Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-09-24

Puball na Scéalaíochta

Puball na Scéalaíochta

 (Bhí mír ar An Saol Ó Dheas RTÉ RnaG inné faoi leabhar nua, insint Micheál Ó Dubhshláine ar an scéal  áitúil Fiannaíochta Carraig an Ghiorria. Sin faoi ndear an sruth cuimhní seo.)

Ó aois a 16 ar aghaidh, nó mar sin, chaith mé go leor de mo chuid ama saoir le buíon gasóga i mBaile Átha Cliath - a thug comhluadar dom agus deis taistil agus siúl sléibhe. Agus mé ag tabhairt aghaidh ar Bheirlín tar éis na hOllscoile, thuig mé go mbeadh mé níos óige de roinnt blianta ná mo chomhghleacaithe. Bheartaigh mé dá réir ballríocht a ghlacadh i ngrúpa gasóga thall, ar mhaithe le comhluadar.

Ba ar ghrúpa de chuid an BdP a tháining le chéile i Charlottenburg a chuaigh mé. An nós a bhí acu ná "Treibh" a thabhairt ar a ngrúpaí, agus ainm sean treibheanna a ghlacadh chucu féin - rinneadh ball de na Normánnaigh díom dá réir! Chuir mé aithne freisin ar daoine ar chomhaois nó rud beag níos óige ná mé i ngrúpaí eile i mBeirlín Thiar - ní raibh na gasóga thoir, toisc go raibh siad comhshamhlaithe in eagraíochtaí stáit. Agus roinnt de seanfhondúirí na gluaiseachta freisin. Thug sin comhluadar agus spreagadh dom ar feadh roinnt blianta - cé gur shleamhnaigh mé as ar feadh tamaill mar go raibh mo spéiseanna ag athrú (agus gur bhuail mé le mo nuachair anois, ach sin scéal eile).

Dream iad an BdP a tharraingíonn ní hamháin ar machnamh Baden Powell faoin ngasógaíocht, ach ar mór acu na traidisúin a bhain leis na Wandervogel - fánaithe óga roimh an dara Ár Eorpach. Chomh maith le neamhspleachas na ndaoine óga a fhorbairt ba mhór acu seanchas agus go háirithe amhránaíocht fánaíochta. Gné den traidisúin is mór acu ná na "Pubaill Dubha" - nuair a bhíonn siad ar aistir, baineann siad feidhm as pubaill atá comhdhéanta de píosaí éadaigh troma dubha. Is minic nach mbíonn cleith pubaill ar iompair in aon chor acu, iad ag brath ar lomáin a bheith ar fáil san áit a dhéanann siad campáil.

Bíonn pubaill simplí beaga ann - Kohte - aithris ar phubaill na Sámaigh. Ach nuair a bhí grúpa mór le chéile ann feidhmíonn na Jurten  mar puball agus go minic ionad tionóil agus seanchais. Puball mór le ballaí arda agus díon. Poll sa lár, agus tine faoi. Coire ar an tine, agus Tschai ann - meascán milis de tae agus sú, agus torthaí agus spiosraí tríd. Chruthaigh an cumasc átmasféir cuideachtúil a spreagann scéalaíocht.

Roinnt blianta ina dhiadh phós mé. Ar chúiseanna lóistíochta - níos mó go mór gaolta agamsa ná ag mo nuachar - bhí an bainis in Éirinn. Chuamar ina dhiadh ar feadh seachtain Mí na Meala i Mám an Óraigh, ós cionn Fionn Trá in Iarthar Dhuibhneach. Bhí aoi amháin ag an mbainis arbh gasóg é agus mhol sé go mór dúinn cuairt a thabhairt ar Reiner Rolff sa Ghleann Mór i nDún Chaoin. Ba dhuine é Reiner a bhíodh gníomhach leis na gasóga i mBeirlín, agus a raibh cáil machnóra agus fáidh fós air i measc an gluaiseacht níos leithne Bündische Jugend. Bhí sé ag cuir faoi ó na 1970í i dteach a a thóg sé féin i nDún Chaoin in éineacht lena bhean agus a mhac.

