Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Pádraig Ó Siadhail werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Pádraig Ó Siadhail werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-01-06

Idir Huron agus Hudson

Fuair mé nod faoin saothar seo mar go raibh Niamh Ní Bhaoill, iníon an údair ag lorg sonraí teagmhála Pádraig Ó Siadhail, a luaigh an saothar i léacht dá chuid. Tarlaíonn sé go raibh teagmháil agam féin le Pádraig roinnt blianta siar agus muid ag plé Iníon Keevack.

Baineann léacht Phádraig le daoine ag filleadh ó imirce go hÉireann. Tá fáil air i Léann 5.

Tá tús spéisiúil le leabhar Uí Bhaoill - "Léigh mé leabhar, agus d'éirigh mé míshásta le mo shaol. "

Dialann faoi cúpla bliain a chaith sé in iargúil Ceanada, fonn air an chruinne a fheiceáil. Cur síos liriciúil ar dúlra na gcoillte.

"In eitilt na n-éan atá an t-anam, i monabhar na n-ainmhithe atá an croí, i nglogarnach an uisce atá an fhilíocht agus síneann na crainn chaola suas ó na carraigeacha loma, i gcónaí suas..." 

Ach bhí spéis aige i níos mó ná an dúlra amháin :
"Bheadh sé deacair ar an Éireannach tréimhse a chaitheamh i dtír ar bith eile gan spéis a chur i gcúrsaí teanga na tíre sin"

Tá tuairisc sa leabhar ar a iarrachtaí cuir lena eolas ar lucht labhartha na Fraincise, agus aithne a chur ar bhundúchasaigh na coille agus an oighir síoraí. Agus ar ceannaire stairiúil de chuid an phobail a d'eascair as idirphósadh inimircigh ón Fhrainc agus baill de na céad náisiúin - Louis Riel- a theip ar a iarrachtaí cur i gcoinne sealbhú éagórach talún Lucht an Bhéarla. 

Taisce de leabhar. Ar iasacht idir leabharlanna a fuair mé é. Modh iontach leabhar a fháil, ach fios a bheith agat a leithéid a bheith ann.

Is mór an trua nach bhfuil leabharlann cuimsitheach Gaeilge ann, sa dóigh is go bhféadfá teacht ar a leithéid de thaisme! 


2019-02-18

Idir dhá thír : sceitsí ó Cheanada

Comhrá ar Twitter maidir leis an focail cuí d'aonaid pholaitiúla Cheanada ba chúis liom fios a chuir ar an leabhar seo. Luaigh John Prendergast (@prendizzle) gur proibhinse a bhí ag Ó Siadhail agus gur leabhar fiúntach atá ann.

Tá gearrscéalta agus úrscéalta le Pádraig léite le fonn agam, mar sin ní mórán gríosadh a bhí de dhíth.

Sraith aisti ag eascairt as a thaithí ar imirce i Ceanada. Mar is iondúil, deoraíocht sealadach a shíl sé a bheadh ann. Bean, clann agus rútaí anois aige ann, ach gan an corda imleacán abhaile gearrtha. Ar ndóigh, ós le léann Éireannach atá sé ag plé go gairmiúil is gá dó na nascanna a chothú.

Dearcadh ar Cheanada atá i gceist - ach mar is iondúil do dheoraí, scagadh ar a fhéiniúlacht agus a thuiscintí mar thoradh.

Mar duine mé féin a chaith deich mbliana ar imirce (ach d'éirigh liom mo nuachar a mhealladh abhus) bhí go leor ann a bhfuil bá agam leis. Agus taithí thuismitheora ag tógáil clainne le Gaeilge scoite amach ó mór phobail Gaeilge. Rugadh mo mhic féin sa Ghearmáin.

Cabhraíonn an dearcadh ó thar lear le rudaí abhus a shoiléiriú : agus tá ceachtanna le foghlaim ó thaithí Cheanada, anois agus inimirce coitianta in Éirinn.

Tá rudaí i stair Cheanada atá i gcoitinne againn freisin ar ndóigh.

