17 September 2018

Faobhar an lae

Tá cairde ag mo nuachar ar ealaíontóirí iad. Go deimhin, is taispeántas le duine acu Thomas Richter a thug go hÉireann í sna luath nóchaidí. Thit sí i ngrá leis an gceol, rud a thug isteach i teach tábhairne ceoil i mBeirlín í. Áit ar bhuail mise léi....

Chuaigh mé léi chuig taispeántas de chuid Tomas i Köpenick agus thit mé i ngrá le pictiúr dá chuid, tírdhreach cósta a mheabhraigh saoirí mar pháiste i mBun Machan dom. Cheannaigh mé uaidh é, ar rátaí! Tá ealaíon eile ar na ballaí againn, bronntanais thar na blianta. Ach níl aon pictiúr íle eile ina measc- ní hacmhainn dúinn iad a cheannach agus níl balla a diongbhála againn cibé.

I Mám an Óraigh, ós cionn Fionn Trá a chaith muid mí na meala. Ansin nuair a tháinig muid go hÉireann i 2000,thosaigh muid ag caitheamh saoire i gCorca Dhuibhne. Ó 2003 tá tréimhse caite againn ann mórán chuile bliain. Tá an ceantar siúlta agam. Tá fréamhacha eile agam ann. Is go Com Dhíneoil a chuaigh mo sheanathair chun Gaeilge a fhoghlaim chun a shástachta. Chaith sé sealanna ina dhiaidh sin lena theaghlach i mBaile an Fheirtéaraigh, cois Cuan an Chaoil. Áit éigin sa cheantar tumadh sa tsáile mé agus gan mé ach cúpla lá d'aois - tugadh anoir aduaidh an chéad garmhac lena chuir i láthair!

Nuair a chonaic mé mír Molscéal faoi thaispeántas Áine Ní Chíobháin mar sin bhí sé thar a bheith tarraingteach.

Thapaigh mé an deis sciurd a thabhairt ar an dtaispeántas de Sathairn. Bhí fios maith agam nach mbeadh luach aon phictiúr acu agam ná balla chun a chrochta.

Mar sin féin bhí mo mhac is mé féin tógtha leis an slí a cheap sí na tírdhreacha seo atá inár gcroíthe. Beocht agus téagar sna pictiúr. An solas agus an síon atá mar anam na gcnoc ceaptha agus tugtha go Baile Átha Cliath, na pictiúir ina ngeataí sí go halltar na gcnoc is na hoileáin.

Tá súil agam go bhfaigheadh siad baile maith agus go mbeidh sciar acu ar a laghad crochta ina áiteanna poiblí chun an saibhreas a scaipeadh.

No comments: