Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label gaelscéal werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label gaelscéal werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2013-04-08

Trí rud a bhaineann le nuachtán....

  1. Nuacht a chnuasach
  2. Nuacht a dháileadh
  3. Íoc as!
Le múchadh Gaelscéal tá plé ar bun arís faoi cén dóigh is fearr dul chun cinn a dhéanamh. Tá suirbhé faoin ábhar ar bun ag Foras na Gaeilge  (cé gur deacair an tuairim a nocht Íte Ní Chionnaith a bhréagnú go bhfuil fhios acu cén toradh ar mhaith leo, agus go bhfuil na ceisteanna "cuíchóirithe" mar a deir an Ghaeilge Nua le tacú leis an toradh sin)
Tá a lán cainte ar "sheirbhís nuachta ar líne" chun dul i ngleic leis an dúshláin a bhaineann le dáileadh nuachta as Gaeilge ar phobal scaipthe. Tá méid áirithe ar bun cheana - tá Foinse, Nuacht24 agus Meon Eile ar líne; agus cuireann Gaelport seirbhísí gearrthóga agus nuachta ar fáil atá dírithe ar cheist na Gaeilge. Tá seirbhís nuachta as Gaeilge acu do lucht an Raidió freisin - Cogar. Baineann na dreamanna éagsúla seo feidhm éifeachtach as Twitter freisin lena scéalta a scaipeadh. Níl páirt agam féin san líonra sóisialta ar Facebook ach tuigim go bhfuil teacht ar nuacht as Gaeilge ansin freisin. Agus tá modhanna neamhfhoirmiúla chun scéalta a scaipeadh ar liostaí rphoist, mar shampla ceann an Ionaid Buail Isteach i mBaile Átha Cliath agus an iris Saol. Agus dar ndóigh tá an Tuairisceoir éirithe as luaithreach Gaelscéal, cineál. Spás níos pearsanta is ea iGaeilge ach is dócha go mba cheart é bheith san áireamh, máille suímh na gcomharchumainn agus grúpaí eile, leithéidí "Corca Dhuibhne ag Caint"

Beo ann freisin, dar ndóigh. Agus Bileog an Irish Times cé gur faoin lipéid Treibh a bhíonn sé ar líne. Ainneoin go mbíonn nuacht agus tuairimíocht le fáil ansin, tá sé díbeartha go geiteo an chultúir ag Sean Lady Shráid Chnoc na Lobhar.

Níl easpa foinsí ar líne ann dáiríre, mar sin. 

Ceist eile ná an bhfuil pobail na Gaeilge - agus is pobail seachas pobal atá i gceist - chomh gníomhach sin ar líne? Cinnte tá sciar áirithe againn arbh ar líne is mó atá an Ghaeilge inár saol. Ach tá amhras orm gur fíor sin faoi pobail na Gaeltachtaí seachas faoin dream scaipthe a bhfuil Gaeilge acu agus gar dá gcroí. Ceist do lá eile forbairt a dhéanamh ar na smaointe sin.

Mar is léir, tá na nascanna úd ar bharr mo mhéarchlár agam - mar go mbainim feidhm as cuid acu go tráthrialta. Tomhaltóir nuacht ar líne i nGaeilge mé! Ba léitheoir rialta de chuid Foinse agus Lá mé; de Ghaelscéal ar feadh i bhfad freisin - ach d'éirigh mé as nuair a mheas mé nárbh fiú an tairbhe an trioblóid.

Mar sin féin, admhaím gur beag rud nua a d'fhoghlaim mé ó aon cheann de na foinsí seo riamh. Ní dóigh liom go bhfuil aon dul chun cinn san treo a leag Breandán Delap amach in alt i mBeo i 2006:

Ceann de na dúshláin is mó atá romhainn amach sna meáin Ghaeilge ná cultúr na hiriseoireachta imscrúdaithí a bhunú. Níl sé seo déanta go sásúil againn go fóill. Ar ndóigh is sórt paradacsa é an téarma seo sa mhéid is gur cheart go mbeadh sé de dhualgas ar gach iriseoir a bheith fiosrach.