Aiste spéisiúil faoi theilifís na mbundúchasach thall go bhfuil roinnt cosúlacht ag a scéal le TG4.

Dúshlán na cultúrtha agus staire in iar choilíneacht le hinimirce.

Dúshláin an dá theangachas Stáit.

Cnuasach lán eolais agus deascríofa.

Lagan Preas a d'fhoilsigh. Bheadh clamhsán amháin agam - fuaireas an cló deacair a léamh, go háirithe más cló Iodálach a bhí i gceist.

Idir Dhá Thír
Sceitsí Ó Cheanada
Pádraig Ó Siadhail
ISBN 1873687346
Lagan Press 2005

2018-08-09

Éagnairc

Tá úrscéalta agus gearrscéalta le Pádraig Ó Siadhail léite agam thar na blianta, ach ní raibh Éagnairc casta mo threo. Tá sé áirithe i measc Úrscéalta na Gaeilge áfach, an iarracht ar canóin úrscéalta Gaeilge na fichiú aoise a leagan síos. Chuir mé fios ar mar sin air ón leabharlann.

Fear de bhunadh Doire an reacaire. Náisiúnaí a fuair oideachas agus a bhog ó dheas, post cluthair státseirbhíse aige. Nuachar as Deisceart Bhaile Cliath.

Cuireann bás agus tórramh a athair é ag machnamh. Ag smaoineamh ar Domhnach na Fola - thug a athair ar an agóid é, ach bhí siad imithe abhaile sular thosaigh an lámhach. Chuaigh comrádaithe bunscoile leis bealaí eile. Cuid acu sna Sealadaigh agus sa ghéibheann. Cuid acu le saibhreas.

Cíorann sé imeachtaí an lae, scrúdú coinsiasa de chineál. Ar thug sé cúl le cine? Cothaíonn an chorraíl teannas lena nuachar a bhfuil col aici le lucht an tuaiscirt. (Ana léargas ansin,  dar liom, ar dhearcadh go leor san daorstát ar muintir an Tuaiscirt.)

Níl aon réiteach néata ar na ceisteanna a mhúsclaítear san úrscéal, mar nach bhfuil réiteach néata san fíor saol.

Níl ceist an Tuaiscirt réitithe ná baol air, fiú anois i bhfad i ndiaidh don úrscéal seo bheith foilsithe. Tá go leor de fós tráthúil measaim. Go háirithe faoin mbearna mór idir meon lucht an daorstáit, ag amharc aneas go doicheallach gan tuiscint.

Is dóigh liom go bhfuil a ionad tuillte sa chanóin.

P

2012-11-05

Deoch Athnuachana as Tobar an Dúchais

Na seacht gcineál meisce: meisce chaointe, meisce bhruíne, meisce chrábhaidh, meisce gáirí, meisce stangaireachta, meisce bhreallánachta agus meisce chodlata: 
Séan Bán Mac Meanman

Tá leagan den nath seo ar bhrollach an leabhair "Na Seacht gCineál Meisce agus Finscéalta Eile"; leabhair a dúirt Pádraig féin liom (agus é a shíniú in ndiaidh dom géilleadh don cathú ag IMRAM agus é a cheannach) a bhí ina iarracht bheith tumtha sa traidisiún.
Sílim gur éirigh go seoigh leis. Tá na gearrscéalta suite san am i láthair don gcuid is mó, ach ar maos le macallaí ón mbéaloideas. Tá a leagan féin aige ann don scéal faoi Mhogh Ruith, a d'fhoghlaim na healaíona dorcha ó Simon Magus agus a bhain an cloigeann d'Eoin Baiste, más fíor. (Ná Ciarraígh mallaithe arís!) Sna scéalta eile, macallaí atá sa bhéaloideas iontu, nó tagairtí díreacha chomhthreomhara idir inniu agus an sean ré. Cumasc dheas scéalta atá ann, snas orthu agus adhmaid agus taitneamh le baint astu. Stíleanna éagsúla idir iomlán réalaíoch, tús réalaíoch agus casadh osréalaíoch, fínscéalaíoch. Macallaí freisin dá laoch Pádraig Ó Conaire le sonrú ann - ach is macallaí iad, ní aithris.
 Níl aon aiféala orm gur ghéill mé don gcathú! Shamhlóinn go bhfillfidh mé ar an gcnuasach seo arís is arís.
Agus shamhlóinn freisin go spreagfaidh na tagairtí taighde - ní raibh scéal Mogh Ruith agam, mar shampla. Sampla spéisiúil eile den chaoi ar nasc ár sinsear a cuid scéalta féin le scéalta ón mBíobla. (Sampla eile Bás Conchubhair Mhic Neasa).
Agus beidh súil in airde agam le saothair eile le Pádraig.

