Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-12-06

Míp agus Blípín


Cheannaigh mé an dara leabhar seo de chuid Máire Zepf faoin leithscéal gur bronntanas Nollag é do nia nó neacht. Ach tá an nia is óige a hocht anois agus níl fhios agam an bhfuil an deis caillte!

Mura bhfuil dul amú iomlán orm, is Opportunity a spreag Máire le scríobh faoi Míp. Agus is an ingearán Ingenuity a spreag Blípín. (Déanfaidh mé mo ghnáth clamhsán anseo - ní thráchtann an leabhar ach ar eolaithe ach is innealtóirí a rinne an obair chun árthaigh a seoladh go Mars.)

Mar a bhí i gceist le Míp, insíonn pictiúir Paddy Donnelly scéal níos iomláine ná na focail, go háirithe mar gheall ar na heachtráin! (Ní dóigh liom go bhfuil a leithéid de neacha ar Mars, ach dá mbeadh, agus mura mbeadh fonn orthu go bhfeicfí iad....) 

Tá an scéal go deas bríomhar, agus seolann an léitheoir óg i dtreo na fíricí a bhaineann le taiscéalaíocht ar Mhars. Agus tá ceacht tábhachtach ann faoi idirspleáchas, cairdeas agus féin mhuinín.

Scéal deas gleoite ar féidir go leor a bhaint as.

Ana shaothar arís ó Futa Fata, Máire agus Paddy. 

Máire Zepf & Paddy Donnelly
Futa Fata 
ISBN: 9781910945995