Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-05-22

Patternist

De bhrí go raibh mé ag fáil na leabhair ón leabharlann, tarlaíonn sé nach raibh an sraith is mó clú de chuid Octavia Butler léite agam. Ach ansin san dianghlasáil fuair mé amach go raibh an ceithre úrscéal sa sraith ar fáil mar eagrán Kindle in aon imleabhar. (Tá an cúigiú úrscéal ann, ach shéan sí é ar ball, agus chuir as an áireamh san díolaim é).

Fágann sin gur léigh mé an scéal in ord amlíne an scéil, seachas ord foilsithe (atá beagnach droim ar ais!) Níl fhios agam ar rinneadh athraithe san díolaim chun rudaí a chuir in oirúint - ní dóigh liom é. Tá na leabhair a foilsíodh níos déanaí níos snasta, mar a bheifí ag súil leis agus breis taithí ag an údar.

Baineann an scéal le dhá chinéal duine - daoine a bhfuil cumhachtaí neamhghnácha intinne acu, de bharr feachtas fhada rúnda póraithe ag neach ar leith atá fadsaolach ach a ghoideann coilne daoine eile le fanacht beo. Agus sliocht eile daoine atá athraithe go hiomlán de bharr galar a tháinig ar ais le criú spásárthaigh - galar a athraíonn iompar na n-daoine ar mhaithe leis an galar féin a scaipeadh, agus a athraíonn coilne go hiomlán, go háirithe i sliocht na ndaoine leis an ngalar.

Tugann seo fráma don údar chun ceart agus mícheart, grá, uabhar, cumhacht a chíoradh ar bhealaí éagsúla. San scéal deiridh tá an cruinne roinnte idir lucht na cumhachtaí intinne, agus an dream leis an galar. Is daoirse atá i ndán dóibh siúd gan cumhachtaí intinne, agus is córas feodach ag braith ar nirt intinne atá i measc lucht na gcumhachtaí. Rud a fhágann spás chun eitic agus saorthoil a chíoradh.

Tá urscéal ar leith a phléann leis an galar agus conas a scaip sé - agus arís tá plé ann ar cumhacht, grá, eitic, daoirse.

Is deacair mórán eile a rá gan scéalta a mhilleadh.

Thaithin na scéalta liom, agus an dóigh ar fhí Octavia Butler buncheisteanna tríd gan a bheith teagascúil - spás fágtha do mhachnamh an léitheora.

Octavia Butler