Na Seacht gCineál Meisce agus Finscéalta Eile
Pádraig Ó Siadhail
ISBN: 1902420454
Cló Iar-Chonnachta 2001

2012-10-21

An bhean a chuireann scanradh ar Phádraig Ó Siadhail

Bhí orm roghnú cé na himeachtaí a bhí mé chun freastal orthu ag IMRAM; de bharr go mbíonn orm éirí go moch agus go mbíonn aistear fhada abhaile ó lár na cathrach agam ní bhíonn ar mo chumas freastal ar an oiread ócáid agus ba mhaith liom. Ach de bharr an leabhar a bheith léite arís agam ar na mallaibh bhí léacht le Pádraig Ó Siadhail go hard ar mo liosta.
Dornán Litreacha, Dráma agus Deascán Ceisteanna an teideal a bhí ar a leacht; agus san caint spéisiúil taitneamhach a thug sé don slua (sách beag!) in áras nua Gaelchultúr do ríomh sé an fhianaise agus na fíricí faoin mbean fuinniúil seo ar a bhfuil an úrscéal bunaithe; agus an bhunús a bhí mar spreagadh lena shamhlaíocht - de bhrí nach bhfuil fianaise dearfach ann do chaidreamh domhain idir Caitlín Ní hAodha agus Pádraig Ó Conaire. Tá litir ann ón gConarach go Piaras Béaslaí, ag cuir Caitlín Ní hAodha in aithne dó mar dhuine arbh iriseoir í freisin; agus bhí an Béaslaíoch lárnach i gcomhairlí an IRB.
Tá rud éigin diamhair faoin bealach a rinneadh poblachtach daingean den mbean láidir seo a bhí gar don cinseal i gCeanada; dílis don Eaglais CR agus don Impireacht. Duine a rinne teagasc i measc na mbundúchasach thall; ach arbh í a aidhm baill sásta den cine gheala dhéanamh astu seachas tacú lena bhforbairt féin. Bean a bhí ina rúnaí ag Príomh-aire Alberta, i gcroí lár na cumhachta ach i gcoinne an vóta do mhná.
Ba léir go raibh na foinsí ransaithe ag Pádraig Ó Siadhail, agus aithne curtha aige ar Katherine Hughes; ach fós go bhfuil bearnaí móra san insint - bearnaí a riabh sé saor le líonadh san úrscéal. Ach é den tuairim (agus an ceart aige) nach bhfuil áit ann do thuairimíocht san bheathaisnéis atá ar na bacáin aige uirthi. Spéisiúil go leor bhí léirmheastóir amháin ar an mbeathaisnéis den tuairim go raibh an fhírinne san méid atá san úrscéal; léirmheastóir eile den tuairim gurbh amhlaidh gurbh leispiach í Hughes! Is léir mar sin go bhfuil lacunae mhóra san scéal, agus go dtig le samhlaíochtaí éagsúla réiteach éagsúla a aimsiú ar an nDeascán Ceisteanna thuasluaite.
Cuireadh an ceist ar dheireadh ar thaitin Katherine Hughes leis; dúirt sé gur chuir sí scanradh air! Tá sé sothuigthe go ndearna, is léir gurbh duine diongbháilte thar an gnách a bhí inti, cinnte dá ionad féin agus ábhairín sotalach dá réir. Bean a chleacht cuideachta fir thábhachta - cinseal na himpireachta i dtosach agus ansin daoine fearacht De Valera agus Harry Boland.  

