Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-09-30

Schall und Rauch

Nuair a bhog mé go Beirlín i dtosach bhinn ag freastal ró mhinic ar na tithe tábhairne "Éireannacha" — bhíodh ceol cúpla uair sa tseachtain iontu. Roimhe sin, ní raibh mé chomh gafa sin le ceol traidisiúnta ach mheall cumha an imircigh mé chuige. Bhíodh mé ag ól (barraíocht) Guinness. An uair úd - agus go ceann i bhfad ina dhiaidh - bhí cead caite tobac sna tithe tábhairne agus bhíodh an aer tiubh le deatach. D'fhéadfaí na balcaisí bréana a chaitheamh sa chúinne tar éis filleadh abhaile i gcorp na hoíche. Ach faraor tá féasóg mar atá orm an mhaith ag coinneáil boladh. Ba seacht mheasa póit an ró ól de dheasca boladh an deataigh fuaraithe faoi mo pholláirí!

Is mór idir na haimsiribh. 

Aréir, i ndiaidh an cheoldráma a mheall go Sligeach sin, d'fhuadaigh Fionn muid chuig tábhairne McLynn - is geal le sos malairt oibre, agus bhí fonn seinm air. Tábhairne sách beag, slua mór ceoltóirí bailithe, agus ceol traidisiúnta iontach á sheinm. Tráth dá raibh, bheadh ceo na dtoitíní tiubh ina leithéid d'áit. 

Ní ólaim Guinness, ná barraíocht, ach go hainnimh. Dhá bhuidéal de leann an Choinigear a bhí agam. B'fhearrde a mblas gan mo scornach a bheith faoi ionsaí deataigh dara láimhe. 

Tá corr rud fiúntach i gcuntas Fianna Fáil!

(Aguisín - nuair a bhí ancairí an tseisiúin ag iarraidh clabhsúr a chur leis an seisiún oifigiúil, thosaigh siad ar Amhrán na bhFiann ar na feadóga móra! Diaidh ar ndiaidh seas an mbeagán a bhí ina suí, agus chan a raibh i láthair an leathrann deiridh!)