Má fhaighim rud nua ó na meáin scríofa i nGaeilge is iondúil gur léargas nua seachas fíricí nua a bhíonn i gceist. Nochtann leithéidí Alex Hijmans, Aindrias Ó Cathasaigh, Ian Malcolm agus scata nach iad tuiscintí spéisiúla - nach lú a luach nach n-aontaím leo.

Ní cuimhin liom áfach nuachtán Gaeilge ag briseadh aon mhór scéal riamh - ná ag déanamh aon ghéar iniúchadh ar scéal, ag nochtadh eolas agus fíricí nach raibh ann dóibh roimhe. Pé acu an scéal "cúise" (áit a mbíonn troid chúlgharda ar bun ag na meán Gaeilge ró mhinic) nó scéal a mbeadh spéis ag  an pobal i gcoitinne ann.

Is gá dul i ngleic le 
  1. Nuacht a chnuasach
i gceart dar liom má tá aon tréimhseachán i nGaeilge chun ról suntasach buan a bhaint amach.

Beidh orm na smaointe seo a chíoradh arís is léir mar nach bhfuil a bhfuil ar fuineadh i'm intinn ceaptha fós agam. Rabhadh: Sruthlú fánach smaointe ar bun anseo!

2013-02-03

Feallscéal Gaelsceál: an bhfuil stráitéis ag an bhForas?

Is cosúil go bhfuil Foras na Gaeilge le deireadh roimh ama a chuir le conradh eile chun nuachtán i nGaeilge a chuir ar fáil. Cuireadh deireadh leis an conradh le Lá Nua toisc gur theastaigh uaithi siúd bheith ar líne amháin; ní raibh siad in ann teacht ar shocrú le Foinse; dream atá tar éis iad féin a athnuachan agus díriú ar mhargadh na foghlaimeoirí Gaeilge mar forlíonadh leis an Independent. 

Anois, is cosúil go bhfuiltear le deireadh a chuir le Gaelscéal.

Tá sé ráite i litir a fuair stiúrthóirí Thorann na dTonn go raibh bord an Fhorais den tuairim “go bhfuil treochtaí phobal léitheoireachta na Gaeilge ag imeacht go suntasach ó fhormaid na meáin clóite agus tá pleananna á gcur le chéile ag Foras na Gaeilge le freastal a dhéanamh ar na riachtanais seo.”
(Mar is iondúil, níl faic ar shuíomh an Forais faoi seo).
Níl mórán ráite le tamall agam faoi Ghaelscéal; is amhlaidh go raibh mé éirithe as é a cheannach le tamaill maith anois. Ní raibh mé den tuairim gurbh fiú an tairbhe an trioblóid a bhain lena aimsiú, agus níor oir an Céadaoin dom pé scéal é.

Thaitin Foinse liom; bhí téagar ag baint leis agus bhí taithí cnuasaithe acu thar na blianta. Bhíodh leithéidí Seosamh Ó Cuaig, Breandán 'ac Gearailt agus Joe Steve Ó Neachtain ag scríobh dóibh, daoine le scoth na Gaeilge agus rud le rá acu freisin.   Bhíodh leithéidí Alex Hijmans ag scríobh dóibh freisin. Bhíodh forlíonadh fiúntach litríochta acu.

Thaitin Lá (Nua) liom freisin, cé gur fhág an gá nuachtán laethúil a chuir amach ar bheagán acmhainní nach raibh an téagar céanna san táirge, agus thuig mé don dream a shíl go raibh an nuachtán ró dhírithe ar an bpobal as ar tháinig sé. Ach bhí forlíonadh fiúntach litríochta ann ar an Céadaoin; thaitin altanna Philip Cummings liom (rinneadh leabhar astu ó shin)

Gairm is ea iriseoireacht; gairm is ea nuachtán a chuir amach. Is gá gairm a chleachtadh, taithí a chnuasach. Ní leor oiliúint ollscoile; is gá foghlaim ó cheardaithe sa ghairm. Is gá teagmháil a nascadh le daoine chun teacht ar scéalta. Is gá pobal léitheoireacht a thógáil agus a chothú; braitheann sin ar muinín.

