Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-09-18

Oilithreacht Pinn

Dialann Camino Liam Uí Mhuirthile atá in Oilithreacht Pinn, agus an Camino Francés á shiúl aige ina aonair. Ní treoirleabhar atá ann, ach dialann ana phearsanta, na daoine a chastar air fán mbealach, a shiúlann sé sciar den ród leo. Roinnt tagairtí freisin do file Gailísiseach Rosalía de Castro,  bhfuil saothar léi ina thiachóg agus é ag aistriú roinnt sleachta as.

Dialann iontach ionraice atá ann; ní cheileann sé a mhothúcháin idir sorcha agus dorcha, ná athrú tuairime a thagann air faoi dhaoine de thoradh breis aithne. Ós rud é go bhfuil Fraincis aige agus riar a chás den Spáinnis níl sé taobh le Béarla chun aithne is cumarsáid a dheánamh - buntáiste gan aon agó.

Ón leabharlann a fuair mé an saothar seo, ach cheannaigh mé an cnuasach beag dánta a scríobh sé ar an dturas - dánta ina bhfuil eisint na siúlóide ceaptha, toradh marana agus lón marana. Viaticum don gnáth shaol.

Tá an dá shaothar luachmhar. Cuimhin liom Frainc Mac Brádaigh, ina aitheasc sochraide, ag insint go raibh Oilithreacht Pinn ina trostán marana aige féin, Liam ina chompánach bóthair ar a oilithreacht ar an saol seo.

Leaba i measc na naoimh ag Liam, agus go bhfaighe a shaothair aird chun ár dtairbhe uilig!

¡Buen Camino!