Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-02-24

Scoil Cheoil an Earraigh


Táim fillte ó roinnt laethanta iontach taitneamhachta in Iarthar Dhuibhneach ag Scoil Cheoil an Earraigh. Is ar Trá an Fhíona a bhíomar ag cuir fúinn seachas ar an mBuailtín. Seans gur fearrde m'ae é bheith amhlaidh ach dá dheasca sin níor bhlais mé an oiread den gceol neamhfhoirméalta agus a rinne anuraidh.

Bhí an oiread ar siúl ar aon nós nach bhféadfadh duine freastal ar gach imeacht. 

Fad is a bhí m'iníon ag ranganna fidile, bhí mise ag Ciorcal Comhrá faoi stiúir Máire Joe Daly. Ana thaitneamhach. 

Cathal Goan a rinne an oscailt oifigiúil in Áras Bhréanainn oíche Céadaoin. Fuaireamar blaiseadh den méid a bhí le teacht. Rud ar leith faoi Scoil Cheoil an Earraigh ná go  mbíonn ceoltóirí na háite lárnach ann, daoine óga agus daoine níos críonna nach bhfeictear lasmuigh dá gceantar dúchais.

Bhí sin i gceist ó oíche Céadaoin ar  aghaidh, ach freisin sna ceolchoirm agus san eagrán den Saol ó Dheas a craoladh Dé hAoine ó Áras Bhréanainn. 

Ach is ceoltóir siúlach é Breandán Begley agus is minic a mheallann sé ceoltóir a casadh ar ar a shiúlta go dtí an Scoil Cheoil. I mbliana Su Garrido Pombo ón nGailís a bhí i gceist. Canann sí amhráin ina canúint féin, le drámaíocht a fhágann go bhfuil a colainn iomlán ag amhrán. Dúirt Breandán gurb amhlaidh a thit a fear céile i ngrá lena guth, agus í ag cleachtadh san árasán ós a chionn, sular leag sé siúl uirthi! Thuigfeá dó.

Os rud é go bhfuil suim agam féin éisteacht le hamhráin chuala mé cúpla uair í. Oíche Céadaoin san Siar Ó Thuaidh, áit a raibh seisiún shaibhir amhránaíochta faoi stiúir Noelie Ó Maoileoin, mar shampla. Seisiúin inár ghlac Mairéad Ní Dhomhnaill páirt lárnach, ag canadh roinnt amhráin - leaganacha Conallacha uaireanta de amhráin a chan daoine eile. (Bíonn dhá insint ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán!)

Lean an amhránaíocht ar aghaidh Tí Bhric tráthnóna Déardaoin, i ndiaidh seoladh CD Nicole Ní Dhúshláine.

Amhráin agus amhránaithe ó gach cearn. 

Bhíomar i láthair freisin ag an dá ceolchoirm mhóra i Halla na Feothanaí, Aoine agus Satharn. Roinnt uaireanta an chloig ceoil ó oidí na scoile agus ceoltóirí áitiúla nach gcloistear mórán lasmuigh dá dtithe!

Saibhreas ceoil. 

Cuireamar clabhsúr lenár rogha le Aifreann le Cór Chúil Aodha maidin Domhnaigh agus ceolchoirm am lóin i bPotadóireacht na Caolóige, áit ar chuir Mick O'Brien agus Caoimhín Ó Raghallaigh faoi gheasa muid. 

Ní raibh an aimsir faoi mholadh beirte, scríob agus fearthainn. Ba chuma áfach mar bhí ceol i ngach cearn. 

Tá súil agam bheith ar ais!