Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Paddy Donnelly werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Paddy Donnelly werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-12-07

An Slipéar Gloine

Nuair a thiomnaigh C. S. Lewis An Leon, an bandraoi agus an prios éadaigh do Lucy dúirt sé go raibh dearmad déanta aige go dtagann páistí in inmhe níos gaiste ná leabhair, ach go raibh dóchas aige go dtiocfadh sí arís in aois go mbeadh taitneamh le baint aici as scéalta iontais. Táimse san aois sin le fada, ach tá súil agam an seod seo a bhronnadh ar nia nó neacht. Is eagal liom áfach go bhfuil siad san idir ré...

Athinsint bhríomhar véarsaíochta atá anseo ar ceann de na scéalta is áille sa chorpas - Eorpach ar a laghad - Luaithríona, a caitear go dona léi sa mbaile ag leasmháthair agus a clann sise, ach a mheallann an prionsa. Is iomaí leagan feicthe agam tríd na blianta, agus is cuid den séasúr Nollag dúinne Drei Haselnüsse für Aschenbrodel (Trí cnó coll do Luaithríona) - leagan déanta ag Seicigh agus oir Ghearmánaigh sna 1970í, ag tarraingt ar insintí Grimm agus Božena Němcová. Tá leagan deas eile feicthe agam le déanaí, ina síleann Luaithríona gur giolla an té a dtugann sí gean dó - don duine, ní an oifig ná a mhaoin! 

Tá athinsint Fhearghais Mhic Lochlainn go hálainn bríomhar, na véarsaí rímthe ag gluaiseacht tríd an scéal le luas. Éiríonn le Paddy Donnelly an gluaiseacht céanna a léiriú ina léaráidí - Luaithríona á sracadh sall agus anall ag na deirfiúracha leithliseacha, nó í ag cúbadh ó bhagairt a leasmháthair. Nó í ag teitheadh ón gcóisir ag buille an mheán oíche. Treisíonn focail agus léaráidí a chéile, ar bhealach iontach. 

Bhain mé taitneamh as, agus tá súil agam go mbainfidh mo neachtanna agus nianna freisin! 

Tá an sraith athinsintí seo ó Futa Fata ag dul ó neart go neart! 

Fearghas Mac Lochlainn /Paddy Donnelly 
Futa Fata 
ISBN: 9781910945711

2022-12-06

Míp agus Blípín


Cheannaigh mé an dara leabhar seo de chuid Máire Zepf faoin leithscéal gur bronntanas Nollag é do nia nó neacht. Ach tá an nia is óige a hocht anois agus níl fhios agam an bhfuil an deis caillte!

Mura bhfuil dul amú iomlán orm, is Opportunity a spreag Máire le scríobh faoi Míp. Agus is an ingearán Ingenuity a spreag Blípín. (Déanfaidh mé mo ghnáth clamhsán anseo - ní thráchtann an leabhar ach ar eolaithe ach is innealtóirí a rinne an obair chun árthaigh a seoladh go Mars.)

Mar a bhí i gceist le Míp, insíonn pictiúir Paddy Donnelly scéal níos iomláine ná na focail, go háirithe mar gheall ar na heachtráin! (Ní dóigh liom go bhfuil a leithéid de neacha ar Mars, ach dá mbeadh, agus mura mbeadh fonn orthu go bhfeicfí iad....) 

Tá an scéal go deas bríomhar, agus seolann an léitheoir óg i dtreo na fíricí a bhaineann le taiscéalaíocht ar Mhars. Agus tá ceacht tábhachtach ann faoi idirspleáchas, cairdeas agus féin mhuinín.

Scéal deas gleoite ar féidir go leor a bhaint as.

Ana shaothar arís ó Futa Fata, Máire agus Paddy. 

Máire Zepf & Paddy Donnelly
Futa Fata 
ISBN: 9781910945995