Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-04-09

Imbolc 2012: Seachrán Eoghain

Eoghan Mac Giolla Bhríde
Íomhá le caoinchead Imbolc agus an Ghrianghrafadóra
I measc an éigse a labhair ag Imbolc i mbliana bhí an scríbhneoir agus fear teilifíse, Eoghan Mac Giolla Bhríde. Chuaigh Eoghan i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le léacht poiblí a thabhairt ar do shaothar ar bhealach thar a bheith glic. Cé go raibh an chuma air go raibh léacht á thabhairt aige faoi thionchar ghraffitti ar mheon scríbhneora, diaidh ar ndiaidh nochtadh dúinn gurbh é a bhí ar siúl aige lena thaispeántais sleamhnáin de fhir beaga dubha atá le feiceáil ar ballaí na cathrach agus na smaointe a spreagann siad, ná scéal a  insint dúinn. Rud a rinne sé go sár mhaith, le grianghraif a rinne sé féin agus é ag léiriú a reacaire ag sleamhnú níos doimhne agus níos doimhne isteach sa pharanóia. D'inis sé an scéal leis na pictiúir, lena ghuth agus lena cholainn. Agus ar dhóigh a shúigh isteach san scéal muid, a bhuail bob orainn fiú nuair a bhí tuigthe againn cad a bhí ar bun. Níor réabadh an creideamh ann le linn dó bheith ag a caint. Bhí an díchreidemah ar fionraí ar feadh seal.

Ar an ndrochuair, beidh oraibh fanacht le físeáin Imbolc chun blaiseadh ceart fháil ar an scéal. Caithfidh mé admháil gur spreag sé macallaí i'm chuimhne de na gnúiseanna (fearacht iadsan sa ghrianghraif) atá feicthe thall is abhus sa chathair agam: ní deacair smaoineamh ar an tionchar a bheadh ag a leithéidí ar inchinn suaite. (Agus nílim róchinnte nach bhfuil a leithéid agam!) Spreag an léiriú a thug sé fiosracht orm agus chuir mé fios ar an dá leabhar gearrscéalta dá chuid atá i gcló. Idir Feoil is Leathar (2002) agus Díbeartaigh (2005) is ainm don dá leabhair seo, lán le gearrscéalta samhlaíocha.

Thuig mé ó bheith ag caint le hEoghan go bhfuil tionchar air ag scéalta ó lár na hEorpa, agus tá cuma Khafka ar roinnt den na scéalta sna chnuasaigh, rudaí as an ghnáth ar fad ag tarlú do dhaoine, fear a chailleann a theanga mar shampla - nó fear a dhúisíonn agus a bhean céile dúbláilte - nó an bhfuil? Tá scéalta grá de chineáil éagsúla ann, scéalta taisteal, scéalta uafáis. Má tá snáth coiteann iontu sílim gurbh é stoiteachas an snáth sin, an duine aonair scartha amach ón saol ainneoin nó uaireanta de bharr an gaol atá aige le daoine eile.  Scéalta de chuid ár linne, lán de thaithí a chnuasaigh Eoghan abhus agus ar aistir tríd Mheiriceá Theas, a bhfuil tagairtí dóibh sna scéalta. Ní léitheoireacht éadrom, cinnte, ach thaitin na scéalta go mór liom. Agus tá na leabahir díreach an méid ceart le sleamhnú isteach i bpóca chun turas a ghiorrú!
Más fíor an méid a luann Alan Titley, gurbh filíocht an rud nach sroicheann deireadh an leathanaigh, tá dán snasta amháin sa leabhair: 'Brath' - scéal snasta a cheapann an bomaite a thuigeann bean gur raibh a  leannáin mídhílis -  trína shúile seisean. Sár scéal.

Idir Feoil is Leathar
Eoghan Mac Giolla Bhríde
Coiscéim 2002

Díbeartaigh
Eoghan Mac Giolla Bhríde
Coiscéim 2005