Pobal scaipthe pobal na Gaeilge; agus pobal ilghnéitheach. Fágann sin dúshláin ar leith le cur ar fáil nuachtán i nGaeilge. Aitheantas nach féidir é dhéanamh ar bhonn tráchtála is ea deontas a bheith ar fáil ón Stáit.

Ach ní léir dom aon straitéis fadtéarmach a bheith ag Foras na Gaeilge chun idir iriseoirí agus pobal léitheoireachta a chothú do nuachtán Gaeilge. Tá rud éigin aisteach faoi dhream a bheith de shíor ag briseadh conarthaí roimh am, agus ag athrú treo go minic.

An bhfuil aon bunús taighde leis na cinntí seo? An bhfuil fhios againn cén sprioc atá ann? An bhfuil muid ag sleamhnú ó racán go racán gan dul chun cinn dá laghad? An bhfuil dream ar bith a bhíonn ag plé leis an Foras sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ina réimse siúd?

Maraon le straitéis 20 Bliain na Gaeilge ní léir dom Straitéis a bheith leis an méid atá ar bun ag an Foras, agus faraor seo sampla eile. Cuirfear deireadh le Gaelscéal, beidh idir ré eile gan nuachtán ann, rachaidh níos mó daoine as cleachtadh nuachtán i nGaeilge a úsáid, agus beidh an pobal léitheoireachta do pé thogra a thagann in áit Gaelscéal níos tanaí fós.

Scaipfear taithí; caillfear comhbhá; ídeofar muinín.
Luach ár airgid? N'fheadar.

2011-11-13

Gaelscéal, failscéal, nó feallscéal?

Bhí alt le déanaí ag Pól Ó Muirí san Irish Times "Foras na Gaeilge míshásta le díolachán an nuachtáin Gaelscéal"; cuireann Pól deireadh lena alt leis an gceist "Cad é a bheidh fágtha ag deireadh an chonartha seo don fhoras, do lucht na Gaeilge agus don cháiníocóir - Gaelscéal nó Failscéal?" Luadh díolacháin 2000 cóip a bheith ag an nuachtán san alt, figiúr a thug fostaí de chuid an Fhorais ag éisteacht Coiste i gCnoc an Anfa. Thart ar 3000 cóip atá a dhíol más fíor an méid a luaigh fostaí eile ar Glór Anoir an lá céanna. Tá na figiúirí sin tubaisteach - bhíodh thart ar 5000 cóip á dhíol ag Lá arbh é breith an Fhorais faoi nach raibh margadh ann dó, agus gur thug siad an chaidhp bháis dó dá réir.

Ní gnó tráchtála is ea Gaelscéal (ná sean Foinse ná Lá roimhe). Airgead stáit an príomh fhoinse ioncam aige. Uirlis de chuid an Stáit atá ann, mar sin. Uirlis chun polasaí an Stáit a chuir i gcrích. Maíonn an Stáit (san Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge) gurbh é a pholasaí "an líon daoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, agus atá in ann teilifís, raidió agus na meáin chlóite a rochtain tríd an teanga, a ardú." sa bhreis ar líon na cainteoirí laethúla laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht a mhéadú.

Tá sé follasach go bhfuil nuachtán láidir lárnach má tá a leithéid de pholasaí le cur i gcrích. Agus go n-éilíonn nuachtán láidir iriseoirí láidre. Ní ón spéir a thiteann iriseoirí oilte, áfach. Tá gá le straitéis agus oiliúint chun a leithéidí a bheith ann. Ach is beag duine a chnuasaigh taithí le Foinse ná Lá atá fós ag obair mar iriseoir cló; agus ar an mórgóir is iad siúd a bhí díreach ag tosú amach ar an ngairm atá ag obair do Gaelscéal, seachas corr cholún ó iar eagarthóirí Lá, Conchubhar Ó Liatháin  agus Eoghan Ó Neill. 

