Ó fógra reatha d'arasán sa bhloc ina raibh cónaí orm |
Nuair a bhog mé go Beirlín i 1990, in éineacht le naonúr eile a bhí earcaithe ag an gcomhlucht AEG díreach ón ollscoil in Éirinn d'eagraigh an chomhlacht arasáin dúinn. In mbloc mór de árasáin aon seomra a bhíomar lonnaithe; dream a raibh ArWoBau orthu an uair úd a reachtáil iad. (Más buna mo chuimhne "Cumann foirgnimh cónaí don lucht oibre" atá i gceist leis an giorrúchán. Tá ainm nua ar an gcuideachta anois "Berlinovo Apartment GmbH").
"Taisceadán oibrí" an leasainm Gearmánach ar a leithéid, as sin an teideal don mhír seo; nó "Wohnklo mit Kochnische" - i. Leithreas cónaithe le cuasán cócaireachta.
Bhí troscán bunúsach ann - leaba/tolg, bord oibre, bord ite, cúpla cathaoir, leabhragán nó dhó. Formica donn agus bán - tá ionadh orm gur beag athrú atá ar chúrsaí, mar a fheictear sa phictúir thuas a d'aimsigh mé nuair a rinne mé an seoladh a ghúgláil. Seomra amháin a bhí agam, cearnógach. Cuasán bheag de chistin ina raibh cuisneoir agus sorn - a raibh cuma ársa orthu an uair úd, agus doirteal. Ní raibh doras idir cistin is seomra agus ní raibh fuinneog sa chistin. D'fhoghlaim mé ceacht tábhachtach nuair a cheannaigh mé cáis Tilsiter is d'fhág cúpla lá sa chuisneoir é.... Bíonn boladh láidir ar cháis, boladh a scaipeann go gasta.
Bhí dorchla beag san arásan freisin, agus is ann a bhí an faithlis. Agus leithreas agus cith i seomra beag - gan dabhach ar bith ag an cith, poll san úrlár chun an tuisce a scaoileadh amach.
Bhí m'arasán ar an rud ar a dtugtar Hochparterre - sé sin, an úrlár is ísle ach é cúpla troigh os cionn an talamh lasmuigh. Bhí b'fhéidir méadar cearnach de bhalcóin agus fuinneog mór ar thaobh amháin den arásan. Ach ba ar an taobh sin a bhí an bealach isteach coisithe don bloc agus trácht dá réir ann. Mhothaigh mé mar a bheadh mé in uiscedán scaití, agus is minic gur fhág mé ní hamháin na cuirtíní láis a bhí ann dúnta, ach na cuirtíní troma donn freisin.
Bhí IKEA i ngar dúinn agus is ann a fuaireamar foireann potaí agus gréithe bunúsach. Is cuimhin liom gur shíl mé go raibh an dearadh ochtagánach cuanna ar na plátaí. Botún. Bailíonn salachar i gcúinní...
Fuair mé sílear beag sa bhreis ar an árasán, agus fuair mé rothar a choinnigh mé ann.
Níorbh é an áras is socúla é, ach is dóigh liom gurbh mé an duine deiridh den naonúr againn a bhog amach as an áit. Is dócha go raibh mé sásta áit agam féin a bheith agam tar éis bheith ag fás aníos i teaghlach líonmhar.
Idir freastal ar ghrúpa gasóga agus bheith ag ól agus ag ragairne i tábhairní Éireannacha - i rith na seachtaine chomh maith le ag an deireadh seachtaine - níor chaith mé an oiread de m'am saor ann. Bhí ceaintín ar obair agus is ann go hiondúil a d'ith mé dinnéar ar laethanta oibre. Tae agus ceapairí an t-aon ghnó a bhí agam don gcistin de ghnáth. Rinne mé roinnt cócaireachta ag an deireadh seachtaine ceart go leor. Ach is doiligh cócaireacht do dhuine amháin. Rud eile de, bhí orm bheith cúramach éirí sách luath ar an Satharn; dhún an ollmhargadh áitúil thart ar mheán lae agus d'fhan dúnta go dtí an Luain. Go deimhin, seachas an Déardaoin, nuair a bhí na siopaí oscailte níos deireanaí, bhí sé deacair siopadóireacht a dhéanamh in aon chor sa bhruachbhaile ciúin de chuid Spandau ina raibh cónaí orm. Bhí rudaí rud beag níos fearr i Spandau féin ach ní bheadh duine ag iarraidh mála móra siopadóireachta a iompar an bhus.
Ar na Sathairn úd a chosc póit ar éirí in am mé, ba mhór an ghar an bialann Iodálach a bhí trasna na sráide, agus is iomaí risotto blasta a d'ith mé ann!
Mhair mé ann ar aon nós go dtí gur phós mé, agus gur bhóg mé go dtí arásan aon seomra mo nuachar i mBeirlín Thoir - a bhí níos mó, ach nach raibh cith ann... Scéal do lá eile. Faoin am sin freisin bhí m'iomad oibre bogtha ó Spandau amach go himeall na cathrach. Tar éis athaontú na Gearmáine fuair AEG seilbh arís ar mhaoin a bhí acu roimh an chogaidh, agus ar an comhlacht a bhí i seilbh na maoine céanna, agus ag déanmah na hoibre céanna ar na bóithre iarainn thoir. Ba ghiorra an arásan i Prenzlaer Berg do Hennigsdorf ná an áit gar do Spandau, don té a bhí ag baint feidhm as iompair poiblí. (Bhí sé níos giorra i bhfad do tiománaithe agus rothaithe; ach mhair tionchar an balla ar iompair poiblí i bhfad níos faide - b'fhurasta bóithré a athoscailt; ba dheacra cás an iarnróid. Ní cuimhin liom fiú bus a bheith ann a thabharfadh chun na hoibre mé, ach níl mo chuimhne ar cathain go baileach a tharla an aistriú chomh cruinn sin. Seans gur bhog mé soir sular bhog an obair; agus go mninc ar aon nós bhí mé ag obair go seachtrach.)
Cé go dtugann an pictúir thús blaiseadh éigin den dearadh, i ndáiríre is níos dorcha atá sé i mo chuimhne. Sách maith chun codladh; ach ní habróinn go raibh cónaí orm ann, dáiríre! Tá sé deacair focail a chuir ar an gcuimhne atá agam ar mo mhothúcháin san áit. Pluais.
Ar éigin go raibh caidreamh ar bith agam leis na comharsana ann. Maidir leis na hÉireannaigh eile, bhí an chuid eile den naonúr scaipthe, cuid acu san ionad céanna, cuid eile áiteanna eile sa chathair. Ach ní raibh mé ag obair leis an gcuid eile acu - bhí mise sa rannóg forbartha, morchuid den gcuid eile i rannóga díolacháin de bharr an Béarla bheith acu. Bhí Gearmáinís líofa agam féin, agus is amhlaidh go raibh saol sóisialta éigin agam beag beann ar na daoine eile tar éis an chéad tréimhse thall. Níorbh ionann na nithe ar chuireamar spéis iontu.