Pictiúr (c) Dan Griffiths |
B'é ceolchoirm Colm Mac Con Iomaire ar tráthnóna Aoine a chuir tús le hImbolc 2013. Bhí ceoltóirí eile leis ach faraor tá an n-ainmneacha dearmadta agam; bean ar an bpianó agus beirt fhear ar giotár, mandolin agus uirlisí nach iad.
Bhí freisin an Recession Quartet aige - roinn trealamh leictreach a bhí Colm in ann roinnt dá cheol a chuir isteach iontu agus iad a úsáid mar tionlacan dá chuid ceoil fhéin ar an veidhlín.
Ceolchoirm taitneamhach a bhí ann san Ionad Cultúrtha - a cheol féin-chumtha á chuir i láthair ag Colm le scéalta agus eachtraí faoin méid a spreag an cumadh.
Ar an Satharn ansin thug sé caint spéisiúil faoin méid a mhúnlaigh é mar dhuine agus mar cheoltóir. Tá cosc ar chaint ar na nGaeilge ag Imbolc: an sprioc ná caint i nGaeilge faoi rudaí spéisiúla. Ach dar ndóigh i gcás leithéidí Choilm a tógadh le Gaeilge ní féidir an teanga a dheighilt ón ceoltóir.
Mar sin labhair sé faoin "nGaeilgeoir" agus nárbh Gaeilgeoir é; ach gur amharc sé ar fhéin mar Ghael.
Caint spéisiúil, spreagúil agus fuinneog do mo leithéidí isteach i saol an cheoil. Sampla maith den dtaithí a mheallann ag Imbolc mé, arís.

Is as comhrá le mo athair Liam, faoin scríbhneoir iomráiteach agus ceannródaí Gaelach Máirtín Ó Cadhain, a chuala mé an chéad chur síos ar 'Chúinne an Ghiorria'. Ba nós é a bhí ann fadó in Éirinn, aimsir Fómhair, cúinne a fhágáil gan bhaint ionas go mbeadh áit éalaithe ag an ngiorria. (Nós a bhí ag dúchasaigh 'Mayan' Mheiriceá theas freisin). Dúirt Ó Cadhain gurb iad na Gaeltachtaí Cúinní Ghiorria na hÉireann a bhí fágtha go sealadach ag an spealadóir gan bhaint, ach a bhí fós go mór i mbaol! Buíochas le Dia tá na Gaeltachtaí fós ann ach níl aon laghdú tagtha ar an mbrú ón nGalltacht!
Tá n-ár dteanga fós go mór i mbaol agus ní mór dúinn í a labhairt agus í a thabhairt dár ngasúir le go mairfidh sí beo!
(Ón suíomh)
Mar sin labhair sé faoin "nGaeilgeoir" agus nárbh Gaeilgeoir é; ach gur amharc sé ar fhéin mar Ghael.
Dar leis an mBéarlóir is fanaiceach teanga agus cancrán, ach dáiríre díol trua an Gaeilgeoir; dar le muintir na Gaeltachta, foghlaimeoir ar bheagán Gaeilge an Gaeilgeoir ... agus díol trua.D'inis sé dúinn faoin chaoi ar fhás sé aníos leis an nGaeilge agus an ceol agus an taithí a mhúnlaigh an grúpa ceoltóirí as ar tháinig sé i gColáiste Eoin agus ar sráideanna Bhaile Átha Cliath - an dream a thug Kíla orthu féin an uair úd agus a bhfuil sciar acu fós ag feidhmiú faoin ainm sin. Ollscoil na sráide agus turais thar lear a thug an taithí dó a rinne ceoltóir as.
Caint spéisiúil, spreagúil agus fuinneog do mo leithéidí isteach i saol an cheoil. Sampla maith den dtaithí a mheallann ag Imbolc mé, arís.