Is fíor go bhfuil dúshláin roimh nuachtán ar bith i ré teicneolaíocht na faisnéise. Agus go bhfuil dúshláin ar léith maidir le dáileadh ag nuachtán i mionteanga a bhfuil na pobal léitheoireachta scaipthe. Ach is le dul i ngleic leis na dúshláin atá tacaíocht an Stáit ar fáil.

Ní leor nuachtáinín a bheith ann chun tic a chuir i mbosca. Tá an gné "feiceálacht na Gaeilge a ardú" a chur i gcrích go paiteanta ag Foinse Nua san Indo - gan deontas Stáit ar bith. (Agus sa mhullach ar sin, tá siad ag cuir leis an seirbhís a chuireann Nuacht 24 ar fáil tríd nuacht scéalta reatha a scaipeadh ar líne anseo:)

Caithfear smaoineamh freisin go bhfuil sé éasca ag eagraíochtaí a gcuid eolais féin a scaipeadh ar líne - mar sin níl ciall ar bith le bheith ag cuir preasráitis i gcló, preasráitis a mbíonn an mbunáite léite (fá thrí scaití) ag léitheoirí sula mbíonn an nuachtán fiú i gcló.

Ról nuachtáin agus iriseoirí an scéal laistiar den scéal a nochtadh, agus anailís a dhéanamh air. Ról bhreise nuachtán Ghaeilge cur i gcoinne cúngú réimsí na teangain. Ní gan dua ná gan acmhainní a dhéanfar sin. Agus is laincis mhór ar nuachtán Ghaeilge iad a bheith ag tarraingt a gcuid deontais ón dream - an Roinn agus an Foras - is mó atá scagadh de dhíth ar an gníomhartha má tá freastal ceart le déanamh ar phobal na Gaeilge.

Mar sin féin, sílim gur féidir le Gaelscéal feabhas a chuir orthu féin. Cá bhfuil na cainteoirí dúchais spéisiúla, láidre? Ní cuimhin liom alt a bheith ann ag Seosamh Ó Cuaig, nó Joe Steve Ó Neachtain, abair. Is fíor go mbíonn Breandán 'ac Gearailt ag scríobh dóibh - ach é folaithe i nuacht an pharóiste sna leathanaigh áitiúla seachas leathanach iomlán a bheith aige mar a bhíodh i bhFoinse. Cá bhfuil aos ollscoile? Alt amháin le Ó Giollagáin agus Ó Cuirneáin - ach an bun alt foilsithe roimhe san  Examiner! Táim cinnte go bhfeadfaí feidhm níos fearr a bhaint as scileanna Alex Hijmans nó Tomás Mac Siomóin. Tá an freastal a dhéantar ar litríocht tite siar go mór le hais an méid a bhíodh ag Lá nó Foinse. Agus bhí an méid sin féin sách lag, ag cur leis na deacrachtaí san earnáil sin de bharr faillí ÁIS agus nádúr an ghnó (ach is áisíneacht de chuid an deontóra atá i gceist an sin freisin).

Léiríonn an Irish Times gur féidir colúin maithe i nGaeilge a chuir ar fáil go rialta.  Ach is cosúil nach bhfuil iomaíocht ar bith le bheith ann do Alan Titley mar cholúnaí na bliana!

Nílim féin tógtha leis an athrú go Céadaoin. Tá úire tábhachtach do nuachtán. Thógadh sé lá nó dhó orm uaireanta teacht ar chóip agus é a fhoilsiú ag an deireadh seachtaine. Beidh sé níos deacra orm teacht ar chóip i lár na seachtaine - beidh an nuacht stálaithe ar fad nuair a thagaim air mar sin.

Is fíor go bhfeadfainn an leagan ar líne a léamh - agus b'fhéidir go ndéanfaidh sin seachas airgead agus stró a chaitheamh ag lorg an earra cló. Táim measartha cinnte gurbh sin cuid den chúis go bhfuil an díolaíocht íslithe - tuige dul á lorg i siopa ó siopadóir doicheallach nach bhfuil fonn air bheith ag plé le cóip nó dhó agus dornán le seoladh ar ais gach seachtain, má tá sé ar fáil ar líne.

