Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-02-18

Imbolc 2020 - An Ceolchoirm

Tá Bernice Doyle agus Tomás Mac Aodha ag déanamh éachtaí bliain i ndiaidh bliana, ag eagrú Féile gaoise i mBaile Bhúirne ó 2010. Táimse ag freastal air ó 2011.

Tá an deasghnátha socair anois. Cúpla uair an chloig oibre san oifig, maidin Aoine. Buaileadh le roinnt cairde agus tabhairt faoin bhóthar ó dheas. Bíonn ádh agus cúrsaí tráchta i  gceist. Greim bia le fáil, ach gan a bheith mall don gceolchoirm.

Bhíomar in am i mbliana. 

Triúr a bhí le bheith ar stáitse, agus an ionad cultúrtha díolta amach.

Séamus Ó Beaglaoich i lár stáitse, ina shuí ar trí chathaoir ar mhullach a chéile chun bheith ar a chompord! A iníon Méabh ar chlé uaidh, agus an giotáraí Matt Griffin ar dheis uaidh.

Sruth cainte agus grinn uaidh, idir Béarla agus Gaeilge, idir an cheol agus an seomra faoi gheasa aige.

Ceol bhríomhar bosca, agus amhráin mealltacha ó Shéamus agus Méabh.

Na ceoltóirí i dtiúin le chéile, sméideadh cinn nó súil le corr a chuir i bport. An lucht féachana ina uirlis bhreise faoi stiúir Shéamuis, é ag mealladh comhcheoil do churfá.

D'imigh an t-am chomh gasta go  raibh ionadh orainn é bheith istigh!

Langweilig - cuireann fad le ham - an Ghearmáinis ar leadránach. Tá a mhalairt ann, kurzweilig, giorraíonn an t-am. B'shin breith mo  chara a bhí tagtha ón nGearmáin ar  an bhféasta ceoil a cuireadh romhainn. 

Chuamar siar an bóthar go dtí an Muileann. Lean ceol agus allagar ann, agus ní fada go raibh Séamus suite i measc ceoltóirí na háite. 

Chuaigh an bhealach umhal a mhisnigh sé agus a mheall sé iad i bhfeidhm go mór orm - é ag tarraingt siar nó ag brú ar aghaidh de réir mar a bhí sé de dhíth chun tacú. Uaisleacht nádúrtha. 

Bhí an ceol fós ina thaoide lán nuair a sheol tuirse bóthair a choladh mise. Suantraí...