Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-04-22

An Pápa Proinsias, cloch ar charn

Cé go raibh fhios agam go raibh sé tinn, baineadh siar asam maidin inné nuair a sheol mo nuachar chugam an scéal go raibh an Pápa ar shlí na fírinne. Táimse caomhach i gceisteanna creidimh, agus bhí cáil an liobrálachais ar an bPápa Proinsias. Shíl mo mháthair céile fiú nach mbeinn i bhfách leis siúd, go mbeinn ar an ndrong a chreid gurbh é Benedict, beannacht Dé ar a anam, an fíor phápa. (Is dócha go raibh mé níos glóraí agus daingne i mo chuid fichidí nuair a chuir sí aithne orm. Agus tógadh gan creidimh ise san DDR). Ach sé an Papa an Papa - agus ar aon nós is bréagshamhail de chuid na meáin cuid mhaith ab ea an Proinsias "liobrálach" mar an gcéanna le bréagshamhail an Panzerkardinal a leagadh ar Ratzinger roimhe.
 
An té a léigh  an méid a scríobh an bheirt acu, thuig sé gur difríochtaí stíle a bhí eatarthu seachas aon deighilt i gcúrsaí teagaisc. Le déanaí - toisc gur cheannaigh mo shonuachar an gléas úsáideach seo dom táim ag éisteacht níos mó le closleabhar agus le podchraoltaí. Tá dírbheathaisnéis an Phápa Dóchas díreach críochnaithe agam (as Béarla). Ionraic agus soiléir. Fear a rinne botúin, agus a d'fhoghlaim as cuid acu. Mar Phápa, ní raibh sé gan locht ian chinntí, agus níl fréamh an dochair a rinne mí-úsáid bainte fós. Rinne sé roinnt botúin ina láimhseáil ar an gceist, agus i roinnt cinntí eile. Cheartaigh sé cuid acu. Beidh an dúshlán sin fós le sárú ag a chomharba, mar a bheidh cúrsaí airgeadais na Vatacáine.  Is deacair maorlathas agus institiúid a chuir ar mhalairt bealaí. Ba easpa fuinnimh chuige sin a thug ar an bPápa Beinidict éirí as. Bhain Proinsias go leor amach, agus d'athraigh a chuir chuige tréadach íomhá na hoifige. Céim eile ó Pontifex Maximus go giolla giollaí Dé. 

Tá dóchas agam go mbronnfaidh an Spiorad Naomh Pápa orainn a leanfaidh an conair a leag sé - agus ar bhealaí eile Benedict agus Eoin Pól Mór roimhe - chun athnuachan a bhaint amach san Eaglais. (Ní dócha gurb ionann mo thuiscint ar sin agus tuiscint na meáin, áfach).