Ach is tarraingt siar san saol dofheicthe a bheadh i gceist leis sin, doras eile ar gheiteo na Gaeilge dúnta. Níl sin ag teacht leis an sprioc, dar liom.

Feall atá ann, dar liom, gan straitéis agus cur chuige a bheith ann chun nuachtán láidir a dhéanfaidh fónamh don phobal na Gaeilge a chuir ar fáil, le hais earra tic i mbosca leis na "Gaeilgeoirí" a choinneáil suaimhneach. 

Agus sin mo racht go n-uige seo.

2010-08-01

Litríocht agus Gaelscéal: (ath)thús maith?

Bhí alt dhá leathanach i nGaelscéal na seachtaine seo ag cíoradh ceist díolaíocht leabhair i nGaeilge. Is léir go ndearna Joanne Ní Riain a cuid taighde, agus gur labhair sí le mórán daoine san earnáil. Ansin, tá agallamh le roinnt de mhór-scríbhneoirí na Gaeilge maidir leis an aitheantas a fuair Cathair Átha Cliath mar Cathair Liteartha UNESCO.

Ós rud é go léiríonn an alt féin gurbh an constaic is mó roimh díol leabhair i nGaeilge ná daoine gan a bheith ar an eolas fúthu, agus freisin go bhfuil ról ag na meáin Ghaeilge - Gaelscéal ach go háirithe - i mbriseadh an tosca sin, ar a dtugann Liam Carson Fáinne Fí, tá súil agam nach bhfuil san alt seo ach tús!

2010-04-28

Gaelscéalta i gcéin agus i gcóngar

Feictear dom go bhfuil ag éirí le Gaelscéal an chleas céanna a imirt agus a imríonn RnaG - Gaeilgeoir a aimsiú san áit a bhfuil scéal, agus iad a chuir ag scríobh. Bhí leathanach bhreá acu faoin bPolainn an tseachtain seo chaite, mar fhreagra ar an dtubaiste ansúd. Is cosúil go bhfuil Alex Hijmans ag scríobh go rialta dóibh. Is maith sin. Is maith liom colúin gnó Conaill Uí Mhóráin - níl an oiread spéise agam i gnó, ach tá tuairimí Chonaill spéisiúil. Gan amhras, tá spéis agamsa i scéalta teicneolaíochta agus comhshaol. Tá an obair ar siúl ag Conn Ó Muineacháin agus duine eile sa réimse seo.

Is dócha gur fíor go bhfuil easpa nuacht "crua" ann - ach sin dúshlán roimh aon foilseachán le foireann bheag. Súil agam go dtiocfaidh feabhas ar sin de réir mar a thógann siad an nuachtán; go mbeidh daoine ag teacht chucu le scéalta ar fiú tochailt a dhéanamh orthu.

De réir a chéile a tógtar na nuachtáin!

2010-04-13

Conas PDF de Ghaelscéal a fháil



Fig. 1.

Fig. 2.


Fig. 3.

  1. Téir go dtí an suíomh ag http://www.gaelsceal.ie/
  2. Brúigh ar an bpictiúr faoi "leagan digiteach" (Fig. 1)
  3. Brúigh ar "Roghchlár" ansin "Íoslódáil PDF" (Fig. 2)
  4. Brúigh ar "Download all" (Fig. 3)
  5. Nuair a osclaíonn acrobat reader i do bhrabhsaer, brúigh ar "Save as", agus roghnaigh ainm ciallmhar éigin!
Súil agam gur cabhair éigin é seo daoibhse nach bhfuil teacht agaibh ar leagan crua. Mar a deir na cuntasóirí, Earráidí agus Easnaimh as an áireamh!

N.B. beidh moill 2 lá (oibre?) ann idir foilsiú an nuachtáin ar an Aoine agus é bheith ar fáil ar an suíomh.

2010-04-12

Gaelscéal.

D'fhreastail mé ar an seoladh. Tá trí eagrán (an chéad ceann san áireamh) ceannaithe agam i siopaí. Táim measartha sásta.

Tá léirmheas chruinn déanta ag Conchubhar (Gaelscéal ag aimsiú an bhuille) agus comhrá spéisiúil ann. D'aontaigh mé cuid mór leis an méid a bhí le rá ag Seán Mór faoi eagrán 2.

