Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-02-08

Éalú as an Lios/An tSióg Mhallaithe

Is maith le m’iníon scéalta faoi síoga; agus faoi daoine óga ag tabhairt dúshlán an saoil mhóir agus ag blaiseadh eachtraí. Tá an dá rud in éineacht san sraith nua seo ó Aoife Ní Dhufaigh.

Sióg óg i Luisne a bhfuil fonn láidir eachtraíocht inti – níl  a cara Deirdre chomh dána céanna, ach leanann sí lorg a cara. In Éalú as an Lios tapaíonn siad an deis dul go dtí an Domhan Thuas nuair a fhágann deartháir Luisne eochair ag luí thart. Tá siad ar bís chun sorcas agus an pictiúrlann a fheiceáil, mar atá léite sna leabhair scoile acu. Baineann siad taitneamh as a gcuid eachtraí i measc na ndaoine, cé go dteipeann orthu sorcas a aimsiú. Ach ansin níl fhios acu conas filleadh ar an lios istoíche!

Cabhraíonn ainmhithe leo áfach, agus tagann siad slán do aintín leo atá pósta ar dhuine.

An tSióg Mhallaithe


San dara scéal tá Luisne agus Deirdre ar bís agus bainis ar siúl sa Lios, agus a col ceathrar ón Domhan Thuas ag teacht. Ach cuireann sióg olc, Macha isteach ar chúrsaí agus fuadaíonn an col ceathrar leath daonna. Tá na sióga ar fad ar a ndícheall é aimsiú – ach éiríonn le Luisne agus Deirdre teacht i gcabhair air. (Rud amháin a bhraith mé bheith as alt anseo – neach fireann is ea Macha, ainneoin an t-ainm).

Tá na scéalta breá spraíúil, eachtrúil agus is féidir le léitheoirí óga ionannú leis na sióga óga. Cé gur léigh mé na leabhair le’m iníon bhí sí breá ábalta dul i ngleic leo í féin. Mar is dula do Leabhar Bhreac tá na leabhair féin snasta idir cló, léaráidí agus dearadh.
Tá na leabhair dírithe ar léitheoirí neamhspleácha thart ar 9 nó 10.

Éalú as an Lios
Aoife Ní Dhufaigh
ISBN: 9781909907966
Leabhar Breac

An tSióg Mhallaithe
Aoife Ní Dhufaigh
ISBN: 9781909907973
Leabhar Breac

Foilsíodh an mír seo cheana ar Gobblefunked ar 19ú Meitheamh 2016