Tuiscintí an fichiú céad bunaithe cuid mhór ar saothar "Le cycle mythologique irlandais et la mythologie celtique" le Henri D'Arbois de Jubainville. Fear ar ghéill scoláirí na Gaeilge dó toisc go raibh sé tar éis litríocht na Gaeilge a chur ar stáitse domhanda. Ach a bhí tugtha do pandéachas, mar a bhí roinnt dóibh siúd a bhí gafa leis an athnuachan Ceilteach. Fearacht AE. Léirigh Clarke ina chaint go raibh tionchar ag na smaointeoirí agus scoláirí ar a chéile.
Agus go ndearna siad neamhaird den traidisiún Gaelach, na gluaiseanna, ina measc athleagan iomlán ag Mícheál Ó Cléirigh eile, i. An bráthair bocht a bhí i measc ceithre máistir na hannála. Is cosúil go bhfuil LSS garbh ina lámh siúd, agus an téacs céanna i cóip glan i lámh Cúchonnacht Mag Uidhir.
An tátal a bhain Michael Clarke as seo ná gurbh dúshlán atá sa rosc, dúshlán a thabhairt do filí an Tuath Dé an dán a fhreagairt le dán léirmhínithe. Agus nach pandéachas ná mistéir osréalach atá i gceist in aon chor.