Bíonn sé i gcónaí deas bualadh le údar, go háirithe duine a bhfuil cónaí air thar lear; bíonn sé iontach freisin duine a chlos ag labhairt ar ábhar a bhfuil máistreacht aige air, agus grá aige dó. Bhí an dá rud fíor. 

Bhí Cló Iar Chonnachta ag díol leabhair ag an ócáid - agus ghéill mé don cathú agus cheannaigh leabhar eile le Pádraig.

2012-09-22

Beirt Bhan Mhillte. Nó an ea?

Mhol Proinsias an leabhar seo dom thiar san Earrach é. Fuair mé an uair úd é, ach ó tharla nach raibh mé ar líne an tráth úd, níor scríobh mé faoi anseo fós. Táim á athléamh faoi láthair agus táim chomh sásta leis ar an dara léamh agus a bhí ar an gcéad léamh. 
Tá's ag an saol Fodhlach dar ndóigh cé hé Pádraic Ó Conaire. Pearsa stairiúil is ea Katherine Hughes freisin, duine den mbeirt ban atá luaite i dteideal an leabhair. Ach murach saothar Phádraig Uí Siadhail is lú ós a bheadh ar fhios againn. Spreag scríbhinn dráma a aimsigh sé a fhiosracht ina leith, "The Cherry Bird"; dráma a scríobh Katherine Hughes i bpáirt le Ó Conaire.
Ach is beag eolas a d'aimsigh sé, dar leis, agus mar sin shocraigh sé úrscéal a scríobh. As sin a eascraíonn an dara bean, mar is í an pearsa ficseanúil seo Mary Morrison a bhaineann sé feidhm aisti chun cabhrú scéal grá Phádraic agus Kathleen a reic.(Scéal a d'fheadfadh a bheith fíor, ach nach bhfuil fianaise ann dó).
Bíonn macallaí idir scéalta na beirte mná, grá (nó drúis?) nach bhfuil dea-chríoch i ndán dó acu beirt. Ach mná láidre fuinniúla iad araon freisin, a bhaineann mórán amach i saol ina bhfuil an lámh in uachtar ag fir inti.

Rinne Clubleabhar agallamh le Pádraig atá thar a bheith spéisiúil maidir le cúlra an leabhair. Thaitin na cleasa éagsúla a d'úsáid sé chun an scéal a insint dúinn go mór liom; cuid de bunaithe ar dialann ag Katherine, mórchuid de bunaithe ar eachtraí a bhaineann le Mary agus a iarrachtaí scéal Caitlín (mar a tugtar ar Katherine) a thuiscint agus a mian cuidiú leis an gConaireach a chuir i gcrích tar éis do Caitlín bás a fháil de bharr ailse. Tá tagairtí agus macallaí de chuid saothair an Conairaigh ann freisin; agus ar ndóigh is as teideal ceann de na scéalta i Seacht mBua an Éirí Amach a thagann teideal an leabhair.
Tá an scéal - na scéalta, dáiríre - iomlán inchreidte, agus inste go maith agus go cumasach. (Tá léirmheas moltach eile ag Anna Heusaff anseo)
Tráthúil go leor beidh léacht á thabhairt ag Pádraig le linn IMRAM na bliana seo:
Dé Sathairn 20 Deireadh Fómhair • 7.00pm • Gaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh
PÁDRAIC Ó CONAIRE AGUS KATHERINE HUGHES: DORNÁN LITREACHA, DRÁMA
AGUS DEASCÁN CEISTEANNA. LÉACHT IMRAM LE PÁDRAIG Ó SIADHAIL,
Tá súil agam freastail air.


Beirt Bhan Mhisniúla
Pádraig Ó Siadhail
ISBN: 9781905560745
Cló Iar-Chonnacht 2011