Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-02-19

Cór Chúil Aodha

Is cuid de mo dheasghnáth bhliantúil, nuair atá mé i Múscraí d'Fhéile Imbolc, Aifreann a éisteacht i gCúl Aodha.

Tá cáil i bhfad is i gcéin ar an gCór a bhunaigh Seán Ó Riada agus atá á chothú ó shin ag a mhac Peadar.

Taithí ar leith áfach iad a chlos ar a bhfód dúchais agus an ceol mar chuid d'adhradh an phobail ina bhfuil siad féin ina mic, deartháireacha, athair, uncailí nó seanathair.

Tá comhcheoil diamhair ann idir na glúinte fear, giolc ard an bhuachalla nach bhfuil ach i dtús fáis go dord ard an seanóra.

Peadar ag an harmonium ina gheansaí ar dhathanna an tuar ceatha, a thréad ceolmhar ina thimpeall. Breis oiliúna á chuir ar an gcuid is óige tar éis Aifrinn.

Is iondúil go bhfuil Féile Ghobnatan thart ar an am a mbíonn Imbolc. Le dhá bhliain anuas ba ar lá an féile nó an lá roimhe a thit Imbolc.

Chuala mar sin an iomann iontach "A Ghobnait Ársa" roinnt babhtaí.

I mbliana chuir mé ceist ar Pheadair maidir le thaifid. Tá CD a seoladh thiar i 2012 - Naomh Gobnait.

Thapaigh mé an deis é cheannach i siopa an Mhuilinn agus táim ag éisteacht leis ó shin!

Iomainn atá i gceist, agus de réir mar a deir mo chluas liom iad taifeadta le linn Aifrinn. Cloig le clos. Guth cheolmhar Sagart Paróiste Bhaile Bhúirne, an tAthair Dónal Ó Briain, le clos freisin. Gura fada buan an fear céanna. Seanmóirí ar fiú éisteacht leis! Simplí stuama soiléir.

Tá doimhne agus diamhracht an chreidimh le clos níos soiléire san taifead seo ná sa cheann eile "Go mbeannaítear duit".

Tá éagaoin An Mharbhnadh cumhachtach. Measaim gur ar Aoine an Chéasta a rinneadh an taifeadadh, agus clog toll adhmaid á bhualadh seachas binneas práis atá le clos ar rianta eile.

Achainíocha sollúnta ar fóirithint ó na naoimh agus ón Tiarna.

Ach tugann an dá CD  spás ar leith intinne dom.

Táim ag dul siar ó dheas amárach go Scoil Cheoil an Earraigh i mBaile an Fheirtéaraigh. Go hiondúil tagann sciar den gCór anoir don Aifreann Domhnaigh.

Qui bene cantat bis orat.

Níl ceol agam féin ach is fearrde m'urnaí éisteacht le ceol Chór Chúil Aodha.