Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-01-17

Auf der Mauer, auf der lauer...

Idir Nollaig is cáisc 1981 bhí mé i mo chónaí le teaghlach gar do Vín san Ostair. Cairde le mo mhuintir. Tumoideachas Gearmáinise. Tá sí agam ó shin.

I 1982 measaim bhuail mé le teaghlach as Beirlín Thiar ar an dtrá i mBun Machan agus thosaigh cairdeas pinn le mac s'acu a bhí bliain nó dhó níos óige ná mé.

I gCáisc na bliana 1983 sílim thug mé cuairt orthu i nGropiusstadt Bheirlín. Árasán ar an 8ú urlár. Móinéir fairsinge le feiceáil ag bun an bhóthair. Iad doshroichte. Bhí An Balla idir mé agus iad. Bhí, deirtear liom, flosc aisteach turasóireachta agus foghlama orm agus chuir siad ar thuras bus soir mé. Liom féin - bhí bac ar Gearmánaigh ar an dturas faofa seo. Níl mórán cuimhne agam air i ndáiríre. Cuimhneacháin Arm na Sóivéide i Treptow. Iarsmalann an Phergamon. Camchuairt bus tríd lár na cathrach. Lón áit éigin. Chaith mé é leis an tiománaí agus an treoraí. Ag amharc siar níl fhios agam ar chothaigh mé deacracht dóibh. Chuile seans go raibh tuairisc le scríobh don Stasi....

Agus mé ar an ollscoil d'oibrigh mé le linn an samhraidh sa Ghearmáin. I 1987 bhí mé ag obair in oibreacha gáis i Recklinghausen. (teagmháil de chuid m'athair). Chuaigh mé ar cuairt ag mo chairde i mBeirlín. An uair seo is de shiúl na gcos a chuaigh mé soir. Bhí mé fós sách saonta. Ainneoin gur chuir an 25 DM a bhí riachtanach le aistriú ag ráta 1:1 poll sách mór i mo sparán tanaí, d'éirigh le fear cuir ina luí orm go bhféadfainn brabach a dhéanamh as airgead a aistriú leis ag ráta níos fearr. Ba eachtrannach mé, bheadh ar mo chumas é aistriú ar ais ag an teorainn. Bréag, ar ndóigh. Gáire fúm ós íseal a rinne lucht a bhainc, fuaire an mhaorlathaigh a léirigh siad dom. Mo chuimhne ná go raibh sé deacair an airgead a chaitheamh. Leabhair theicniúla agus ceirníní ceol clasaiceach a cheannaigh mé. Bhí trócaire ag m'óstaigh thiar liom agus cheannaigh siad na ceirníní uaim chun go mbeadh airgead póca agam!

Bhí mé ar ais i Mean Fómhair 1989. Cara liom ón Ghearmáin Thiar liom. Faoi seo bhí rialacha taisteal athraithe agus cead soir ag daoine as Beirlín Thiar. Cead teoranta. Chuaigh triúr againn soir. Trí scuaine ar leith i Friedrichstraße. Eachtrannaigh (mise), Gearmánaigh agus Berliner. Bhí fanacht fhada ag mo chairde orm. Bhí Ungárach sa scuaine romham. Cúis amhrais do na saighdiúirí de bhrí go raibh an teitheadh thar teorainn tosaithe.
Seachas sin an cuimhne is mó atá agam ná an Alexanderplatz bheith ar maos i bhfhir faoi éide. Arm na Rúise is an DDR. Ní raibh aon chosúlacht air go raibh an balla ar tí titim ainneoin corraíl na "Léirsithe Luain".

Ach thit.

Mí Deireadh Fómhair 1990 thosaigh mé ag obair i Spandau, Beirlín Thiar. Ar oíche an 3ú bhí mé i measc na mílte ar an bhFaiche os comhair foirgneamh an reichstag agus bratach an Phoblacht Chónaidhme á chrochadh i nGearmáin Aontaithe (ag an Deutschmark).

Bhí comhghleacaithe ón Oirthear agam cé gurb mionlach iad. AEG an comhlacht a bhí mé ag obair leo. I ndiaidh cúpla bliain fuair siad seilbh air monarchan dá gcuid san Oirthear a bhí fós i mbun tógáil traenacha. Bogadh soir muid.

Sé sin le rá, bhí an monarchan nua siar ó thuaidh ón seanmhonarchan dáiríre. I Hennigsdorf, baile lasmuigh de Bheirlín.

Roimhe sin bhí cuairt oibre tugtha agam ar Halle agus Schwerin. San oirthear.

