Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-01-18

Dialann mo Mháthar


Ní cuimhin liom mórán le Pádraic Breathnach a léamh go dtí. Corr scéal in iris is dócha. Ach mhol go leor daoine, a bhfuil meas agam ar a dtuairimí, an úrscéal seo.

Scéal cliseadh pósta, ó dhialann na mná. Ach sí a hiníon an reacaire, an dialann aimsithe aici blianta fada i ndiaidh bás a máthar. 

Chuir cúrsaí ama mearbhall áirithe orm san léamh. Tá an iníon fásta ag féachaint siar. Tarlaíonn an t-aicsean agus í in aois bunscoile, ach cé nach bhfuil dáta luaite tá eachtraí luaite a léiríonn gur san am i láthair atá rudaí ag titim amach. Tagairt don reifreann comhionannais pósta, abair. 

Ós rud é go bhfuil siar is aniar san insint freisin, thóg sé tamall orm luí isteach leis an scéal. 

Ach is insint chumhachtach brónach corraitheach atá ann. Grá agus dóchas á iompú ina brón fearg agus fuath. 

Léargas Péarla amháin a tugtar. A meon sise. Thug Áine Ní Ghlinn ardmholadh don láimhseáil ar an ngné seo ina léirmheas ar Plé Scéal RnaG. 

Insint dhrámatúil ó suirí, drúis, aontíos i Londain, pósadh, breith páistí. Nodanna thall is abhus go raibh síol achrainn sa chaidreamh - na nodanna níos soiléire ag amharc siar di. Marbhghin. Breitheanna deacra. Easpa cúnamh leis na leanaí. Uaireanta aite oibre. 

Ansin a fhaoistin bean eile a bheith aige. Chun teacht roimh scéal ó fhacthas léi é. 

Bréaga. Cíor thuathail. Cogadh teaghlaigh. Brú. Dlíodóirí. Brón, fearg, faoiseamh. 

Ní léitheoireacht a thabharfadh pléisiúr an éalaithe dhuit an leabhar seo. 

Ach léitheoireacht fiúntach. Ábhar machnaimh. Léargas. 

Máistreacht insinte ag an údar. Foclóir éifeachtach. Rún agam breis leis a léamh, iad a fháil tríd an leabharlann mar a fuair mé an leabhar seo. 

Padraic Breathnach
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781784441760