Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label scríbhneoireacht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label scríbhneoireacht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-04-30

Gleann an Leasa

 

Réamhrá

Táthar ag tathaint orm le tamall cuid de na gearrscéalta a scríobhas i dtosach mo ré scríbh- neoireachta a chur amach i bhfoirm leabhair. Ba leasc liom a dhéanamh ar chúiseanna éagsúla. Leisce, mar shampla. Níl aon chóip d'aon cheann de na scéalta agam agus is tuirsiúil an gnó é bheith ag tóraíocht scéalta a foilsíodh ó am go chéile in irisí éagsúla le tríocha bliain anuas-gan trácht ar an sclábhaíocht peannaireachta a bhaineann le iad a chur ar phár arís. Bhí cúis mhaith eile agam - eagla. Chromas ar an scríbhneoireacht i gceart tar éis do Chraobh na hAiséirí scoilteadh ina dhá leath i 1942.
Bhí trí iris nua Ghaeilge á gcur amach ag an am, An Glór, Comhar agus Inniu, agus ar chúinse éigin, níor bhac mórscríbhneoirí measúla aithnidiúla na Gaeilge leo. Bhí na hirisí i dtaobh le dream nua scríbhneoirí. I measc na ndaoine a chrom ar an ngearrscéalaíocht do na hirisí nua seo bhí Séamus ó Néill, Labhrás mac Brádaigh, Séamas ó Mainnín, Conchubhar ó Ruairc, Pádraig ó Conchubhair, Barra Manton, Tarlach Bhilí (Tarlach ó hUid) agus an mac seo.

Scríobhamar go rialta ar feadh tamall de bhlianta agus gan airgead á fháil againn as ár saothar, ná ní raibh airgead uainn. Ba é an chéad airgead a fuaireas as an ngearrscéalaíocht do na hirisí, seic a chuir Comhar chugam i 1945, agus is cuimhin liom gur bhraitheas mar a bhraith Iúdás bocht fadó agus an tríocha píosa airgid ina ghlac aige. Bhí fonn orm é a chur ar ais, mar ba náir liom é a chaitheamh orm féin. I ndeireadh na dála, chuireas chun mo mháthar é agus slánaíodh mo choinsias. Agus nach ait an rud é, ainneoin a ndeirtear i láthair na huaire i dtaobh proifisiúnachais agus an gá atá leis, níor lúide ár ndúthracht an scríbhneoireacht a bheith á déanamh saor in aisce againn. Dheineamar ár ndícheall.

Ach is chuige seo atáim: scríbhneoirí irise ab ea sinn. Ní raibh uainn ach scéalta a scríobh le haghaidh gnáth- phobal léitheoireachta na Gaeilge, scéalta a thuigfeadh an gnáthphobal. An scéal a bheith soléite agus inspéise. Ba é sin ár n-aidhm. Ní rabhamar ag dréim le clasaiceacht ná le hardlitríocht. Deoir a bhaint as súil chailín nó gáire a bhaint as seanduine, ní raibh uainn ach an méid sin. Ach conas a thaitneoidh na scéalta sin le pobal na linne seo? Níl a fhios agam. Níl sa chnuasach beag seo ach mo rogha féin de na scéalta a scríobhas le haghaidh An Glór agus Comhar, mar aon le cúpla duais-scéal a bheadh sa Ghlór nó i gComhar murach gur foilsíodh in irisí speisialta iad. An leisce arís! Ní raibh de mhisneach ionam tabhairt faoin tochailt i measc na n-irisí éagsúla eile inar foilsíodh roinnt de mo scéalta.
  • An Rud nach mBíonn Agam
  • Gleann an Leasa
  • Ciarraí Abú
  • Cluas Muice
  • Cúiteamh
  • Gealtachas Fómhair
  • Sop
  • An Oíche Aréir
  • Na hAdharca Fada
  • Agus an Féarán?
  • An Chéad Cheacht
  • Éan na hOíche
  • An Chéad Phionta
  • Maidin Dé Luain
  • An Bardal Fiáin
 Ansin thuas cuid de réamhrá agus clár an chnuasaigh Gleann an Leasa le hAnnraoi Ó Liatháin; chuir mé fios air ón leabharlann tar éis dom Nead na gCreabhar a léamh. Is cosúil gur scríobh Ó Liatháin neart gearrscéalta eile. Díolaim atá anseo, agus mar sin ní hionann téama ná seanrá na scéalta. Baineann go leor acu le soineantacht na hóige - nó an buachaill óg ar thí an tsoineantacht sin a chailleadh agus aghaidh a thabhairt ar an saol i gceart. Tá greann i scéalta eile - tá An Chéad Phionta - ceathrar fear tuaithe ag ól don gcéad uair tar éis dóibh pá na céad seachtaine a fháil - ana ghreannmhar ar fad. Mar atá i leabhair eile Uí Liatháin tá grá don dúlra agus tabhairt faoi ndeara iontu. Tá meon na haoise iontu - an ghlúin a raibh a dtuismitheoirí gafa i gCogadh na gCarad, gan na scéalta a bheith smolchaite. 

