Menzel ag ár gceiliúradh iarphósta san Highlander i Kreuzberg, 1994.
Baineadh creathadh asam nuair a chuala mé, ar Raidió na Gaeltachta, go raibh Menzel tar éis bású go tobann.
Bhí aithne ag mo nuachar ar Menzel i bhfad siar, roimh an Wende, i an Casadh, mar a thugtar ar an athrú córais a tharla san DDR nuair a thit an balla, ach roimh an athaontú. Bhí sé sa chiorcal ealaíontóirí agus a mhacasamhail a raibh baint aici leo. Cónaí ar go leor acu i Friedrichshagen.
Bhí taispeántas ag duine acu, Thomas J Richter, sa Ghaillimh i 1991. Thaisteal mo nuachar anois le grúpa acu a chuaigh siar, agus thaithin ceol na hÉireann léi. Ba mar sin a casadh ar a chéile muid, toisc go raibh sí i tábhairne ina sheinntí ceol Éireannach, ag fanacht ar deis labhairt le duine de na ceoltóirí.
Go luath ina dhiaidh casadh Menzel agus a bhean an tráth úd, Regina, orm. Bhí siopa ceoil ag Regina i Friedrichshagen, bhí Menzel ina innealtóir.
Tá cuimhne éigin agam ar a n-árasán i Friedrichshagen. Is ann a chuala mé i dtosach Cór Tsinandali. Ar chúl doras na cistine bhí léarscáil den Eoraip, agus an bealach ó Bheirlín go dtí an Róimh a bhí i gceist aige a shiúil leagtha amach le bioráin agus snáth fada olla. Ní mé ar éirigh leis é chuir i gcrích riamh. Aisling a bhí ann, a bhí aige sula raibh deis ar bith taisteal ag saoránaigh an DDR.
Rinne mé roinnt siúl leis, bhí sé in éineacht linn sa tSeic ar a laghad uair amháin. Fear mór óil ab ea é, agus is eagal liom a rá, sranntóir nótáltha! Chuaigh mé leis féin agus Regina agus duine nó beirt eile chun Amstardam, nuair a bhí mo nuachar anois gafa le hobair éigin (bhíodh sí ag obair leis an iarnród, ag díol ticéid i stáisiúin Lichtenberg agus sealanna oibre le déanamh istoíche agus an deireadh seachtaine. Bhí ar ár suirí a bheith eagraithe go maith san ré úd roimh fóin phóca, agus ní raibh landline féin aici. Agus cónaí ormsa ar imeall thiar na cathrach, uirthi sa lár thoir - Prenzlauer Berg. Ach sin scéal eile.)
Phósamar i 1994 agus nuair a bhí clann óg orainn ní rabhamar chomh siúlach céanna ná baol air. D'fhill mé ar Éirinn le mo chlann óg i 2000. Uair éigin ina dhiaidh sin scar Menzel óna bhean agus tháinig chun cónaithe in Éirinn, ag déanamh píosaí oibre anseo is ansiúd, san monarchan éisc i Mín an Aoirigh mar shampla.
Chaitheamar seal san teach aige i dTeileann blianta fada ó shin. Bhí sé ar chuairt againn i gCill Mhantáin uair amháin, le comrádaí ó Bheirlín agus a mhac seisean a bhí ar chamchuairt.
Bhí sé deacair taisteal, eisean ag brath ar iompar phoiblí, muidne gafa le cúramaí clainne agus fostaíochta. Ní raibh an chumarsáid chomh dlúth is ba mhian liom é a bheith.
Agus anois tá sé ar shlí na fírinne, trócaire Dé ar a anam. Agus é curtha ar an gCarraig, i bhfad ó Friedrichshagen.