Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-02-13

Mangairí an Amhrais

Ní cuimhin liom go baileach cad a spreag mé le fios a chuir ar an leabhair seo. Tá imní orm le fada maidir le neamhlitearthacht eolaíochta sa phobal i gcoitinne agus i measc an dreama atá le cinntí a dhéanamh go háirithe.

 Iniúchadh ar chás Mheiriceá atá sa leabhar seo – ach tá scáil fhada domhanda ar chinntí i Meiriceá. Iniúchadh chúramach ar dream beag fear a bhfuil tionchar thar na bearta imeartha acu le blianta i Meiriceá. Ar son lucht déanta tobac i dtosach – agus i gcoinne gníomhú ar athrú aeráide anois. Airgead mór laistiar daofa – mar gur ridirí ar son an mhargadh saoir iad agus prionsaí an mhargaidh sásta tacaíocht airgid mór a thabhairt dá lucht cosanta.

Chuir sé ionadh orm cé chomh fada siar is atá fréamhacha an fhadhb, agus níor thuig mé go raibh an eolaíocht ag iniúchadh athrú aeráide baileach chomh fada sin siar.

Patrún atá le feiceáil arís agus arís sa leabhar: foilsítear torthaí eolaíochta, ar cheart go mbeadh rialúcháin mar thoradh acu chun an fhadhb aitheanta a mhaolú. 
Ach is in irisí eolaíochta piarmheasta a foilsítear iad. Téann ridirí an mhargaidh ar an ionsaí i nuachtáin agus irisí a léitear go coiteann – go spleodrach mothúchánach cinnte, san áit go bhfuil na heolaithe tur, fuarchúiseach agus ag plé le dóchúlachtaí – agus ag fágáil an doras oscailte i dtólamh do bhreis taighde.

Tuigeann lucht mioscais gur leor síol an amhrais a chuir – bláthóidh sé mar níl daoine ceanúil ar athraithe a d'fheadfadh srian a chuir orthu.

Má theipeann ar argóint i gcoinne an eolaíocht déantar fogha faoin eolaí.
Agus arís, tá an buntáiste ar thaobh ridirí an mhargaidh.

Tá buntáiste á bhaint acu freisin as nós na meáin "cothromaíocht" a lorg san tuairisciú ar mhaithe le "hoibiachtúlacht". Éisteacht leis "an dá thaobh" gan cuir san áireamh na fíricí, nó údarás. 

Gné eile ná an chaoi go raibh na daoine seo ag feidhmiú tríd institiúid taighde nó meithil machnaimh a raibh cuma an neamhspleáchais orthu, foinsí airgeadais ceilte ag stádas carthanais. 

Cúis imní dom an "daonchairdeas" a ligeann do rachmasóirí cáin a sheachaint, cuma na maitheasa a chur orthu féin agus ag an am céanna tionchar láidir a imirt ar chúrsaí polaitíochta gan faire daonlathach. (Ní caomhaigh amháin a bhaineann buntáiste as seo, ar ndóigh). 

Agus, anuas ar sin, tá an airteagal creideamh acu gur "lámh dofheicthe an mhargaidh" réiteach na faidhbe bun-os-cionn leis an bhfirinne. Tá sé suntasach freisin gur in earnáil na n-airm – i. Íoctha ag an gcáiníocóir – a rinne na fir seo a gcuid obair eolaíochta – nach raibh mórán baint aige leis an méid a bhí á ionsaí acu. Mar ag deireadh an lae, cé gur rachmasóirí is mó a ghnóthaíonn as dul chun cinn teicneolaíochta, is minice ná a mhalairt gurb é an cáiníocóir a d'íoc as forbairt agus taighde. Fiú más san earnáil príobháideach a rinneadh fionnachtain is rí mhinic gurb an stáit a scaip.

Tá lón machnaimh sa leabhar – agus is mithid comharthaí sóirt mioscais lucht scaipthe an amhrais a aithint.



Merchants of Doubt
Naomi Oreskes, Erik M. Conway
Bloomsbury 2010
ISBN 9781596916104