Bhí comhghleacaithe ón dá thaobh agam agus chonaic mé pianta fáis an athaontaithe. Greann dóite muintir an Oirthir

Der Fuchs ist schlau und stellt sich dumm
Beim Wessi ist es andersrum

Tá an sionnach glic is cuireann cuma dúr ar féin,
A mhalairt a níonn an iartharach.

Bhí comhghleacaithe liom ar phá níos ísle de bharr gur thoir a fostaíodh i dtosach iad. Ainneoin iad a bheith ar chomhchumas. Agus níor aithníodh a mblianta seirbhíse ar an gcaoi chéanna.

Ní san iarthar amháin a gearradh an Solidaritätszuschlag, an "cáin bhreise dlúphairtíochta". Íocadh thoir freisin an cháin seo a bhí le costais an athaontaithe a íoc.

Chruthaigh an prionsabal Rückgabe vor Entschädigung (athbhronnadh seachas cúiteamh) éagóir go leor, daoine thoir a ndíshealbhú thar oíche as maoin a chuir siad am, dua agus allas ann tar éis é cheannach ón Stáit. Chuir ar a laghad duine amháin lámh ina bhás féin dá dheasca.

Díoladh go leor de bhonneagar tionsclaíochta an Oirthear ar 1 DM siombalach le comhlachtaí aniar. Go hiondúil ní raibh i gceist acu ach fáil réidh le hiomaitheoir.

Is cinnte gur deachtóireacht brúidiúil ab ea an Oirthear, faoi smacht an Stasi, sciath agus claíomh an pháirtí chumannaigh. (nó páirtí aonair an tsóisialachais, ós rud é gur nascadh le lámh láidir an SPD agus KPD thoir).

Ach bhí mórchuid den pobal, an bean a bhfuilim pósta anois uirthi ina measc, tagtha ar détente leis an stáit. Gan amhras, gabhadh ag na péas í mar dhéagóir agus tugadh rabhadh di. De bharr cúrsaí ceoil, bhí sí gar do dream san eaglais Liútarach agus d'iarr sí baiste in aois a 17. Ní raibh an Stáit fabhrach do ghníomh mar é. Marc dubh. Ligeadh di an abitur a dhéanamh ar an gcoinníoll go rachadh sí le múinteoireacht. Níor chríochnaigh sí an chéim. Ba i ciorcail ealaíne a mhair mo mháthair céile agus leasathair mo nuachar. Dream a raibh an Stáit ag suirí leo seal, anuas orthu seal eile.

Níl fonn ar mo mháthair céile amharc ar a comhad a éileamh. B'fhearr léi gan fhios a bheith aici cé a bhí ag cogarnaí céard leis an Stasi fúithi. (agus is cleasach an dream ab ea iad cibé agus ní an fhírinne ghlan atá i gcónaí sna comhaid.)

Mhair mé deich mbliana i mBeirlín.

Thairis sin chuir mé spéis sa stair agus tá litríocht na linne léite agam. Stefan Heym a scríobh ollúrscéal faoi éirí amach 1953. In onóir an Lae sin ba féile náisiúnta thiar an 17 Meitheamh, go dtí athaontú na tíre. Brecht. Christa Wolf. Daniela Dahn, a scríobh faoin díomá a tháinig ar go leor machnóirí thoir nuair a sciob fíoch ar an Deutschmark i measc a gcomhthírigh a bhfís de tríú bealach níos fearr uathu.

Tá léargas maith sna scannáin Sonnenallee, "Berlin, Ecke Schönhauser", "Goodbye, Lenin" agus "Das Leben der Anderen" ar an stair sin.

Cúis an rabharta smaointe seo?

Clár den scoth ar TG4 aréir. An Balla, curtha i láthair ag Síle Nic Chonaonaigh. Agallamh le scata a d'éalaigh nó nár éalaigh agus a d'íoc go géar. Ábhar iontach cartlainne. Radharcanna ó inniu. Carcair Hohenschönhausen an mhíchlú. Tá bua ag Síle daoine a chuir ag caint. Bua a íocann sí praghas air, mar go bhfuil comhbhá inti. Rud a thagann trasna go soiléir sna píosaí tráchtaireachta.

Léargas den scoth sa chlár.

Tarlaíonn sé go bhfuil Gearmáinis agam. Canúint Bheirlín fiú. Rud a d'fhág mé beag beann ar na fotheidil. Is mithid, mar is minic a bhí siad míchruinn. Sin gné de na cláir ar fiú machnaimh faoi. Is maith ann guth na ndaoine féin. Ach is trua gur iomaí Gaeilgeoir a bheidh i dtuilleamaí an Bhéarla chun an scéal iomlán a fháil. Mar a bheidh mé féin agus an Cóiré agus an Phailistín faoi chaibidil.

Sraith ar fiú faire air gan agó.