Trí chinn déag de ghearrscéalta láidre atá sa chnuasach seo le Réaltán Ní Leannáin. Tá craos léitheoireachta déanta agam ó tháinig an leabhar sa phost chugam de hAoine.
Mar a luaigh sí féin in agallamh le Raidió na Life, ó dhearcadh na mban atá na scéalta scríofa, agus anáil láidir a áit dhúchais san Tuaisceart orthu. |
Ach is scéalta uilíocha iad; agus iad scríofa go láidir sa chaoi is go dtéann siad i bhfeidhm ar an léitheoir. Le cúpla abairt cuirtear scéalta iomlán inár láthair, ár mbá á mhúscailt leis na carachtar. Luaigh Réaltán nach raibh téama ag baint leis na scéalta, ach mhothaigh mé féin go raibh téad láidir á nascadh - an ghrá ina ilghnéitheacht iomlán - idir leannáin, idir tuismitheoirí agus gasúir, an nasc a iompraíonn teaghlaigh ó ghlúin go glúin, ainneoin drocheachtraí agus míthuiscintí. Is ní gnáth sonas gan donas a bheith ina orlaí tríd, agus ní taise do na scéalta seo é. Minic go leor tagann deireadh an scéal aniar aduaidh ar an léitheoir, cor ann a nochtann léamh nua ar eachtraí an scéil agus ar na pearsana.