16 September 2018

Black 47


Chuaigh mé inné ag faire ar an scannán Black 47 le mo mhac. (Aire: teastaíonn uaim an scannán a phlé, mar sin má tá fút é fheiceáil, stop ag léamh anois - níl mé cinnte an éireoidh liom sceitheadh rúin a sheachaint go hiomlán!)

Thaitin an scannán go mór liom. Fairsingiú ar an gearrscannán An Ranger atá ann (agus na scríbhneoirí céanna i gceist). Filleann saighdiúir ón Chianoirthear i mbliain is measa an drochshaoil. Faigheann sé amach go bhfuil a mháthair marbh; muca ag fear gaimbín san tigh s'acu. A dheartháir crochta. Bíonn air seasamh i leataobh, de bharr lámh láidir na bpéas, agus fuílleach a mhuintir á gcuir as an tigh ina bhfuair siad fothain toisc nach raibh teideal acu air. Briseann sé as an géibheann - slad fágtha ina dhiaidh aige, ach tá sé ró mhall nuachar a dheartháir a tharrtháil ó bhás den fhuacht; agus duine dá clann léi. Cromann sé ar díoltas fíochmhar ag baint amach, an oiliúint agus taithí a fuair sé thoir á chuir ag obair go marfach aige. Tá an tóir amuigh air áfach, agus iar oifigeach dá chuid, fear a tharrtháil sé tráth, ach atá anois i ndeireadh na feide agus gan de rogha aige ach bheith ina chú seilge ag oifigeach sotalach Sasanach.

Is iomaí corr sa scéal roimh deireadh agus léirítear an stair go paiteanta. Is carachtar iomlán gach carachtar, ach is eiseamláir iad freisin. Ní na Sasanaigh amháin atá ina mbithiúnaigh. Tá an fear gaimbín ann. Tá carachtar níos casta incorpartha ag Stephen Rea - fear teanga don sealgaire. Gáire ar a bheola do na Sasanaigh - an Tiarna Talún ach go háirithe, ach fuath ina chroí. Ról óinmhid inste an fhírinne gharbh aige. Thaitin sé liom go bhfuair an cosmhuintir Sasanach a gceart i bhfoirm an saighdiúir óg singil a scaoiltear ag na péas agus é ag iarraidh an dream atá an saothrú bás ocrach a tharrtháil le gráin an Tiarna Talúin.

Scannán sách dorcha, ach dóchas ann freisin. Ní tugtar aon réiteach simplí ar an gceist ach oiread. 

Tá cuid mhaith den gcaint sa scannán as Gaeilge; tharraing léirmheas Eoin Ó Dubhghaill ar NÓS caint toisc gur cháin sé easpa cumais an príomhaisteora inti. Níl mo chluas chomh híogair le cluas Eoin - cloisim (agus monuar seans go labhraím scaití) go leor míchruinneas sa Ghaeilge agus tá mo chluas maolaithe dá réir. Ach is cinnte gur chuir an chaint bac uaireanta roimh an bheith tumtha iomlán sa scéil. Is mór an trua, dar liom, nach bhfuair cainteoir cumasach deis tabhairt faoin ról - Dara Devaney, abair - chun cuir leis an hinchreidteacht. 

Ach is maith ann an scannán.


1 comment:

Mise Áine said...

Níor léigh mé do léirmheas, a chara, mar tá sé i gceist agam an scannán a fheiceáil, am éigin.

Go raibh maith agat, mar sin fhéin!