Pléann An Bardal Fiáin díreach leis an téama sin - sean óglach nach dtig leis bogadh ar aghaidh agus atá in umar na haimléise, buachaill óg a sheolann a athair chuig an seanfhondúir é ar mhaith le comhluadar a bheith aige - agus casadh sa deireadh nuair a fhilleann an sean ceannfort aige ar cuairt ar an gceantar - ach nach chun an cogadh a fhearadh arís a níonn.
 
Sruth comhfheasa an reacaire atá i gceist i roinnt scéalta, insint an reacaire uilefheasach i scéalta eile. Ach tá tabhairt faoi deara, caoine agus deá-mhéin don nduine agus don dúlra iontu go léir.Tragóid ceart sa chiall gréagach is ea Gleann an Leasa. Saolta curtha ó mhaith toisc nach dtig leis an patrarc glacadh leis go bhfuil bean a mhic aimrid gan locht.

Tá trom agus éadrom sa chnuasach, sonas agus donas. Bhain mé taitneamh as; measaim go mba cheart go mbeadh teacht éasca ar saothair iomlán Uí Liatháin. Is dócha go bhfuil leabhair fiúntacha eile ann ón ré sin a bhfuilim dall orthu murach an nod nó an comhtharlú a sheol i mo threo iad (is maith ann na hiasachtaí idir leabharlainne!).

2019-12-17

Jiohad ar Árainn Mhór!

Ní túisce Tairngreacht alptha siar agam gur fógraíodh úrscéal eile ó Phroinsias Mac a Bháird. B'ait liom i dtosach gur Coiscéim a d'fhoilsigh seachas Leabhar Comhar, foilsitheoirí Rún an Bhonnáin agus Tairngreacht. Ach cé go bhfuil gnéithe scéinséara ag baint le Fatwa is cineál eile leabhair atá ann. Úrscéalaí Gaeilge an laoch, cineál frustrachas air le saol na litríochta Gaeilge agus an bhearna idir an saol sin agus saol an oileán Ghaeltachta a bhfuil sé fáiscthe as agus ina chónaí ann.

Bhain na slaiseanna agus ciútaí faoi saol na Gaeilge agus dearcadh na meáin Béarla roinnt mhaith gáire croíúil asam.

Scríobhann sé úrscéal samhlaíochta faoin fáidh Mahamad - dúshlán saoirse cainte, más féidir é sin a rá faoi saothar ceilte Gaeilge. 

Ansin a thagann an dara carachtar isteach sa scéal, fear óg le athair (neamhláithreach don mórchuid) Éireannach agus máthair ón Libia a tógadh in Éirinn. Drabhlásaí macnasach. Ach a aimsíonn foilmhe ina shaol agus faoi thionchar a ghaolta déanann iarracht é líonadh le dian Ioslam. Scéal measartha coitianta in Iarthar na hEorpa. 

Cloiseann sé faoin úrscéal agus feiceann deis clú a bhaint amach agus leorghníomh a dhéanamh i saol a shíleann sé bheith peacúil ach ar deacair leis scaradh léi. 

Fíonn Proinsias scéal atá éadrom greannmhar ach fós féin nach múchann dáiríreacht na ceisteanna. Tá sleachta den úrscéal faoin fáidh sa leabhar freisin. 

Léitheoireacht siamsúil ach tairbheach. 

Éire an lae inniu atá ag claochlú - Tá ról tábhachtach sa scéal ag daoine aeracha freisin. 

Molaim an leabhar!

https://www.siopaleabhar.com/tairge/fatwa/

Fatwa 
Proinsias Mac a Bháird 
Coiscéim 
ISBN 13: 6660012190607