- éala éarendel engla beorhtast
- ofer middangeard monnum sended
- and sodfasta sunnan leoma,
- tohrt ofer tunglas þu tida gehvane
- of sylfum þe symle inlihtes.
- Mór agat éarendel aingeal is gile
- seolta ag daoine na cruinne thíos
- fíor loinnir na Gréine
- Os cionn na réalta i ngach tráth
- Tusa a shoilsíonn tú féin de shíor
- Dán a spreag saothar Tolkien, más fíor.
- An t-alt seo a spreag mise.
Posts mit dem Label tolkien werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label tolkien werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
2013-04-11
éala éarendel
2011-06-29
Oidhe Chlainne Húrin
De ghnáth seachnaím litríocht a cuir eagarthóir lé chéile i ndiaidh bás an údair. Tá an taithí agam go raibh cúis maith ann nár chuir an údar féin i gcló é. Mar sin, cé gur thaitin Tiarna na bhFáinní agus an Hobad go mór liom (agus is mór an trua nach bhfuil an leagan Gaeilge den Hobad ar fáil fós, pé cúis atá leis), is fíor bheagán den saothar a d'fhuin Christopher Tolkien as a oidhreacht atá léite agam.
Bhí sé d'aidhm ag JRR Tolkien miotas agus stair iomlán a chruthú dá chruinne samhalta; ón cruthú ag Ilúvatar ar aghaidh. D'fháisc sé a lán scéalta as a shamhlaíocht; agus as an léann a bhí aige, as an litríocht Angla-Sacsach ach go háirithe. Tá lorg a chreidimh (Caitliceach ab ea é) le sonrú freisin san chaoi go mbíonn na carachtar a mhúnlú ag fórsaí na maitheasa agus an oilc. Bhíodh sé ag breacadh síos leaganacha, blúiríní agus bloghanna ar feadh a shaol.
Ach do léigh mé moladh áit éigin (ní cuimhin liom go beacht cén áit) ar Eachtra Chlann Húrin, agus ó bhí sé feicthe cheana agam sa leabharlann shocraigh mé triail a bhaint as.
Fear laochúil is ea Húrin a sheasann gualainn ar ghualainn leis na Sí in aghaidh an tAinspiorad Morgoth. Gabhtar san cath é; agus mar díoltas bíonn air faire ar conas mar a scriosann Morgoth a chlann. San leagan seo den scéal atá fuinte ag Christopher Tolkien as bloghanna próis de chuid a athair, is é a mhac Túrin an príomhphearsa. Tragóid sa bhunchiall den focal atá anseo - is iad a thréithe féin, a dhiongbháilteacht agus ceanndánacht atá mar trúig báis agus pian dó. Tréithe a chabhraíonn leis seasamh in aghaidh Morgoth agus fórsaí an donais, ach a fhágann deiseanna freisin lena é a ghoineadh agus iad siúd a bhfuil grá aige dó a scrios, uaireanta de bharr a ghníomhartha féin. Cuireann Morgoth tríd an onchú Glaurung casadh san seal ag pointí cinniúnacha - ach ar an mórchuid is iad tréithe an laoich a fhágann a dhán mar atá.
Sílim gur fuineadh an scéal go maith agus tá sé soléite, corraitheach laochúil.
Tá áthas orm gur sháraigh mé mo nós!
Clibeanna
gaeilge,
leabharlann,
litríocht,
tolkien
Abonnieren
Posts (Atom)
