Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-01-11

Is leor nod don ríomhaire, ach bíodh sé cruinn!

Gan teangacha mharcála, bheadh sé ana dheacair eolas a scaipeadh idir ríomhairí nó go deimhin idir bogearraí éagsúla. Is dócha gurb é HTML, fionnachtain Tim Berners-Lee is cáiliúla. Is é seo an chóras clibeanna a chuireann ar chumas brabhsálaí eolas a léiriú a bheag nó a mhór mar ba mhaith leis an údar.

Ar ndóigh ag an tús bhí an córas úd bunaithe ar thacar charachtar ascii. Ní raibh ar fáil dá réir ach 127 siombail - níos lú nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil roinnt carachtar a raibh feidhm stiúrtha acu i dtús ré na ríomhaireachta.

Úsáidtear < agus > chun imill clibeanna a mharcáil, agus fanann clib i bhfeidhm go ndúntar é. Mar shampla léirítear gach rud idir < strong > agus < / strong > i gcló trom. Tá spásanna breise curtha agam ansin - murach iad ní aithneoidh bogearraí nach clib a bhí i gceist agam. Fágann an ghné sin go bhfuil gá le seicheamh éalaithe chun cuir in iúl do bhogearra nach bhfuil an clib i gceist ach an carachtar féin. I HTML feidhmíonn & agus ; móide giorrúchán chun an comhartha a chur in iúl, i & lt ; ar son <.

Róimh ré Unicode agus UTF-8 ba ghá amhlaidh a dhéanamh chun guta fada a chuir in iúl. & aacute ; a sheas do á, abair. Anois is iondúil go mbíonn an téacs ionchódaithe i UTF-8.

Ar an idirlíon is mó a úsáidtear HTML, do leathanaigh idirlín. Ach úsáidtear é freisin chun cló a leagan amach i roinnt cláracha java. Tá sé úsáidte agam féin le déanaí i sreabhchairteanna sanasaíochta.

Scríobhaim giotaí beaga HTML agus mé ag blagadóireacht. Bíonn táblaí tábhachtach go háirithe ar an mblag Rogha Gabriel.

Ach tá réimse táscanna i bhfad níos leithne ina bhfuil teanga marcála éifeachtach chun eolas a scaipeadh idir ríomhairí agus bogearraí.

Bhíodh mé ag úsáid léitheoir Google chun súil a choinneáil ar bhlaganna. Bhí sin bunaithe ar chóras atá fós in úsáid ag Blogger agus ardáin eile - RSS nó really simple syndication (fearacht mórán rudaí eile in iarthar fiáin na ríomhaireachta tá cúpla míniú eile ar an ngiorrúchán).

Blogh beag XML, leagan níos solúbtha de HTML atá sna comhaid RSS. Seasann XML do eXtensible markup language. Aris braitheann sé ar chlibeanna ach nach bhfuil srian ar a n-ainmneacha agus feidhm mar atá i HTML. Chomh fada agus go dtuigeann an léitheoir (daonna nó ríomhaire) an chlib, tá sé úsáideach.

Tá buntáiste le formáid mar seo go bhfuil siad inléite (ach is annamh iad a bheith soléite) ag duine agus gur féidir iad a leasú dá réir. Ach i ndáiríre is iondúil gur bogearraí a bhíonn ag plé leo agus tá scata uirlis is leabharlann a oibríonn leo.

Fearacht aon rud ina bhfuil ríomhaire i gceist áfach is gá cruinneas a bheith ann. Mura dúntar clib i gceart, beidh praiseach mar thoradh. Murab ionann agus duine, níl ríomhaire nó bogearra go maith ag líonadh bearnaí éiginnte. Tá feabhas a dhéanamh ag intleacht shaorga sa réimse seo gan amhras.

Feicim roinnt mhaith XML i mo chuid oibre de bhrí go mbaintear feidhm as chun bogearra a chóiriú do mhisean ar leith. Aistrítear na paraiméadar ó bhunachar sonraí go dtí na bogearraí éagsúla sa spás agus ar talamh trí bhíthin XML.

Is maith ann nodaireacht cuanna soiléir don ríomhaire. Cabhair atá ann gur féidir le hinnealtóir é léamh.

Nod don eolach!