Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-12-01

Verfassungspatriotismus

Tá neart caint ar na saolta seo ar athaontú an dá dlínse ar an oileán seo i Stáit amháin. Dhá ghrúpa, ar an mórgóir, a bhí in iomaíocht le chéile tráth na críochdheighilte. Tá an scéal imithe i gcastacht ó shin. Fágann céad bliain de thaithí éagsúil, cuid mhór de faoi chois ar bholg Stáit forlámhach Aontachtaithe, go bhfuil dearcadh agus meon an-éagsúil ag náisiúntóirí ó thuaidh.

Ní raibh sé riamh cuí braith, mar a rinneadh ó dheas, ar an gCaitliceachas Éireannach (nach ionann go baileach agus an Chaitliceachas Rómhánach!) mar bhonn don náisiún. De dheasca sotal a thug deis do lucht an oilc, agus de dheasca easpa soiscéalú tá an Eaglais i ndrochriocht. (Mar creidmheach tá dóchas agam go mbeidh athnuachan, ach mar chreidmheach freisin aithním gur aimhleas Stáit agus eaglais araon caidreamh ró dhlúth eatarthu).

Rinneadh faillí sa chultúr - teanga agus litríocht - a d'fhéadfadh a bheith ina chloch bonn do náisiún ina mbeadh áit ann don Protastúnach, Chaitliceach agus easaontóir.

Tá athrú mór tagtha ar chúrsaí le céad bliain anuas, agus ní trí dream atá abhus - Aontachtaithe, náisiúnaigh ó dheas, náisiúnaigh ó thuaidh. Tá athrú meoin agus iolrachas smaointe ina measc siúd a bhfuil a sinsir anseo leis na glúinte.

Agus tá fás follasach ar an inimirce. Feicim daltaí in éide scoile agus gach lí faoin spéir ar a gcraiceann. Caille na Moslamach. Comharthaí sóirt an iliomad cultúr. Chonaic baicle bé óg le déanaí i lár na cathrach, ag dul ag rince. Spleodar na hAfraice ina siúil damhsúil grástúil. (Scríobh Róisín Sheehy, mura bhfuil dul amú orm, dán faoi saoirse muiníneach an siúl céanna). 

Ach is é a chloisim á labhairt acu ná Béarla (faraor) na hÉireann. Éireannaigh iad, saoránaigh de chuid an Stáit seo. 

Caithfidh an stroighin lena ceanglaítear brící aon dlínse nua ar an oileán seo na saoránaigh uile seo, lena mianta agus a dtíolachtaí, a nascadh. 

San áit a bhfuil an Ghaeilge agus an chultúr láidir, tá sí tarraingteach do Éireannaigh nua. Creidim gurb é an ghníomh fónta mar sin ná an Ghaeltacht idir tíreolaíoch agus ideolaíoch - nó pé lipéad is fearr a oireann do phobail na Gaeilge lasmuigh den nGaeltacht oifigiúil a threisiú. Tá Deividas Uosis (sular mheall an Astráil) agus Franz Sauerland agus Andreas Palandri cloiste agam, ag caint go líofa as Gaeilge, compordach go maith in Iarthar Dhuibhneach. Tá neart daoine atá gníomhach i saol na Gaeilge lasmuigh den nGaeltacht oifigiúil a shealbhaigh í san nGaelscoil nó lasmuigh di. Is saibhride muid leithéid Úna-Minh Caomhánach (maith go leor, leathchos sa Ghaeltacht aici sin freisin) nó Ola Majekodunmi bheith inár measc. Nó leithéid Michal Měchura, a shealbhaigh an Ghaeilge mar dhuine fásta agus a chur á shaineolas ríomhaireachta chun fónamh don iliomad togra. Tá daoine thar lear freisin arbh fhiú iad a lua - Kevin Scannell, gan amhras. Agus níl ansin ach na daoine a bhfuil aithne nó eolas éigin agam orthu. Léiríonn siad agus daoine nach iad go bhfuil cultúr Gaelach fáilteach muiníneach tarraingteach. 

Creidim, ní hamháin go bhfuil áit don nGaeilge i mBunreacht nua, ach go bhfuil an Ghaeilge, an ceol agus an spóirt riachtanach. Ní éilíonn siad creideamh ar leith ná idé-eolaíocht ar leith chun pléisiúr agus tairbhe a bhaint astu. Is oidhreacht gach duine ar an oileán iad, cuma an míle, sé chéad, trí chéad, tríocha nó trí bliana ó shin a leag a sinsir nó iad féin cos uirthi. 

Creidim go bhfuil Bunreacht de dhíth orainn ina bhfuil teacht ag gach saoránach gan dua ar oidhreacht cultúrtha an oileáin tríd an chóras oideachais agus tríd cumainn. Creidim go bhfuil gá le dílárú radacach cumhachta - go mbeadh prionsabal na coimhdeachta i dtreis, eadhon go réiteofaí gach cheist chomh gar do na daoine atá ceangailte ann. Go mbeadh aitheantas, tacaíocht agus cosaint ag cearta an duine aonair, an teaghlaigh, an pobal bheag - agus modhanna chun fadhbanna a thiteann amach i ngach áit a réiteach go cóir. Saoirse an duine aonair maireachtáil ar a rogha dhóigh - ach gan cuir as do dhaoine eile. Tá sé sin deacair uaireanta! 

Ba mhaith liom go dtabharfaí droim láimhe don dlí coiteann agus córas cúirteanna a bhraitheann ar sáraíocht idir abhcóidí chun teacht ar an cóir. 

Measaim go bhfuil go leor le foghlaim ó thraidisiún dlí na Mór Roinne, ina bhfuil an breitheamh ina fhiosraitheoir seachas ina mholtóir. 

Ní saineolaí mé, ach sé mo thuiscint go raibh gnéithe de sin ag baint le dlíthe na mbreithiúna abhus fadó. Ach ar aon nós is i ngan fhios don dlí is fearr a bheith beo, agus ní gá gur faoin gcúirt a fhágfaí rudaí ach córas solúbtha tuisceanach riaracháin a bheith i gceist, agus cinntí á dhéanamh acu siúd ar gá dóibh maireachtáil leis na hiarmhairtí. 

Agus na saoránaigh a bheith dílis don mBunreacht, ag tógáil agus ag forbairt sochaí le chéile. Bunreachtghrá in áit mórtas treibhe, a níonn iarracht treibh an duine féin a chur os cionn gach dream eile, seachas dáileadh cothrom agus comhoibríoch acmhainní.