Ach sílim go bhfuil a mhéar leagtha ag Séamas Mac Seáin ar an bpríomhlaige. Caithfear an nuachtán a dhíol - le léitheoirí agus le fhógróirí. Luadh i dtrácht ar an píosa a bhí ag Pól Ó Muirí ar a bhlag Béarla Ultach gur botún a bhí ann gan an suíomh idirlíon a bheith "beo" roimh an seoladh, ar mhaithe le stocaireacht a dhéanamh. Agus fós níl eolas ar an suíomh conas síntiúis a bhaint amach. Nó má tá, níor aimsigh mise é. Oibríonn córas PayPal Nuacht24 go seoigh domhsa, £10 in aghaidh na míosa as mo chárta creidmheasa, agus nuachtán Samizdat na Gaeilge i mo bhosca poist gach seachtain. Tuige nach bhfuil an rogha sin ag dul le Gaelscéal? Ní feidir a bheith ag brath ar dea thoil siopaí nuachtáin. Muna bhfuil ach corr chóip á dhíol, ní fiú an tairbhe an trioblóid don siopadóir - bíonn an oiread oibre i gceist le cóipeanna a sheoladh ar ais, féachaint chuige go bhfuil na cuntais in ord, agus rl. (Taithí agam ar seo ó bheith ga lorg Lá agus Foinse i siopaí, agus mo dhóthain clamhsán faoi na dáilitheoirí cloiste agam!)

Cúis imní dom an suíomh idirlín, déanta na fírinne. Feictear dom nach bhfuil smacht díreach ag Foireann Gaelscéal ar an suíomh - tá an cosúlacht air go bhfuil siad spléach ar dream éigin eile chun eolas a chuir ann agus a athrú. Má tá cartlann ann, ní fheicimse é. Agus nílim tógtha leis an leagan amach, ná an bealach a cuirtear blúiríní gairide as na scéalta, a bhfuil an cuma orthu nár múnlaíodh iad don suíomh, nár déanadh ach cúpla abairt a réabadh as an leagan cló. Tá amhras orm freisin faoi fotha twitter a bheith ann, ach an cuma air nach bhfuiltear á úsáid i gceart, chun spéis a spreagadh. Nod: féachaigí na moltaí ag http://www.usability.gov faoi conas suíomh so-úsáidte a dhearadh!

Feictear dom gur laige coitianta é sin i suíomhanna idirlín gluaiseacht na Gaeilge - go mbíonn deighilt ann idir an dream atá gníomhach, agus an dream atá ag cur an suíomh ar fáil.

Ach do nuachtán, d'fhéadfadh sé bheith marfach.

Bímis ionraic - níl aon whistleblower chun a rún a ligeann le Gaelscéal - seachas más "Gael scéal" atá i gceist. Ní fiú dóibh, toisc nach bhfuil an lucht léite fairsing go leor. Beidh orthu dul sa tóir ar scéalta; agus ansin stocaireacht a dhéanamh le léitheoirí agus fógróirí a mhealladh. Agus sin in éagmais na daoine a chnuasaigh taithí iriseoireachta le Lá agus Foinse. (N'fheadar an dtiocfaidh athrú ar sin ach an cás cúirte de chuid Cló Cheart a bheith socraithe?)

Agus, gan amhras, beidh sé deacair ag Gaelscéal gach trátha fhreastal. Táimse ar aon fhocal le Gabriel Rosenstock, a bhí ag clamhsán i litir an tseachtain seo, nach bhfuil an litríocht ag fáil ach cuid tanaí an mheacain. (agus bhí níos lú arís ann an tseachtain seo). Ach tá pobal léite nuachtáin na Gaeilge chomh beag sin nach féidir é a scoilt níos mó, agus a rogha cothaithe a sholáthar do gach grúpa. Níl ach an 32 leathanach ag Gaelscéal. Le himeacht ama, is dócha go mbainfear amach an cumasc cheart chun an phobal a cothú.

Tá obair mhaith ar siúl, ach tá bealach le dul fós.