Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-05-22

Cantaireacht, caoineadh, caithréim nó clamhsán?

Ó thosaigh an dianghlasáil táim ag siúl i píosa coille beag gan den teach go laethúil ar mhaith le pé splanc céile atá fágtha agam a chaomhnú. Ó tharla go bhfuil an t-earrach ann tá go leor éanlaithe sa choill cé go bhfuil sé ag éirí níos deacra iad a fheiceáil de réir mar atá an duilliúr ag dul i bhflúirse.

Tá siad ag clos go soiléir, ceolmhar, claisceadal ilghuthach.

Ceol a chloiseann an duine, gan tuiscint ar an gcúis. Is cuimhin liom i ceann de leabhair Douglas Adams sa sraith Hitchhikers Guide to the Galaxy gur fhoghlaim Arthur Dent fuighle na n-éin tar éis do bua na heitilte a bhaint amach - ach go raibh sé leadránach amach is amach, iad síoraí ag caint ar leithéad sciatháin, cumas eitilte agus araile.

Tuigim ar ndóigh gur mealladh céile, fógairt fearainn, agus ocras na ngearrcach is mó atá i gceist.

Agus, mar a meabhraíodh dom inné, go mbíonn gníomhartha dorcha sa choill!

Chuala mé agus chonaic mé éan beag - meantán measaim - ag screadaíl go hard agus ar tabhairt fogha i ndiadh fogha isteach sa chrann os mo chionn. Nuair a d'fhéach mé suas chonaic mé scréachóg coille, agus gearrcach faon ina ghob aige. Tá péire acu sa choill - is dócha go raibh ál le tógáil.

B'fhéidir gur fearrde muid bheith dall ar an gciall laistiar den gceol!