Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-02-26

Imbolc 2019 : Siobhán Ní Dhuinnín

Canúint a colainne a bhí faoi chaibidil ag Siobhán Ní Dhuinnín, atá faoi láthair ina rinceoir chónaitheach san Ionad Cultúrtha. Bíonn sí ag baint feidhm as damhsa comhaimseartha chun log a thuiscint, chun nascadh leis an dúlra agus an áit. Constaic a luaigh sí ina cuid oibre ná gur beag duine a shiúlann anois agus go bhfuil a gceantar ag dul ó aithne orthu dá réir. Coimhthíos leis an dúlra.

Ní mór dom a rá go bhfuil coimhthíos áirithe agam féin le damhsa comhaimseartha - is annamh a spreagann sé macalla orm. Bhí roinnt físeáin dá cuid feicthe agam ar Vimeo roimh ré. D'fhág siad míchompordach mé de bhrí nach raibh tionlacan ceoil leo. Ní bhíonn an dúlra riamh chomh ciúin le taifeadadh dó. (sin an toisc, dála an scéil, go gcuirtear fothram áirithe le glaoch gutháin fón póca nuair atá na cainteoirí ina dtost).

Is maith an rud roinnt míchompord is dócha chun smaointe nua a spreagadh. Is féidir go n-eascraíonn mo mhíchompord leis an damhsa le coimhthíos áirithe le mo cholainn féin.

Ba léir fiú óna siúl, ní áirím a damhsa, go bhfuil Siobhán i dtiúin lena colainn. Agus í ábalta na mothúcháin agus an máistreacht sin a theagasc agus a scaipeadh ar an té atá oscailte do. Dailtíní cathrach i gCorcaí san áireamh. Rud a d'oscail súile dóibh ar na nithe beaga thart orthu sa chathair.

B'fhéidir go bhfuil mé ró bháite sa déachas....