Ní raibh carr ná tiomáint againn, ach shiúleamar lá amháin feadh trá Fionn Trá, agus timpeall Ceann Sleibhe go Dún Chaoin. Ó tharla ann muid, bheartaigh muid tuairisc Reiner a chuir. I 1994 bhí oifig an phoist fós i nDún Chaoin agus is ann a fuairemar fios an tslí. D'aimsigh muid an teach - suntasach de bhrí go raibh mac Reiner, Heiko, tar éis muine crainn a chuir - agus tá crainn annamh in Éirinn. Bhí tráthnóna breá seanchais againn, agus - rud a bhíomar ann buíoch as - thug Heiko síob siar go dtí an loistín dúinn.

I 2003 bhíomar fillte ar Éirinn le cúpla bliain agus beirt mhac againn. Bhíodar siúd iad féin san aicme is

An Siolla Om greanta
ag doras an bhotha

óige de na gasóga abhus - níos óige ná na macaoimh, Béabhair. Bhí teach saoire tógtha againn gar do Thrá na hInse. Lá de na laethanta - bhí tiomáint foghlamtha ag mo bhean roimh teacht anoir di - rinneamar camchuairt na leithinise arís agus thug cuairt ar Reiner. Faraor, bhí a bhean imithe ar shlí na fírinne tamaill roimhe, ach bhí a mhac agus é féin fós ina chónaí sa teach. 

Bhíodh grúpaí scoile agus gasóga ón nGearmáin ag tabhairt cuairt air, agus bhíodh sé ag cuir Micheál Ó Dubhshláine in aithne dóibh, é ag scéalaíocht dóibh. Chun éascaíocht a dhéanamh ar sin bhí comrádaithe leis ó ghluaiseacht na ngasóg tar éis both admhaidh a thógáil, ag aithris ar Jurte na nGasóg. Is ann a bhíodh an airnéain.

Bhí grúpa le teacht roinnt seachtain i ndiadh ár gcuairt, rang deiridh scoile. Tharla sé go raibh mé féin díomhaoin mar gur bhuail tonn iomarcaíochta an comhlacht ina raibh mé fostaithe. Thug mé sciurd siar ó dheas mar sin chun blaiseadh den airneáin. Ar an traein go Trá Lí, ar an ordóg do dtí an Daingean, agus de shiúl na gcos as sin. (Tá fánaíocht go maith don meanma). Fuaireas bheith istigh ó Reiner agus a mhac, agus bhí mé ann don scéalaíocht ar ball agus chuir aithne ar Mhicheál. 

Go deimhin, ó tharla gur iarr duine de na múinteoirí scéal faoi Chú Chulainn, agus nach raibh ceann ag Micheál, d'aithris mé féin scéal. Ba iontach an chaoi a chuir an atmasféir san both leis an guth daonna.

An Leperello

Ní cuimhin liom go baileach cathain ar fhorbair an smaoineamh Leperello a dhéanamh as scéal Carraig an Ghiorria ach bhí Reiner tógtha leis an smaoineamh dul díreach ó Ghaeilge Mhichíl go Gearmáinis seachas trí droichead an Bhéarla, agus sholáthar mise leagan Gearmáinise dó. Chuir Heiko an leabhar i cló ina chlólann Púca Press - Ponc Press anois. (Dhíol sé féin é le bean on Eilvéis, agus nuair a d'fhill sise ar an Eilvéis thóg an siopa leabhar sa Daingean ar lámh é - ach is é Heiko atá arís i mbun na hoibre i Lana an Phúca).

Bhí sé i gceist againn dornán scéalta eile a dhéanamh ar an modh céanna, ach faraor d'éirigh Micheál tinn, agus ansin buail stróc Reiner - mar sin níor críochnaíodh an togra sin riamh. Tá na billeoga áit éigin timpeall an tí agam fós!

Tá léaraidí le Bob Ó Cathail agus téacs Béarla agus Gaeilge le bheith sa leagan nua agus tá cuma iontach snasta air. Eagrán teoranta - ó tharla gur obair láimhe atá i gceist leis an gcló! Tá cathú orm, ach..