Ní dóigh liom gur léigh mé ficsean leis cheana.

Scéal sách simplí taibhsí atá sa leabhar, teach mór, ainghníomh, fuascailt le tabhairt ag daoine.

Ach insint mhaith, gan ró shimpliú ar an dteanga cé nach bhfuil aon chlocha crua ann.

Chuir sé an turas ar obair isteach dom go pléisiúrtha!
Ón leabharlann a fuair mise é, ach tá sé ar fáil ar phraghas cupán caife ón bhfoilsitheoir.

Taibhsí an Locha
Antain Mac Lochlainn
Cló Iar-Chonnacht

2016-10-25

Dlíonn foghlaimeoir foighne

Bhí mé i bpluais na cúise le déanaí toisc go raibh mo mhac agus cara leis ag seinm ann. Bhí an áit thar a bheith ciúin, ní raibh istigh ach mé féin agus ciorcal cainte foghlaimeoirí.
Thug siad cuireadh dom suí leo, agus rinne mé amhlaidh.
Ní múinteoir mé, níl an scil agam, agus ní bhíonn fonn orm Béarla a labhairt san áit a raibh súil agam a bheith ag labhairt Gaeilge. Tá's ag Dia go mbíonn na deiseanna í labhairt sách tearc ag mo leithéidí atá scoite amach ó chainteoirí eile. An nós atá agam ná iarracht a dhéanamh an méid a dúirt mé a rá arís, i bhfocail eile. Níl fhios agam an cur chuige inmholta atá ansin go teagascach. Tuigim gur fusa ag go leor an rud a rá as Béarla ach feictear dom go bpolltar an comhrá ag an bpointe sin.
Bhí duine ann ag rá gur mheas sé nach raibh fáilte roimh a leithéidí ag ócáidí shóisialta as Gaeilge, nach raibh cainteoirí líofa sásta a gcomhrá a chuir in oiriúint dá chumas.
Is cinnte gur fíor dó. Ní minic go dtagann daoine nach bhfuil iomlán líofa an dara uair chuig an Ciorcal Díospóireachta, abair. Ní hé go gcuirtear ó dhoras d'aon uaim iad, ach is chun comhrá bhríomhar a bheith againn atá muid cruinnithe.
Rinne mé iarracht míniú dhó go bhfuil riachtanais ag cainteoirí líofa freisin, gur mian linn pléisiúr a bhaint as deá chomhluadar agus deisbhéal.
B'é a mhaíomh go mba cheart dúinn bheith ag spreagadh a leithéidí ar mhaithe leis an dteanga.
Is dócha gur fíor dó go pointe. Mar sin féin ní dóigh liom gur féidir dualgas teagascóra a leagan ar gach duine a bhfuil Gaeilge ón gcliabhán.
Tá cuid mhór againn gann ar an bhfoighne agus an t-eolas riachtanach chuige cibé. Fiú má tá ar cuid gramadaí cruinn (rud nach fíor fúmsa faraor) ní minic go bhfuil an cruinneas céanna comhfhiosach.
Ceist sách casta iompar teanga.
Éilíonn dul chun cinn foighne, ó thaobh an chainteora líofa, ach freisin ó thaobh an fhoghlaimeora.
Agus sin mo racht.

2007-08-22

Printíseacht

Agus mé ag siúl i bPoblacht na Seice, na blianta fad ó shin, chonaic mé an rann seo greanta i gcloch:

Wer ist Meister? Der was ersann!
Wer ist Gesell? Der was kann!
Wer ist Lehrling? Jedermann!


Sé sin:

Cé hé an máistir? An té a chum ní!
Cé hé an fear pá? An té a bhfuil ní ar a chumas!
Cé hé an printíseach? Cách!


Ceird atá i bhforbairt bogearraí, agus sé an tslí chun an cheird a fhoghlaim na ó mháistir. Ach amháin go bhfilleann muid ar an bprintíseacht go minic de bharr na hathraithe tobann san teicneolaíocht. Is maith ann na maistrí i gcéin a thugann an tIdirlíon níos gaire dúinn!

2007-07-03

An Scríob Cheart

Agus mé ag treabhadh liom ar an idirlíon, tháinig mé ar an bhlag-mhír seo maidir le Scratch.

Sár uirlis atá ann chun ligeann do phaistí ríomhchlárú a fhoghlaim. Tá comhéadan simplí "tarraing agus scaoil" aige, agus úsáidtear léaráidí atá an-chosúil le léaráidí Nassi-Shneidermann.



Tá sé thar a bheith éasca scéilín, scannán bheag nó cluichí simplí a chlárú leis an gcóras seo. Rinne mé iarracht cheana le Logo mo phaistí a chuir ag ríomhchlárú, ach bhí an bearna idir an méid a bhféidir leo a dhéanamh, agus gnáth cluiche ríomhaire ró mhór: chaill siad spéis go tapaigh.

Tá sé i bhfad níos fusa rudaí fiúntacha a dhéanamh le Scratch.