Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-01-08

Anonn is ar ais arís

Fadó riamh a léigh mé an Hobbit. Go deimhin léigh mé Lord of the Rings agus an Silmarillion fiú. Ar fad ón leabharlann i dtosach. Léigh mé roinnt den saothar a chuir mac Tolkien in eagar freisin, cé nach bhfuair mé an blas céanna air. Easpa maise an údair.

Roinnt blianta ó shin nuair a briseadh as mo phost mé, cheannaigh mé na cúig leabhar - an Hobbit, trí imleabhar na fáinní agus an Silmarillion. Féirín sóláis. Léigh mé arís iad ó tharla mé díomhaoin agus in ísle meoin. Tá siad ar na leabhragán ó shin agus léite ag mo chlann.

Bhí spéis éigin agam nuair a d'fhoilsigh Evertype aistriúchán Ghaeilge Nicholas Williams ach bhraith mé é bheith rud beag daor. Nílim riamh cinnte an fiú aistriúcháin ón Sacs-Bhéarla. Go háirithe sa chás seo, nuair a chuir Tolkien roimhe miotaseolaíocht Sacs-Bhéarla a chruthú agus anáil a chuid teangeolaíochta agus saineolas liteartha ar an saothar.

Tarlaíonn sé áfach go raibh m'iníon ag scoil fidléireachta i nGleann Cholm Cille. Chuaigh sí isteach i siopa leabhar Oideas Gael ag lorg ábhar léitheoireachta agus chroch léi an Hobad. Agus é sa tigh bhí sé i gceist agam é léamh, uair éigin. B'fhéidir.

Tharla uair éigin idir dhá Nollaig.

Tá sé píosa fada ó léigh mé an Hobad sa bhunleagan. Ba mo chuimhne air go raibh sé soineanta go maith mar scéal. Ach i ndáiríre is sár scéal eachtraíochta atá ann, agus go deimhin polaitíocht ann freisin. Ní tuathánach saonta é Biolbó. Níl ann ach go raibh sé leamh i mo chuimhne le hais Tiarna na Fáinní.

Tá saibhreas in aistriúchán Williams, an réimse teanga oiriúnach agus taitneamhach. Tiontú cúramach agus oiriúnach ar ainmneacha.

Sa bhreis ar sin is táirge ealaíne an leabhar féin, léaráidí Tolkien féin agus an téacs iontu aistrithe go cúramach go Gaeilge ag Michael Everson.

Eachtra iontach, teanga shaibhir, cló cuanna, léaráidí iontacha. Pléisiúr.

Beidh mé ag filleadh air arís ar Hobad, abhaic, eilbh (rogha stuama ar Elf) agus a dtroid le púcaí is criúin. An Modarchoill, an Fiántas, an Srath. Ainmneacha atá dílis don mbunleagan agus don nGaeilge. Dúshlán sáraithe go maith!

https://www.evertype.com/books/hobbit-ga.html
An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís
J.R.R. Tolkien
Aistrithe Nicholas Williams
Céad eagrán 2012
Cathair na Mart: Evertype.
ISBN 978-1-904808-90-9 (crua)
ISBN 978-1-78201-033-3 (bog)